|
IMEACHTAÍ AN CHOISTEPROCEEDINGS OF THE COMMITTEEDé Céadaoin, 4 Lúnasa, 1971.Wednesday, 4 August, 1971.1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, R. de Búrca, E. Ó Coileáin, Ó Dúnlaing, Mac Gearailt, A. Mac Giobúin, Mac Searraigh, Ó Nualláin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh. 3. Thug an Coiste dá aire litir* den 30 Iúil, 1971, ón Aire Airgeadais i dtaobh abhcóide a fhruiliú. 4. Rinne an Coiste breithniú ar litreacha den 30 Iúil, 1971, ón Aire Airgeadais* agus ón Aire Dlí agus Cirt† i dtaobh Tuarascálacha ó na Gardaí. Chuir sé san áireamh tuarascáil ón Rúnaí á rá go ndúirt an tUasal H leis go n-inseodh sé, faoi Dé Máirt an 3 Lúnasa, a chinneadh i dtaobh fianaise a bhí tugtha aige go príobháideach a chur ar fáil do fhinné ach nach raibh aon scéala faighte go fóill ón Uasal H. Ordaíodh: go gcuirfí an scéal siar go dtí tráth níos déanaí inniu. 5. Rinne an Coiste breithniú ar litir* den 4 Lúnasa, 1971, ón Aire Dlí agus Cirt i dtaobh doiciméid a bhí á lorg ag an Teachta Ó Móráin. Ordaíodh: go gcuirfí an breithniú siar go dtí tráth níos déanaí inniu. 6. Thug an Coiste dá aire litir† dar dáta 31 Iúil, 1971, ón Leas-Choimisinéir, an Garda Síochána, maidir lena thoghairm don Ard-Cheannfort Pléimeann. 7. Rinne an Coiste breithniú ar litir‡ den 3 Lúnasa ón Aire Talmhaíochta agus Iascaigh maidir lena thoghairm teacht i láthair. Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Gearailt): “That an Interim Report be prepared notifying the Dáil of the Minister’s refusal to attend before the Committee.” Cuireadh an Cheist. Rinne an Coiste vótáil: Tá, 5; Níl, 5.
De réir fhorálacha Bhuan-Ordú 72, toisc gurbh ionann líon na vótaí ar an dá thaobh, cinneadh freagra diúltach a thabhairt ar an gCeist. 8. Chuaigh an Coiste i suí poiblí. 9. Bhí an Captaen Séamas Ó Ceallaigh, an tUasal P. Sutherland, B.L. agus Bean Uí Mhuineacháin, Aturnae, i láthair. 10. Labhair an tUasal Sutherland leis an gCoiste thar ceann an Chaptaen Uí Chealaigh. 11. Ghéill an Coiste do iarratas an Uasail Sutherland go labharfadh sé leis an gCoiste arís amárach. 12. D’fhág an Captaen Ó Ceallaigh, an tUasal Sutherland agus Bean Uí Mhuineacháin an seomra. 13. Chuaigh an Coiste i suí príobháideach. 14. Ordaíodh: nár ghá abhcóide an Choiste a bheith i láthair ag an suí poiblí amárach. 15. Ordaíodh: gur cheart leanúint den socrú i dtaobh péiriú go dtí sos an tSamhraidh. 16. Rinne an Coiste breithniú arís ar na hábhair dá dtagraítear i mír 4 thuas. Ordaíodh: an scéal a bhreithniú tuilleadh amárach. 17. Bhreithnigh an Coiste litir* den 28 Iúil, 1971, ó na hatúrnaetha do Pháraic Ó hEochaidh. Ordaíodh: an scéal a bhreithniú tuilleadh amárach. 18. Rinne an Coiste breithniú arís ar litir† den 4 Lúnasa ón Aire Dlí agus Cirt maidir le doiciméid a bhí á lorg ag an Teachta Ó Móráin. Beartaíodh: foirm an fhreagra† a aontú. 19. Bhreithnigh an Coiste litir†† den 1 Lúnasa, 1971, ó Shéamas Ó Brádaigh maidir le haighneacht bhreise. Ordaíodh: an tUasal Ó Brádaigh a thoghairm chun bheith i láthair amárach. 20. Athlá Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.35 p.m. go dtí 3.30 p.m. amárach. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||