|
IMEACHTAÍ AN CHOISTEPROCEEDINGS OF THE COMMITTEEDéadaoin, 20 Eanáir, 1972.Thursday, 20 January, 1972.1. Chruinnigh an Coiste ar 11.15 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— Na Teachtaí Baróid, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh. 3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach. 4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh. Rinneadh tairiscint (An Teachta Baróid): “That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy Collins do take the Chair for this meeting.” Cuireadh agus aontaíodh an Cheist. Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin. 5. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí, An Roinn Airgeadais (agus A. Ó Fágáin ina theannta). 6. D’fhág C. Ó Muireadhaigh an seomra. 7. Rinne an Coiste breithniú. 8. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 1 p.m. go dtí 7.15 p.m. Dé Máirt seo chugainn. |
||||||||||||