Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::30 November, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 30 Samhain, 1971.

Tuesday, 30 November, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, Mac Searraigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Thug an Coiste dá aire dhá litir* den 25 Samhain 1971 ón Aire Talmhaíochta agus lascaigh maidir leis (i) an toghairm dó bheith i láthair ag cruinniú an lae inniu agus (ii) an nóta a shín sé isteach le linn a chuid fianaise an 22 Aibreán 1971.


5. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


6. Ó bhí an Coirnéal Micheál Ó hEibhrín i láthair d’fhonn an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh a chros-cheistiú, agus ó nach raibh an tAire i láthair, tugadh cead don Choirnéal Ó hEibhrín, ar é dá iarraidh, labhairt leis an gCoiste.


7. Labhair an Coirnéal Ó hEibhrín leis an gCoiste.


8. Bhí an tUasal T. Mac Gabhann, B.L. agus an tUasal M. Ó Mearáin, aturnae, i láthair mar chomhairleoirí don Choiste le linn cainte an Choirnéil Uí Eibhrín.


9. D’fhág an Coirnéal Ó hEibhrín an seomra.


10. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 9.20 p.m. go dtí 5 p.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (10).