Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1970 - 1971::08 November, 1973::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 8 Samhain, 1973.

Thursday, 8th November, 1973.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí Ó Crotaigh, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Mac Searraigh, Stondún agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1970-71.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1970-71. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tionscal agus Tráchtáil, Tailte agus Foraoiseacht.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Slatarra (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), T. Ó Briain (Rúnaí, An Roinn Tailte) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.