Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments::29 March, 1973::Report

TUARASCÁIL

1. Cé nár ghnás ag Roghchoistí roimhe seo reachtanna ollscoile a scrúdú, chinn an Roghchoiste seo, sa Mhárta, 1972, gur cheart, mar gheall ar ghnás an Roghchoiste scrúdú a dhéanamh ar ionstraimí a rinneadh de bhun ceanglais Reachtúil ag comhlachtaí a fhaigheann airgead as cistí poiblí, a iarraidh ar Ollscoil na hÉireann agus ar a Comh-Choláistí cóipeanna de na reachtanna go léir a rinneadh in imeacht na tréimhse ó dháta an Choiste a cheapadh, is é sin, 10 Nollaig, 1969, a chur chun an Choiste lena scrúdú. Fuair agus scrúdaigh an Coiste tríocha reacht agus chinn sé a thuairimí a thuairisciú don Seanad sa Tuarascáil seo agus ní bhaineann an Tuarascáil seo ach leis na reachtanna sin.


2. Le linn an scrúdaithe sin aige, rinne an Roghchoiste comhfhreagras le hOllscoil na hÉireann, lena Comh-Choláistí, le Roinn an Taoisigh agus leis an Roinn Oideachais i ndáil le gnéithe éagsúla de na reachtanna. Tá an comhfhreagras sin le léamh i bhFoscríbhinní I go IV. Tabharfar faoi deara an mhoill ró-mhór a chuirtí ar an gCoiste ag fanacht le heolas a fháil ó na Ranna Rialtais a raibh baint acu leis an ábhar. Chun críche na Tuarascála seo, déileálfaidh an Coiste ar dtús le ceisteanna feidhme ginearálta agus ansin le hábhair a bhaineann le gnéithe áirithe de na reachtanna a measann an Coiste gur ceart aird an tSeanaid a tharraingt orthu.


3. San Irish Universities Act, 1908, atá an t-údarás chun na reachtanna a dhéanamh; agus is mar a leanas do na hailt den Acht sin a bhaineann le reachtanna:


Alt 4:

Údaraíonn an t-alt sin do chomhlacht rialaithe Ollscoil na hÉireann agus dá Comh-Choláistí reachtanna a dhéanamh.


Is mar a leanas atá fo-alt (3) d’alt 4:


“Statutes made under this section may regulate any matter relating to the government of the university or college (including the appointment and remuneration of officers) or otherwise concerning the university or college so far as that matter is not regulated under this Act or by the charter of the university or college.”


Alt 5:

Is mar a leanas atá fo-alt (1):


“When any statute has been made under this Act, a notice of its having been made and of the place where copies can be obtained shall be published in Iris Oifigiúil, and the statute shall be laid as soon as may be before both Houses of the Oireachtas.”


Tá foráil i bhfo-alt (2), arna oiriúnú, go bhféadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas iomlán aon reachta, nó aon chuid d’aon reacht, a leagadh os a chomhair a cheadú nó a dhícheadú laistigh de thréimhse shonraithe.


Is mar a leanas atá fo-ailt (3), (4) agus (5):


“(3)The governing body of a university or constituent college to which the statute relates, or any other person, corporation, or body directly affected by the statute may, within three months from the notification thereof in the Dublin Gazette, petitition the Lord Lieutenant in Council to disallow the whole or any part thereof.


(4)The Lord Lieutenant in Council may refer any such petition to the Irish Universities Committee, with a direction that the Committee hear the petitioner personally or by counsel, and report specially to the Lord Lieutenant in Council on the matter of the petition.


(5)If the committee report in favour of the disallowance of the statute or any part thereof, the Lord Lieutenant may, by Order in Council, disallow the whole or part thereof accordingly, but any such disallowance shall be without prejudice to the making of a new statute.”


Alt 18:

Is mar seo a leanas atá an t-alt sin:


“(1)There shall be a committee of the Privy Council in Ireland styled the Irish Universities Committee. The committee shall consist of such number of members of the Privy Council in Ireland, not being less than five, as the Lord Lieutenant may think fit to appoint, two at least being persons who are or have been judges of the supreme court.


