|
TUARASCÁIL1. Ón uair a ceapadh an Comhchoiste tá sé tar éis dul i mbun athbhreithniú ar théagar ginearálta na reachtaíochta tánaistí a thagann faoi réim a Orduithe Tagartha. Le linn don athbhreithniú sin a bheith ar súil, is mian leis an gComhchoiste, ós é a thuairim go mbaineann tábhacht bhunúsach leo i gcás na hÉireann agus gur ceart iad a thabhairt chun suntais láithreach don dá Theach, tuarascáil speisialta a thabhairt ag an bpointe seo orthu seo a leanas— (a)Togra do Rialachán ón gComhairle ag bunú Ciste Forbraíochta Réigiún. COM (73) 1170—25.7.73 (b)Dréacht-chinneadh ag an gComhairle i dtaobh Coiste do Bheartas Réigiúnach a thionscnamh. COM (73) 1171—25.7.73 (c)Rialachán Airgeadais atá beartaithe le haghaidh forálacha speisialta ab infheidhme ar an gCiste Forbraíochta Réigiún Eorpach. COM (73) 1218—25.7.73 2. TÁ AN COMHCHOISTE, AG FÉACHAINT don dearbhú i mBrollach Chonradh na Róimhe gurb é miangas na bpobal Eorpach “aontacht a ngeilleagar a neartú agus a bhforbairt chomhchuí a áirithiú trí laghdú a thabhairt ar na difríochtaí idir na réigiúin éagsúla agus ar mhallréim na réigiún nach bhfuil bail ar fónamh orthi,” agus do théarmaí Airteagal 2 den Chonradh féin; AG FÉACHAINT don dearbhú sa tuairisc dheiridh ó Chomhdháil na gCeann Stáit nó Rialtais a tionóladh i bPáras ón 19 go dtí an 21 Deireadh Fómhair, 1972, mar a leanas: “Comhaontaíonn na Cinn Stáit nó Rialtais gur chóir ardchéim tosaíochta a thabhairt don aidhm chun ceartú a dhéanamh, sa Chomhphobal, ar na héagothromachtaí struchtúrtha agus réigiúnacha a d’fhéadfadh cur as do shaothrú an Aontais Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Iarann na Cinn Stáit nó Rialtais ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú gan mhoill a ndéanfar scrúdú inti ar na fadhbanna réigiúnacha a tharlaíonn sa Chomhphobal méadaithe agus tograí iomchuí a mholadh. Uaidh seo amach, gabhann siad orthu féin a mbeartais réigiúnacha a chomhordú. Ós áil leo an iarracht sin a stiúradh ar bhealach go n-aimseofaí réiteach ar fhadhbanna réigiúnacha sa Chomhphobal, iarrann siad ar Institiúidí an Chomhphobail Ciste Forbraíochta Réigiún a thionscnamh. Cuirfear é sin ar bun roimh an 31 Nollaig, 1973 agus soláthrófar airgead dó, ó thosach an dara gné den Aontas Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, as acmhainní an Chomhphobail féin. De bharr idirghabháil an Chiste i gcomhordú le cabhracha náisiúnta, ba chóir go bhféadfaí, de réir a chéile, in éineacht le hAontas Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta a thabhairt i gcrích, ceartú a dhéanamh ar na príomh-éagothromachtaí réigiúnacha sa Chomhphobal méadaithe, agus go háirithe ar na cinn a thig de bharraíocht talmhaíochta agus d’athrú tionsclaíoch agus de thearcfhostaíocht struchtúrtha.”; AG FÉACHAINT do na smaointe agus do na tograí ar thug an Coimisiún breacléiriú orthu sa Tuarascáil ar Fhadhbanna Réigiúnacha sa Chomhphobal Méadaithe [COM (73) 550-3.5.73] agus go háirithe don mhéid seo a leanas: “Caithfear an mhórchuid de chaiteachas an Choiste a chuimsiú ar na réigiúin is mó gátar i gcoibhneas leis an gComhphobal ina iomláine. Is é sin le rá nach foláir