Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::17 May, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 17 Bealtaine, 1972.

Wednesday, 17 May, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Mac Searraigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí S. Mac Gearailt (thar ceann an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó Tonnaigh):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy Collins do take the Chair for this meeting”.


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar C. Ó Muireadhaigh (agus A. Ó Fágáin ina theannta) a cheistiú i suí príobháideach.


6. D’fhág C. Ó Muireadhaigh an seomra.


7. Ordaíodh: go n-iarrfaí* ar an Rúnaí, an Roinn Airgeadais, comhad iomlán na Roinne Airgeadais ina bhfuil na páipéir a bhaineann leis an Deontas-i-gCabhair a chur isteach faoin 25 Bealtaine.


8. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.35 p.m. go dtí 10 a.m. Déardaoin 25 Bealtaine, 1972.


* Foscríbhinn 4 (8) (b).