Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1970 - 1971::18 October, 1973::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 18 Deireadh Fómhair, 1973.

Thursday, 18th October, 1973.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, S. Mac Fheorais, Ó Crotaigh, Mac Searraigh agus Mac Páidín.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1970-71.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1970-71. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Deontais Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Méadú ar Phinsin agus Aiscí agus Pinsin d’Fhoireann Páirtaimsire, Luach Saothair.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Cathal Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.