caighdeáin a bheith ann chun a áirithiú go ndéanfar an acmhainn atá ar fáil don Chiste a úsáid ar dhóigh a bheidh gan spleáchas d’aon slat tomhais ó thaobh juste retour agus a bheidh ag comhtheacht le méad agus le práinn na bhfadhbanna atá os comhair an Chomhphobail. Beidh glacadh an phrionsabail sin ina thástáil mhaith ar dhlúthpháirtíocht an Chomhphobail.” [Mír 29 (viii) de Réamhrá na Tuarascála]; agus AG FÉACHAINT don chéim fhorbraíochta atá anois ar gheilleagar na hÉireann agus a admhaíodh i bPrótacal Uimh. 30 den Chonradh Aontachais sna téarmaí seo a leanas: Tá an hArdpháirtithe Conarthacha, Ós mian leo fadhbanna áirithe a réiteach a bhfuil suim ar leith ag Éirinn iontu, Tar éis comhaontú ar an forálacha seo a leanas: Meabhraíonn siad go n-áirítear ar aidhmeanna bunúsacha Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa dálaí maireachtála agus fostaíochta phobail na mBallstát a shíorfheabhsú, agus forbairt chomhchuí a thabhairt ar a ngeilleagair trí laghdú a thabhairt ar na mbearna idir na limistéir éagsúla agus ar mhallréim na limistéar atá ar chaolchuid deiseanna; Tugann siad dá n-aire go bhfuil Rialtas na hÉireann ag gabháil do bheartas tionsclaíochta agus forbartha eacnamaíochta a chur i ngníomh arb é is sprioc dó an caighdeán maireachtála in Éirinn a chur ar chomhréim le caighdeán na náisiún Eorpach eile, deireadh a chur leis an tearcfhostaíocht agus san am céanna na difríochtaí sa leibhéal forbraíochta ó réigiún go chéile a chur ar ceal; Is léir dóibh gurb é a gcomhleas é aidhmeanna an bheartais sin a ghnóthú; Comhaontaíonn siad ar a mholadh chun na críche sin d’institiúidí an Chomhphobail go bhfeidhmeoidís gach meán agus gach nós imeachta dá bhforáiltear le Conradh CEE, go háirithe úsáid leormhaith a dhéanamh de na hacmhainní de chuid an Chomhphobail atá ceaptha chun aidhmeanna thuasluaite an Chomhphobail a bhaint amach; Is aithnid dóibh go háirithe gur gá, ag cur Airteagail 92 agus 93 de Chonradh CEE chun feidhme dóibh, féachaint le forás a thabhairt faoin ngeilleagar agus feabhas a thabhairt ar chaighdeán maireachtála an phobail.” AR AN TUAIRIM— (i)go bhfuil tograí an Choimisiúin le haghaidh beartais réigiún ar neamhréir leis na treoirphrionsabail a dtugtar breacléiriú orthu anseo thuas agus gurb ionann iad agus athrú ar fad óna raibh glactha go comhchoitianta go dtí anois mar fhealsúnacht bhunúsach an Chomhpobail; (ii)nach dtugtar chun suime sna tograí an t-aistriú mór acmhainní ó réigiúin fhorbartha an Chomhphobail chuig na réigiúin is lú a bhfuil forbairt orthu, rud a bhfuil fíor-riachtanas leis ar mhaithe leis an gcothroime i bhforbairt eacnamaíoch an Chomhphobail ina iomláine; (iii)nach dtugtar sna tograí frámaíocht le haghaidh comhbheartas eacnamaíochta agus airgeadaíochta a thabhairt i gcrích do na Ballstáit um 1980; (iv)ós amhlaidh atá an caiteachas as an gciste le bheith comhlántach go hiomlán ar chaiteachas na mBallstát, go bhfuil neamhaird tugtha sna forálacha ar an mífhreagracht idir na hacmhainní atá ar fáil do na Stáit sin chun déileáil le héagothromachtaí réigiúnacha agus go háirithe na fadhbanna ar leith in Éirinn a dtagraítear dóibh sa