Committee Reports::Report No. 02 - Regulations 1973 (S.I. No 163 of 1973)::01 May, 1974::Report

TUARASCÁIL

1. Scrúdaigh an Comhchoiste Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí), 1973 (I.R. Uimh. 163 de 1973) agus is mian leis tuarascáil orthu mar a leanas a thabhairt do dhá Theach an Oireachtais.


2. Rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála na Rialacháin sin i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus airbheartaíonn siad éifeacht a thabhairt do Threoir an 9 Márta, 1968, ó Chomhairle na gComhphobal Eorpach (68/151/CEE).


Is iad príomhfhorálacha na Rialachán sin:—


(a)go bhfuil siad le forléiriú i dteannta Acht na gCuideachtaí, 1963 (Uimh. 33 de 1963) (Rialachán 2);


(b)go bhfuil feidhm le bheith acu ar chuideachtaí cláraithe le dliteanas teoranta agus ar chuideachtaí neamhchláraithe áirithe le dliteanas teoranta (Rialachán 3);


(c)go ndéanfaidh na cuideachtaí sin socrú chun fógra oifigiúil a thabhairt i dtaobh doiciméad agus sonraí áirithe a cláraíodh, trína bhfoilsiú san Iris Oifigiúil (Rialachán 4), agus chun faisnéis bhreise a fhoilsiú ar na litreacha gnó ó chuideachta agus ar a foirmeacha i gcomhair orduithe (Rialachán 9);


(d)go bhforchuirtear pionóis mar gheall ar neamhchomhlíonadh forálacha Rialacháin 4 agus 9 (Rialachán 12);


(e)go modhnaíonn siad an riail ultra vires maidir leis an mbord stiúrthóirí nó le haon duine a n-údaraítear dó ceangal a chur ar an gcuideachta (Rialachán 6);


(f)go gcuirtear forálacha áirithe d’Acht na gCuideachtaí, 1963, chun feidhme ar chuideachtaí neamhchláraithe (Rialachán 8).


3. Is mian leis an gComhchoiste cúig ghné áirithe de na Rialacháin sin a thabhairt faoi thrácht, eadhon:—


(i) Rialacháin 4 agus 10 a chur i ngníomh,


(ii) feidhm Rialachán 5,


(iii) modhnú na rialach ultra vires,


(iv) oibriú an chlásail phionósaigh, agus


(v) Treoir CEE 68/151/ a chorprú sna Rialacháin.


(i) Rialacháin 4 agus 10 a chur i ngníomh


Foráiltear le Rialachán 4 go bhfoilseoidh cuideachta san Iris Oifigiúil fógra gur seachadadh do Chláraitheoir na gCuideachtaí, nó gur eisigh sé, doiciméid agus sonraí áirithe. Tuigtear don Chomhchoiste, áfach, go ndéanann Cláraitheoir na gCuideachtaí socrú chun na nithe sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil ach nach nglacann sé freagracht ar bith i leith easnamh ná earráidí san fhoilsiú. Cuireadh i láthair an Chomhchoiste go bhfágann an socrú sin go dtéann sé an-dian ar chuideachtaí a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh, mar nach mbíonn a fhios acu cad é an eisiúint den Iris Oifigiúil a bhfoilsítear a ndoiciméid agus a sonraí féin inti agus go mbíonn sé beagnach dodhéanta acu teacht orthu. Dá bhrí sin is é tuairim an Chomhchoiste, go háirithe ag féachaint d’fhorálacha Rialachán 10, gur ar an gcuideachta féin amháin, nó ar Chláraitheoir na gCuideachtaí amháin, is ceart freagracht a bheith i leith an fhoilsithe agus i leith a chruinnis. Má chuirtear an dualgas sin ar Chláraitheoir na gCuideachtaí, is dóigh leis an gComhchoiste gur cheart dó, chomh maith, a chur in iúl do gach cuideachta, a luaithe is féidir, cad é an eisiúint den Iris Oifigiúil a bhfuil a cuid doiciméad agus sonraí inti agus gur chóir san am céanna é a shlánú in aghaidh aon dliteanais dhlíthiúil san ábhar.


