Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::20 April, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 20 Aibreán, 1971.

Tuesday, 20 April, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Ordaíodh: go ndéanfaí litir* den 30 Márta ón gCoirnéal Ó hEibhrín a chorprú mar bhun-nóta i Miontuairiscí Fianaise an 3 Márta, Ceist Uimh. 9573 agus 9608.


5. Thug an Coiste chun suntais litir den 14 Aibreán, 1971 ó Bhainc-Aontas Éireann Teoranta maidir le comhfhreagras ag H. T. Ó Deocáin, Bainisteoir, Banc na Mumhan agus Laighean, Sráid an Rátha Íocht., Baile Átha Cliath, leis an National Provincial Bank, Piccadilly, Londain.


6. Thug an Coiste chun suntais litir** den 19 Aibreán ó atúrnaetha Anraoi Bléine maidir leis an toghairm don Uasal Bléine chun teacht i láthair inniu. Ordaíodh: an t-ábhar a bhreithniú tuilleadh, más gá, tar éis don Uasal Bléine teacht i láthair.


7. Thug an Coiste chun suntais litir den 19 Aibreán ó atúrnaetha an Teachta Niall Bléine maidir leis an toghairm don Teachta Bléine chun teacht i láthair amárach. Ordaíodh: an t-ábhar a bhreithniú tuilleadh, más gá, tar éis don Teachta Bléine teacht i láthair.


8. An Suí ar fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 5.20 p.m. go dtí 7.30 p.m. inniu.


9. Chruinnigh an Coiste arís ar 7.30 p.m.


10. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


11. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh Anraoi Bléine faoi mhionn agus ceistíodh é (agus Seán Ó Muirí, B.L. ina theannta).


12. D’fhág an tUasal Bléine an seomra.


13. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


14. Rinne an Coiste breithniú.


15. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


16. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar A. Bléine a cheistiú.


17. D’fhág A. Bléine an seomra.


18. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 8.45 p.m. go dtí 11 a.m. amárach.


* Foscríbhinn 1.


† Foscríbhinn 4 (2).


** Foscríbhinn 4 (3).


‡ Foscríbhinn 4 (4).