|
IMEACHTAÍ AN CHOISTEProceedings of the CommitteeDéardaoin, 12 Iúil, 1973.Thursday, 12th July, 1973.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, Ó Crotaigh, Mac Searraigh, Mac Páidín agus Ó Tonnaigh. 3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1970-71. Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1970-71. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An Dánlann Náisiúnta, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Meánoideachas, Gairmoideachas, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Ollscoileanna agus Coláistí agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 4. Finnéithe a Ceistíodh. Ceistíodh S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), S. Ó Conchobhair (Rúnaí, An Roinn Oideachais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. 5. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.25 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn. |
||||||||||||