(2)The powers and duties of the Irish Universities Committee may be exercised and discharged by any three or more members of the committee, so long as one of those members is a person who is or has been a judge of the supreme court, and, in the case of appeals under section seventeen of this Act, then so long as two of those members are persons who are or have been judges of the supreme court.


(3)The costs of all parties of and incident to the hearing of any petition or appeal under this Act which is heard by the Irish Universities Committee shall be in the discretion of the committee.


(4)The Lord Lieutenant in Council may make rules generally for regulating the procedure of the Irish Universities Committee, and may, by those rules, prescribe the time within which any appeal under this Act, may be made, and the mode in which any costs allowed under this Act may be recovered.”


 

Nóta:

1. Tá fo-ailt (1) agus (2) d’alt 5 mar a oiriúnaíodh iad faoin Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922. Ní feasach an Coiste faoi aon oiriúnú na leasú ar na hailt atá aithriste.

 

 

2. Le forálacha sealadacha a bhain alt 17 d’Acht 1908 dá dtagraítear in alt 18 (2).

Ceart Achainí

4. D’fhiosraigh an Coiste conas a oibrítear anois an nós imeachta dá bhforáiltear le halt 5(4). Cuireadh an cheist chun Roinn an Taoisigh mar gur cosúil gurb í sin an t-údáras atá freagrach san oiriúnú reachtúil riachtanach a dhéanamh faoin Acht Bunreachta (Forálacha Iarmartacha), 1937 (ó 1922 go 1937 ba feidhm é sin de chuid Uachtarán na hArd-Chomhairle faoin Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922, Alt 11). Tá i bhfreagra na Roinne sin ar an gCoiste meamram ón Roinn Oideachais atá aithriste i bhFoscríbhinn 1.


Is cúis imní don Choiste a thabhairt faoi deara nach bhfuiltear, iarbhír, ag oibriú nós imeachta na hachainí. Tuigeann sé go raibh cúiseanna ann, sna himthosca ar a dtráchtann an Roinn Oideachais, gur fágadh nós imeachta na hachainí gan cur i bhfeidhm ó 1960. Dá ainneoin sin, is cúis imní don Choiste nár cuireadh aon deis ar fáil in imeacht caoga bliain trí reachtaíocht oiriúnaithe nó leasaithe chun an nós imeachta a fheidhmiú a fhorordaítear le Reacht. Ina theannta sin, tugann sé faoi deara dhá chás, a mb’fhéidir go bhféadfaí a mheas gur ar nós imeachta Reachtúil na hachainí a dhéileálfaí leo, gur ar bhealach eile a déileáladh leo iarbhír.


Moill ag leagan ionstraimí os comhair an Oireachtais

5. Sannann Rún tagartha an Choiste de dhualgas dó a chinneadh ar cheart aird speisialta Sheanad Éireann a tharraingt ar ionstraim mar gheall ar mhoill neamhchóir baint lena leagan os comhair Sheanad Éireann. Rialaíonn alt 5(1), arna oiriúnú, d’Acht 1908, reachtanna ollscoile a leagan os comhair Tithe an Oireachtais, agus is mar seo a leanas atá sé:


“When any statute has been made under this Act, a notice of its having been made and the place where copies can be obtained shall be published in Iris Oifigiúil and the statute shall be laid as soon as may be before both Houses of the Oireachtas.”


Ag cinneadh dó ar bhain aon mhoill neamhchóir le hionstraim a leagan, tá aird ag an gCoiste ar fhoráil atá in Alt 3(1) den Acht Ionstraimí Reachtúla, 1947, óna dtuigtear gur féidir ionstraim a leagan taobh istigh de sheacht lá ar a fhad. Tá glactha ag an gCoiste, mar a rinne Roghchoistí roimhe, leis an tréimhse sin mar chaighdeán agus chinn sé dá réir sin a iarraidh ar an Roinn Oideachais agus ar na hOllscoileanna míniú a thabhairt faoin moill a bhain le roinnt áirithe reachtanna a leagan os comhair an tSeanaid. Tá comhfhreagras faoin ábhar sin i bhFoscríbhinn II.