phrótacal a bhaineann lena haontachas; (v)go bhfuil na tograí uireasach sa mhéid nach bhfuil aon socrú déanta chun cion den chiste a choinneáil lena riaradh ag an gCoimisiún ar mhodhanna nó tionscadail chun freastal d’fhadhbanna réigiúnacha atá thar a bheith deacair a réiteach nó do scéimeanna trasteorainneacha, mar a beartaíodh sna treoirlínte a thug an Coimisiún an 14/15 Bealtaine, 1973; (vi)gur chóir gan ach réigiúin agus limistéir ina bhfuil an olltáirgeacht inmheánach in aghaidh an duine cuid mhaith faoi bhun mheántoradh an Chomhphobail a bheith cáilithe chun cabhair réigiúnach a fháil agus nach féidir glacadh leis na caighdeáin tomhais ar dá réir atá liosta na réigiún le roghnú, mar atá leagtha amach in Airteagal 3 den Rialachán chun Ciste Forbraíochta Réigiún a bhunú, sa mhéid nár tugadh aird iontu ar an imirce laistigh de theorainneacha na mBallstát agus go bhfuil siad curtha i bhfoirm chomh scaoilte sin go bhféadfadh limistéar ar chóimhéid le leath an Chomhphobail ar fad, agus a chumhdódh trian dá dhaonra, bheith inroghnaithe, agus uime sin coincheap iomlán an chomhbheartais réigiúnaigh a chur ó rath. (vii)na leithreasaí airgeadais a sholáthrófaí i mBuiséad na gComhphobal, de réir Airteagal 2 (1) den Rialachán chun Ciste Forbraíochta Réigiún a bhunú, le haghaidh oibríochtaí an chiste gach bliain, gur chóir go mbeidís leordhóthanach chun freastal do ranníoc an chiste i leith na dtograí cáilithe go léir a thiocfadh ar aghaidh i gcaitheamh na bliana sin; (viii)go bhfuil na rátaí 15% do thionscadail tionsclaíochta agus 30% do thionscadail bonneagair róshriantach ar fad agus nach mbeidh siad oiriúnach do thosca na hEireann; (ix)fiú gan a chur san áireamh ach a bhfuil d’fhadhbanna réigiúnacha in Eirinn amháin, go bhfuil na suimeanna a bheadh le hinscríobh, de réir mar a mholann an Coimisiún, i mBuiséad na gComhphobal do 1974, 1975 agus 1976, chomh huireasach sin gur suarach an éifeacht a bheadh leo ar fhorbairt eacnamaíoch agus sóisialach na mBallstát. (x)in Airteagal 3 de Chinneadh na Comhairle ar Choiste do Bheartas Réigiúnach a thionscnamh gur chóir go mbeadh foráil le haghaidh ionadaíocht do na comhpháirtithe sóisialacha ar an gcoiste sin agus le haghaidh ceangal leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialach agus gur chóir freisin foráil a bheith in Airteagal 5 le haghaidh fianaise a ghlacadh ó eagraíochtaí lucht feirmeoireachta; (xi)de bhrí go gcuireann Conradh na Róimhe d’oibleagáid shollúnta ar an gCoimisiún beartais a chur os ord atá bunaithe go fírinneach ar phrionsabail an Chomhphobail agus leasanna na dtíortha beaga a chosaint, agus de bhrí gur deacra don Choimisiún an oibleagáid sin a chomhlíonadh nuair nach féidir leis seasamh ar fhorálacha sonracha den Chonradh ach go gcaithfidh sé, faoi mar atá an scéal i gcás na dtograí don bheartas réigiúnach, bheith ag brath ar údarás ginearálta Airteagal 235, go gcaithfidh Rialtais na mBallstát a áirithú go gcoinneoidh an Coimisiún a shaoirse chun gníomhú ar mhaithe leis an gComhphobal ina iomláine. (Síniú) CATHAL Ó hEOCAIDH, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 1 Samhain, 1973. |
||||||||||||