Tugann Rialachán 10 gearrchuntas ar na himthosca nach bhféadfaidh cuideachta seasamh ar dhoiciméid agus sonraí áirithe in aghaidh aon duine eile. Is é tuairim an Chomhchoiste nach bhfuil forálacha an Rialacháin sách soiléir ag féachaint do theoiric an fhógra inchiallaithe agus do dhlí ginearálta na gníomhaireachta.


(ii) Feidhm Rialachán 5


Faoin rialachán seo má dhéantar aon athrú ar mheabhrán nó airteagail chomhlachais chuideachta agus gurb athrú é is gá don chuideachta a fhoilsiú faoi Rialachán 4, caithfidh an chuideachta cóip de théacs an mheabhráin agus na n-airteagal arna n-athrú amhlaidh a sheachadadh do Chláraitheoir na gCuideachtaí, chomh maith leis an athrú féin. Cuireadh i láthair an Chomhchoiste go bhfuil comhlíonadh an Rialacháin sin ag déanamh mórán míchóngair do chuideachtaí ós gá chuige sin meabhrán agus airteagail chomhlachais athchóirithe a sholáthar gach uair a dhéantar fiú an t-athrú is lú. Is é tuairim an Chomhchoiste, mura bhfuil a dhearcadh bunoscionn le hAirteagal 2 de Threoir 68/151, nach ceart go mbeadh sé riachtanach Rialachán 5 a chomhlíonadh go hiomlán ach amháin nuair a bheadh cúrsaí tábhachtacha i gceist, agus gur chóir gur leor i gcásanna eile sonraí aon athraithe eile a thabhairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí.


(iii) Modhnú na rialach ultra vires


Sula ndearnadh Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí), 1973, bhí an dlí maidir leis an riail ultra vires le fáil in alt 8 d’Acht na gCuideachtaí, 1963, mar a leanas:—


8.—(1) Aon gníomh nó ní a dhéanfaidh cuideachta agus a bheadh déanta go dleathach agus go héifeachtach dá mbeadh cumhacht ag an gcuideachta é a dhéanamh, beidh sé, d’ainneoin nach raibh aon chumhacht ag an gcuideachta an gníomh nó an ní sin a dhéanamh, éifeachtach i bhfabhar aon duine a raibh a sheasamh ar an ngníomh nó an ní sin agus nach suífear go raibh a fhios aige iarbhír, an tráth a bhí sé ag seasamh air amhlaidh, nach raibh an gníomh nó an ní sin faoi réim cumhachtaí na cuideachta, ach aon stiúrthóir nó oifigeach de chuid na cuideachta a bhí freagrach sa chuideachta do dhéanamh an ghníomh nó an ní sin, beidh sé faoi dhliteanas ag an gcuideachta i leith aon chaillteanais nó damáiste a bhain don chuideachta dá dheasca.


(2) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon chomhalta nó bintiúrach de chuid cuideachta, an chuideachta sin a shrianadh ó aon ghníomh nó ní a dhéanamh nach bhfuil cumhacht ag an gcuideachta é a dhéanamh.”


Is léir nach mbaineann an modhnú sin ach le cuspóiri cuideachta.


D’fhéadfaí an riail sin a leasú ar aon dóigh acu seo a leanas:—


(1)trí alt 8 a leasú—


(a)le hAcht chun Acht na gCuideachtaí, 1963, a leasú, nó


(b)le rialachán faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, nó


(2)trí rialachán a dhéanamh, mar atá déanta i Rialachán 6, a bheadh le forléiriú i dteannta alt 8 d’Acht na gCuideachtaí, 1963.


Léann Rialachán 6 mar a leanas:—


“Orgáin a n-údaraítear dóibh ceangal a chur ar chuideachta


6. (1) I bhfabhar duine a bheidh ag déileáil le cuideachta de mheon macánta, aon idirbheart ina rachaidh aon orgán de chuid na cuideachta, arb é a bord stiúrthóirí é nó aon duine arna chlárú faoi na rialacháin seo mar dhuine le húdarás chun ceangal a chur ar an gcuideachta, measfar gurb idirbheart é atá i gcumas na cuideachta, agus ní fhéadfar seasamh ar aon teorannú ar chumhachtaí an bhoird nó an duine sin, cibé acu leis an meabhrán nó na hairteagail chomhlachais nó ar dhóigh eile a forchuireadh é, in aghaidh aon duine a bheidh ag déileáil amhlaidh leis an gcuideachta.


