Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::09 February, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Máirt, 9 Feabhra, 1971.

Tuesday, 9 February, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Brioscú, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin, agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach, agus S. Mac Gearailt ina theannta.


4. Thug an Coiste dá aire téarmaí litre* dar dáta 4 Feabhra 1971 a fuarthas ón Taoiseach maidir le hordachán an 6 Feabhra 1970.


5. Thug an Coiste dá aire téarmaí litre dar dáta 7 Feabhra 1971 a fuarthas ó Sheán Ó Ceallaigh.


6. Chuaigh an Coiste i gcomhairle leis an Ard-Cheannfort Seán Pléimeann.


7. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


8. Finnéithe a Ceistíodh.


Cuireadh an tArd-Cheannfort Seán Pléimeann faoi mhionn agus ceistíodh é.


9. D’fhág an finné an seomra.


10. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


11. Rinne an Coiste breithniú.


12. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 1.15 p.m. go dtí 4 p.m. inniu.


13. Chruinnigh an Coiste arís ar 4 p.m.


14. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


15. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar Ailbhe Luykx a cheistiú.


16. D’fhág an finné an seomra.


17. An Suí ar Fionraí.


Cuireadh an suí ar fionraí ar 6.40 p.m. go dtí 8 p.m. inniu.


18. Chruinnigh an Coiste arís ar 8 p.m.


19. Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


20. Finnéithe a Ceistíodh.


Athchromadh ar an gCaptaen Ó Ceallaigh a cheistiú.


21. D’fhág an Captaen Ó Ceallaigh an seomra.


22. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


23. Rinne an Coiste breithniú.


24. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 10.15 p.m. go dtí 11 a.m. amárach.


* Foscríbhinn 4 (25).


† Foscríbhinn 4 (16).;