Committee Reports::Interim Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::05 March, 1970::Report

TUARASCÁIL EATRAMHACH

Tá dul chun cinn déanta ag an gCoiste sna hábhair a cuireadh faoina bhráid agus chomhaontaigh sé ar an Tuarascáil eatramhach seo a leanas:—


Tuairiscíonn an Coiste gur tharla, i gcaitheamh na bliana dar chríoch 31 Márta, 1969, gur tabhaíodh caiteachas de bhreis ar an méid a vótáil an tOireachtas faoin Vóta a luaitear anseo ina dhiaidh seo.


RÁITEAS AR AN mBREIS


Ráiteas ar an tsuim is gá a vótáil d’fhonn breis ar an Vóta a luaitear a shlánú.


Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimhir an Vóta

Teideal

Farasbarr ag an Meastachán Comhlán ar an gCaiteachas

Easnamh sna Leithreasaí i gCabhair

An Méid atá le vótáil

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

56

22

Príosúin

£4,786

£8,632

£3,846

Beidh ceadú an Oireachtais ag teastáil i leith na suime atá leagtha amach i gcolún (6). Is é cúis atá leis an gcaiteachas breise go raibh easnamh sna Leithreasaí i gCabhair a gnóthaíodh. Tharla an t-easnamh sin go formhór toisc nach bhfuarthas roimh an 31 Márta 1969 íocaíochtaí i leith cuntas a bhí amuigh in aghaidh earraí monaraithe a sholáthraigh na príosúin.


Ní léir don Choiste aon chúis le nach soláthrófaí an tsuim seo le vóta breise.


PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


5 Márta, 1970