Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::08 February, 1972::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 8 Feabhra, 1972.

Tuesday, 8 February, 1972.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Mac Gearailt, Mac Searraigh, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Rinne an Coiste breithniú.


5. Ordaíodh: go n-iarrfaí arís* ar an Roinn Airgeadais cóip a chur isteach de shleachta as an litir leath-oifigiúil faoi rún den 21 Bealtaine, 1970 a sheol an duine a bhí an t-am sin ina Rúnaí don Roinn Dlí agus Cirt go dtí an Rúnaí, An Roinn Airgeadais.


6. Athchromadh ar fhoirm dréacht-Thuarascála Deiridh a bhreithniú.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 10 p.m. go dtí 4.30 p.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (8) (a).