Committee Reports::Final Report - Northern Ireland Relief Expenditure::04 May, 1971::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Máirt, 4 Bealtaine, 1971.

Tuesday, 4 May, 1971.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Baróid, E. Ó Coileáin, Mac Gearailt, Céitinn, Mac Searraigh, Ó Nualláin. Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Bhí E. P. Sutail (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i láthair i gcáil chomhairleach.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Baróid):


“That in the unavoidable absence of the Chairman, Deputy E. Collins do take the Chair for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Coileáin i gCeannas dá réir sin.


5. Chuaigh an Coiste i gcomhairle le C. Ó Muireadhaigh, Rúnaí na Roinne Airgeadais.


6. D’fhág C. Ó Muireadhaigh an seomra.


7. Ordaíodh: go gceanglófaí ar an Uasal Ó Muireadhaigh* litir leath-oifigiúil faoi rún den 21 Bealtaine 1970, sa mhéid is iomchuí sin, ón Roinn Dlí agus Cirt chun na Roinne Airgeadais a chur isteach mar aon leis an fhreagra ar an litir sin.


8. Ordaíodh: go n-iarrfaí ar Eagarthóir “This Week an t-alt a chur isteach i dtaobh gníomhaíochtaí an Chaptaen Uí Cheallaigh maidir le Tuaisceart Éireann a scríobh Seán Ó Dúnlaing, sular gabhadh an Captaen Ó Ceallaigh, lena fhoilsiú in “This Week” ach nar foilsíodh go fóill.


9. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.45 p.m. go dtí 4.15 p.m. Dé Céadaoin 19 Bealtaine 1971.


* Foscríbhinn 4 (8) (a).


† Foscríbhinn 4 (20).