(2) Toimhdeofar gur ghníomhaigh aon duine den sórt sin de mheon macánta mura gcruthaítear a mhalairt.


(3) Chun críche an Rialacháin seo, clárófar duine a n-údar-aítear dó ceangal a chur ar an gcuideachta trí fhógra ina dtabharfar ainm agus tuairisc an duine a bheidh i gceist a sheachadadh do chláraitheoir na gCuideachtaí.”


Is léir gur le cumhachtaí na n-orgán de chuid cuideachta a bhaineann an modhnú a dhéantar leis an Rialachán sin.


Is é tuairim an Chomhchoiste go raibh sé ceart, ionas go seachnófaí amhras, alt 8 féin d’Acht 1963 a leasú le foráil le haghaidh an mhodhnaithe a dhéantar i Rialachán 6 óir dhealródh sé go dtiocfadh na hiarmhairtí seo a leanas den dá fhoráil a bheith taobh le taobh:—


(a)cosnaítear tríú páirtithe faoi alt 8 mura féidir a shuíomh go raibh fios acu iarbhír, ach faoi Rialachán 6 dhealródh sé nach mbeidís faoi chosaint ach amháin sa chás nach suífí gur ghníomhaigh siad gan meon macánta;


(b)coimeádann alt 8 go sainráite dliteanas aon stiúrthóra atá freagrach in aon ghníomh nó ní a dhéanamh nach bhfuil faoi réim cumhachtaí na cuideachta agus caomhnaíonn sé freisin ceart aon chomhalta nó aon bhintiúraigh de chuid cuideachta a bheidh ag iarraidh urghaire, ach ní dhéanann Rialachán 6 amhlaidh go sainráite, agus


(c)I Rialachán 6 is é sainmhíniú a thugtar ar “orgán” ná bord stiúrthóirí na cuideachta nó aon duine arna chlárú faoi na Rialacháin mar dhuine le húdarás chun ceangal a chur ar an gcuideachta. Ní dhéantar tagairt ar bith do dhuine amháin de chomhaltaí bord stiúrthóirí ná níl sé soiléir go bhfuil sé ceaptha don sainmhíniú bheith uileghabhálach agus le cur in ionad an dlí mar atá sé faoi láthair, eadhon, gurb orgán atá freagrach ina gníomhartha na daoine a chuireann aigne agus toil na cuideachta in iúl.


Is é tuairim an Chomhchoiste go bhfuil dliteanais chuideachta i leith gníomhartha a cuid oifigeach ina ceist chomh fairsing chomh tábhachtach sin go bhféadfadh iarsmaí tromchúiseacha a bheith ag gabháil le haon easpa soiléireachta ar phointe ar bith. Is é a thuairim dá bhrí sin gur cheart a bharúlacha ar Rialachán 6 a scrúdú agus más rud é, dá thoradh sin, go measfar gur gá an dlí a leasú gur cheart é sin a dhéanamh trí leasú ar alt 8 féin, agus gurbh fhearr é a dhéanamh trí reachtaíocht phríomhúil ná trí reachtaíocht thánaisteach ionas go bhféadfaí an dlí atá beartaithe a bhreithniú agus é a phlé go hiomlán.


(iv) Oibriú an chlásail phionósaigh


Rinneadh na Rialacháin ar an 20 Meitheamh, 1973, agus bhí sé ráite iontu go dtiocfaidís in éifeacht deich lá níos déanaí, i.e. ar an 1 Iúil. Foráiltear mar a leanas le Rialachán 9:—


“9. (1) Beidh na sonraí seo a leanas ag gach cuideachta ar a litreacha agus ar a foirmeacha i gcomhair orduithe —


(a)áit chláraithe na cuideachta agus an uimhir faoinar cláraíodh í;


(b)seoladh na hoifige cláraithe;


(c)i gcás cuideachta atá díolmhaithe ón oibleagáid chun an focal “limited” nó “teoranta” a úsáid mar chuid dá hainm, faisnéis gur cuideachta theoranta í;


(d)i gcás cuideachta atá á foirceannadh, faisnéis gur mar sin atá.


