|
IMEACHTAÍ AN CHOISTEProceedings of the CommitteeDéardaoin, 30 Aibreán, 1970.Thursday, 30th April, 1970.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Peadar de Barra, Brioscú, Eamonn Ó Coileáin, Mac Gearailt, Aodh Mac Giobúin, Ó Nualláin agus Ó Tonnaigh. 3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1968-69. Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1968-69. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Talmhaíocht agus Iascaigh. 4. Finnéithe a Ceistíodh. Ceistíodh S. de Nógla (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh), S. Mac Gearailt (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. 5. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 21 Bealtaine, 1970. |
||||||||||||