Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instrument [1]::24 June, 1970::Report

TUARASCÁIL

CUID I

1. Tar éis chruinniú an 23 Deireadh Fómhair, 1968, rinne an Roghchoiste a ceapadh le Rún an 7 Iúil, 1965, an céad is caoga ionstraim atá liostáilte sna hImeachtaí a scrúdú.


2. De réir Rún an 10 Nollaig, 1969, scrúdaigh an Roghchoiste seo na meamraim mhíniúcháin a cuireadh faoi bhráid an Choiste roimhe seo sa tréimhse a luaitear sa Rún. De thoradh an scrúdaithe sin chinn an Coiste gur cheart aird speisialta Sheanad Éireann a tharraingt ar na ceithre ionstraim a bhfuil mioneolas ina leith tugtha i gCuid II den Tuarascáil seo.


CUID II

3. Measadh nár ghá aird speisialta Sheanad Éireann a tharraingt ar aon ionstraim ar fhorais (i) nó (v) de na téarmaí tagartha.


4. Ar fhoras (ii), is é sin, “go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid éigin nach gnách nó nach raibh coinne léi á dhéanamh aici de na cumhachtaí a thug an Reacht faoina ndearnadh í,” tá aird speisialta Sheanad Éireann á tharraingt ar an dá ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin Iomarcaíochta (An Binse Achomhairc Iomarcaíochta) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 26 de 1969].


Leis na rialacháin sin a bhfuil sé sainráite iad a dhéanamh faoi Alt 39 (19) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967, údaraítear caiteachais a íoc ag an mBinse Achomhairc Iomarcaíochta le finnéithe a láithreoidh os a chomhair. Foráiltear le halt 39 (19) (g) “an Binse do dhámhadh costas agus caiteachas agus dámhachtana den sórt sin a íoc” ach níl aon tagairt san alt do na híocaíochtaí sin a thabhairt as an gCiste Iomarcaíochta. Comhairlíodh don Roinn Saothair (féach Foscríbhinn I) ó tharla nach bhfuil foinse na híocaíochta curtha in iúl sa reacht gur féidir leis an Aire socrú an íocaíocht a thabhairt as aon fhoinse a mheasann sé is cuí. Déanann an Roinn tagairt don leagan “scaoilte” a úsáidtear in Alt 26 (1) i ndáil le híocaíochtaí a thabhairt amach as an gCiste ní ionann is an leagan níos beaichte maidir le híocaíochtaí isteach sa Chiste. Tugtar faoi deara, áfach, gurb é atá sa teideal fada a ghabhann leis an Acht, maidir leis an gCiste Iomarcaíochta, tagairt do “íocaíochtaí a thabhairt as an gCiste sin d’fhostóirí agus d’fhostaithe”. Ní deimhin leis an Roghchoiste gur féidir údarás a thabhairt caiteachais finnéithe a íoc as an gCiste Iomarcaíochta ar an ábhar nach dtoirmisctear é sin go sainráite leis an reacht.


An tOrdú um Chinsireacht Scannán (Táillí), 1969 [I.R. Uimh. 72 de 1969].


Airbheartaíonn Airteagal 2 (2) den Ordú a chumasú don Aire Dlí agus Cirt iarratais chun an Scrúdóra Oifigiúil, i leith scannán oideachais a shaoradh ó tháillí. Foráiltear le hAlt 11 (1) den Acht um Scrúdóireacht Scannán, 1923, go “Eileofar, i dtaobh iarrataisí chun an Scrúdóra Oifigiúla … pé táillí a shocróidh an tAire ó am go ham agus a cheadóidh an tAire Airgid.” Is cosúil ón bhforáil sin go gcaithfear táille a éileamh agus gurb é feidhm an Aire a chinntiú cé mhéad is iníoctha. Is é dearcadh na Roinne Dlí agus Cirt (féach Foscríbhinn II) go bhfuil an fhoráil in alt 11 sainordaitheach ina foirm amháin ach nach mar sin di ó shubstaint. Is é dearcadh na Roinne nach dtoirmisceann an t-alt táille ainmniúil amháin a leagan síos agus nach ceart dá réir sin é a fhorléiriú mar alt a thoirmisceann saoirse ó tháille ar bith in aon chás iomchuí. Is cuma cé mar atá bá aige le cúiseanna an Aire ní deimhin leis an gCoiste fós nach é atá sa tsaoirse sin ó tháillí úsáid nach raibh coinne léi a dhéanamh de na cumhachtaí a thugtar in alt 11.


5. Ar fhoras (iii), is é sin, “go n-airbheartaíonn sí éifeacht chúlghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin a fhoráil”, tá aird speisialta Sheanad Éireann á tarraingt ar an ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin um Baince Thaisce Iontaobhais (Ús ar Thaiscí i gCuntas Speisialta), 1969 [I.R. Uimh. 15 de 1969].


Leis na rialacháin sin, a rinne an tAire Airgeadais an 30 Eanáir, 1969, forordaítear na rátaí úis is iníoctha i rith na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 20 Eanáir, 1969 agus na tréimhse dar thosach an 21 Eanáir, 1969, ar airgead a d’íoc na bainc thaisce iontaobhais leis an Aire Airgeadais de bhun alt 31 (3) den Acht Airgeadais, 1940. Rinneadh na rialacháin faoin Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1968 a ndearnadh dlí de an 18 Nollaig, 1968. Ba mhian leis an Roinn Airgeadais (féach Fóscríbhinn III) na rátaí nua úis a thabhairt i bhfeidhm ón 21 Eanáir, 1970, chun na Bainc a chúiteamh i leith rátaí méadaithe ab iníoctha le taisceoirí ón dáta sin. Ó tharla nach dtugann an reacht bunaidh aon údarás chun rialacháin le feidhm chúlghabhálach a dhéanamh, bhí sé ceart dá bhrí sin an ionstraim riachtanach a dhéanamh idir an 18 Nollaig, 1968, agus an 1 Eanáir, 1969. Níor tugadh aon mhíniú cén fáth nach ndearnadh é sin.


6. Ar thoras (iv) is é sin, “go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagan os comhair Sheanad Éireann nó lena foilsiú,” tá aird speisialta Sheanad Éireann á tarraingt ar an ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú Oiliúna Tionscail (An Tionscal Teicstíleacha), 1968 [I.R. Uimh. 278 de 1968].


Rinneadh: 19 Nollaig, 1968; Leagadh: 10 Eanáir, 1969.


Tá an míniú a thug An Chomhairle Oiliúna le fáil in Aguisín IV.


(Sínithe) W. A. W. SHELDON,


Cathaoirleach.


24 Meitheamh, 1970.