(2) Má bhíonn tagairt do scairchaipiteál na cuideachta ar aon litreacha nó ar aon fhoirmeacha i gcomhair orduithe, is tagairt don scairchaipiteal íoctha a bheidh ann.”


Foráiltear le Rialachán 12 go ndlífear i gcás ina mainneofar Rialachán 9 a chomhlíonadh fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.


Is léir nár tugadh do chuideachtaí ach 10 lá chun Rialachán 9 a chomhlíonadh ionas go seachnóidís an pionós a fhorchuirtear le Rialachán 12—rud atá geall le bheith dodhéanta chomh fada is a bhain le socruithe clódóireachta.


Is mian leis an gComhchoiste aird a tharraingt ar an difríocht atá ann idir pionóis a fhorchuirtear faoi reachtaíocht phríomhúil agus faoi reachtaíocht thánaisteach. Sa chéad chás corpraítear iad i dtograí reachtaíochta i bhfoirm Bille, ar féidir cóipeanna de a fháil go réidh agus a phléitear go mion ag gabháil tríd an dá Theach dó sula n-achtaítear ina dhlí é.


Ar an gcuma sin faigheann comhlachtaí agus daoine lena mbaineann an scéal rabhadh roimh ré i dtaobh forálacha pionósacha le teacht, agus uime sin féadfaidh siad socrú oiriúnach a dhéanamh roimh ré chun an dlí nua atá beartaithe a chomhlíonadh. I gcás na reachtaíochta tánaistí ní fhaightear aon chomhartha rabhaidh mar sin roimh ré, óir is gnách gur trína chraoladh nó trína fhógairt ar na nuachtáin nó san Iris Oifigiúil a chuirtear i bhfios i gcéaduair go bhfuiltear tar éis rialachán, ordú, etc. a dhéanamh.


Tuigeann an Comhchoiste go maith go bhféadfadh ócáidí a bheith ann nuair ba gá, ar mhaithe le leas an phobail, go dtiocfadh forálacha pionósacha i ngníomh láithreach. Is é a dtuairim, áfach, gur cheart i gcásanna dá leithéid seo tréimhse réasúnach aimsire a thabhairt do dhaoine leasmhara chun bheith in ann aon fhoráil nua a chomhlíonadh sula dtarlódh dóibh bheith inchurtha faoi phionóis mar gheall ar a neamhchomhlíonadh. Maidir le forálacha de chineál Rialachán 12, is dóigh leis an gComhchoiste gur cheart nach dtiocfaidís i ngníomh go ceann tréimhse trí mhí ar a laghad tar éis a ndéanta, ag féachaint go cuí dá bhfuil riachtanach, agus gur cheart do Ranna Rialtais gach beart is féidir a ghlacadh chun rialacháin a bhfuil clásail phionósacha iontu a chur in iúl do dhaoine lena mbaineann siad.


(v) Treoir CEE 68/151 a chorprú sna Rialacháin


Tá scrúdú á dhéanamh faoi láthair ag an gComhchoiste ar an gceist ar fad a bhaineann le Treoracha, etc., a chorprú sna hionstraimí Éireannacha lena gcuirtear i ngníomh iad, agus tá súil aige moltaí mionchruinne a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais i dtuarascáil amach anseo. Is é a thuairim, áfach, gur cheart i gcás ionstraimí ar nós na Rialachán seo, a mbíonn iarmhairtí chomh forleathan sin leo, an Treoir nó an t-údarás eile atá á thabhairt i bhfeidhm a chur i gceangal leis an ionstraim i modh Sceidil. Ba chuidiú é sin chun na deacrachtaí a réiteach a bhíonn ag cur as do chomhairleoirí gairmiúla agus do dhaoine eile a bhíonn ag iarraidh a gcearta a aimsiú, ba chabhair é do na Cúirteanna ina léiriú, agus d’éascódh sé an bealach chun coincheapanna dlíthiúla Eorpacha a thabhairt isteach inár ndlí-chóras féin.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


1 Bealtaine, 1974.