Is mian leis an Roghchoiste a chur in iúl go soiléir nach raibh aon eolas aige nuair a chinn sé trácht ar an moill a bhain le hionstraimí a leagan go raibh díospóid ar siúl san am idir an Roinn Oideachais agus na hollscoileanna faoin ábhar. Is é príomh-chuspóir an Choiste dlús a chur go gcomhlíonfar na ceanglais Reachtúla a bhaineann leis na reachtanna a leagan os comhair an tSeanaid.


Is cosúil gurb é is cúis leis an moill an gnás atá ann, gnás nach dealraitheach aon údarás Reachtúil a bheith leis, reachtanna a chur faoi bhraid á na Roinne Oideachais nuair a dhéantar iad. Is léir gur ceart go mbeadh rialú Roinne ann mar gheall ar na suimeanna an-mhóra airgid vótáilte a bhíonn i gceist, ach is ionann agus Alt 5(1) d’Acht 1908 a mhí-úsáid an tslí a ndéantar an gnó sin. Measann an Coiste go mb’fhearr, nó go ndéantar reachtaíocht nua, comhaontú ar dhréachtreachtanna leis an Roinn le go bhféadfaí na reachtanna a leagan i dtráth nuair a bheidís déanta.


Measann an Coiste gur ceart reachtaíocht leasaitheach a dhéanamh a luaithe is féidir mar gheall ar na neamhréireachtaí a nochtaíodh i ndáil le hachainíocha agus leagan.


6. Ar fhoras (ii) dá Rún Tagartha, viz., “go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid éigin nach gnách nó nach raibh coinne léi á dhéanamh aici de na cumhachtaí a thug an reacht faoina ndearnadh í”, tá aird speisialta Sheanad Éireann á tharraingt ar Reacht LXXI de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Déanann an Reacht sin foráil chun liúntas inphinsin a dhéanamh don liúntas neamhinphinsin ab iníoctha roimhe sin le hUachtarán an Choláiste i leith costas a oifige agus rinneadh uiríolla chuig an Rúnaí agus an Sparánaí i dtaobh déileáil le liúntas neamhinphinsin mar liúntas inphinsin. Mar atá le léamh sa chomhfhreagras idir an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus an Roinn Oideachais (Foscríbhinn III) bhí an t-ábhar sin faoi dhíospóid ach sa deireadh d’aontaigh an Roinn Oideachais leis agus tuigeann an Coiste faoin ábhar go ndéanfar reacht leasaitheach.


7. Ar fhoras (iii) viz., go n-airbheartaíonn sí éifeacht chúlghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an Reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin a fhoráil”, tá aird speisialta an tSeanaid á tharraingt ar an ngné iarghabhálach atá i gcuid mhaith de na reachtanna. Feicthear don Choiste gurb é is cúis go hiondúil leis an iarghabháil a bheith riachtanach an gnás dá dtagraítear i mír (5) a bheith ann reachtanna a dhéanamh sula bhfaightear comhaontú Roinne leo. Dá nglactaí leis an nós imeachta a mholtar sa mhír sin ba lúide go mór an riachtanas a bheadh le hiarghabháil.


8. Ar fhoras (v) viz., “go mba cheart, ar aon fháth speisialta, a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú,” is mian leis an gCoiste go datbharfaí faoi deara nach bhfuil foirm na reachtanna atá déanta ag Ollscoil na hÉireann agus a Comh-Choláistí déanta de réir an ghnáis atá fásta i ndáil le formhór na n-ionstraimí reachtúla. Ní mheasann an Coiste, ámh, gur ní an-tábhachtach é sin. Tabharfar faoi deara (Foscríbhinn IV) go bhfuil aontaithe ag na Comh-Choláistí an fhoirm a úsáid a úsáideann Ollscoil na hÉireann i gcás nach ionann a ngnás agus gnás na hOllscoile agus go bhfuil aontaithe ag an Ollscoil agus ag na Coláistí meabhráin mhínithe a thabhairt nuair is gá sin.


(Sínithe) W. A. W. SHELDON,


Cathaoirleach.


29 Márta, 1973.