Committee Reports::Report No. 07 - European Parliament Direct Elections::04 June, 1975::Appendix

AGUISÍN

Is iad seo a leanas príomh-fhorálacha an Dréacht-Choinbhinsiúin—


(i) Ionadaíocht:


An Bheilg 23; An Danmhairg 27; An Ghearmáin 71; An Fhrainc 65; Éire 13; An Iodáil 66; Lucsamburg 6; An Ísiltír 27; An Ríocht Aontaithe 67; (an t-iomlán 355).


Féadfaidh an Pharlaimint, an Coimisiún nó Rialtas Ballstáit athruithe sa chomhaltas sin a thairiscint don Chomhairle. Toghfar ionadaithe ar feadh téarma 5 bliana, vótálfaidh siad arfhoras leithleach pearsanta, gheobhaidh siad an ráthaíocht chéanna maidir le neamhspleáchas, slánaíocht agus díolúine agus a bhíonn ag a leithéidí i bparlaimintí náisiúnta agus féadfaidh siad a bheith ina gcomhaltaí de pharlaimintí náisiúnta.


Tá sé le rá go ndearna Tuarascáil an Choiste Gnóthaí Polaitiúla (Tuarascáil Phatijn—PE 37.881/1) moladh go ndéanfaí na suíocháin a dháileadh mar a leanas:


Stáit le daonra faoi bhun milliún a bheith cáilithe le haghaidh sé shuíochán; os cionn milliún ach faoi bhun 2.5 milliún, 12 suíochán; suas go daonra 5 mhilliún, suíochán sa bhreis in aghaidh gach 500 míle daonra sa bhreis; idir 5 milliún agus 10 milliún, suíochán sa bhreis in aghaidh gach 750 míle daonra sa bhreis; idir 10 milliún agus 50 milliún, suíochán sa bhreis in aghaidh gach milliún daonra sa bhreis; agus i gcás daonra os cionn 50 milliún, suíochán sa bhreis in aghaidh gach 1.5 milliún daonra sa bhreis.


Is mar seo a leanas atá an líon suíochán i gcomhréir leis an daonra—


Lucsamburg

1

comhalta

in

aghaidh

gach

60,000

Éire

1

230,000

An Danmhairg

1

290,000

An Bheilg

1

420,000

An Ísiltír

1

490,000

An Fhrainc

1

800,000

An Iodáil

1

820,000

An Ríocht Aontaithe

1

830,000

An Ghearmáin

1

870,000

(ii) Iarrthóireacht


Ní shonraíonn an dréacht-choinbhinsiún aon cheanglas dearfach maidir le hiarrthóireacht ach deir sé go bhfeidhmeofar forálacha gach Ballstáit maidir le neamh-chomhoiriúnacht i ndáil le mandáid pharlaiminte náisiúnta. Forálann sé, áfach, nach mbeidh siad seo a leanas i dteideal comhaltais:


Airí Rialtais Náisiúnta,


Breithiúna, abhcóidí ginearálta nó cláraitheoir sa Chúirt Bhreithiúnais,


Comhaltaí an Choimisiúin, an Chúirt Iniúchóirí, Coiste Comhairleach an CEGC; an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialach, Euratom, agus Coistí comhlachtaí eile a bunaíodh de bhun na gConarthaí, Comhaltaí de Bhord Stiúrthóirí, de Choiste Bainistíochta nó d’fhoireann an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, agus Oifigigh agus Seirbhísigh na gComhphobal.


(iii) Córas Toghcháin


Tarraingeoidh Parlaimint na hEorpa córas toghcháin comhionann suas faoi 1980; idir an dá linn cinnfidh gach Ballstát ar a chóras toghcháin féin.


Go dtí go mbeidh córas toghcháin comhionann i bhfeidhm déanfaidh Parlaimint na hEorpa fíorú ar chreidiúnais ionadaithe agus rialóidh sí ar aon díospóidí maidir leis sin agus déanfaidh Ballstáit nósanna imeachta iomchuí a leagan síos le haghaidh corrfholúntais a líonadh.


(iv) Na Chéad Toghcháin


Cuirfear an chéad toghchán ar siúl tráth nach déanaí ná an chéad Domhnach i mBealtaine 1978. Fanfaidh an Pharlaimint a bheidh ag dul amach in oifig go dtí an chéad shuí den Pharlaimint nua.


(v) Daingniú an Choinbhinsiúin


Ní foláir do gach Ballstát téarmaí an Choinbhinsiúin féin a dhaingniú de réir a rialacha bunreachtúla féin faoi seach.