Committee Reports::Report - Magazine Item containing Criticism of the Ceann Comhairle::25 February, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 25 Feabhra, 1970.

Wednesday, 25th February, 1970.

1. Tionóladh an Cúigiú cruinniú den Choiste ar 4.30 p.m. i Seomra 91.


2. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí de Brochtún, Pádraig de Búrca, Risteard de Búrca, Mac Artúir, Mac Bhloscaidh, Ó Crualaoich, Ó Dúnlaing, Mac Ionnrachtaigh, Easmann, Ó Foghlú, Ó Gallchóir, Stráinse, Ó Murchú, Seán Ó Laoghaire, Ó Riain agus de Uaidheas.


3. Pribhléid (Lochtú ar an gCathaoir).


D’athchrom an Coiste ar bhreithniú an mír in eisiúint an 12 Nollaig, 1969 den iris “This Week in Ireland” inar airbheartaíodh, faoin gceannteideal “The Ceann Comhairle is Biased”, tuairisc a thabhairt ar agallamh leis an Teachta Crús Ó Briain.


D’agaill an Coiste an Teachta Crús Ó Briain. D’admhaigh sé gur úsáid sé na focail a cuireadh ina leith. Chreid sé gurbh fhíor iad agus go raibh sé i dteideal iad a úsáid ar mhaithe le leas an phobail. Chuir sé i meabhair nár cheart dul chomh fada sin leis an gcúram dlisteanach faoi chosaint na Cathaoirleach nach gceadófaí beachtaíocht ar bith lasmuigh den Teach ar an gCathaoir. Léirigh sé nár chuir sé fáthanna an Cheann Comhairle in amhras ina chuid cainte agus nár thug sé le tuiscint go ndearna an Ceann Comhairle rialú éagórach de bhun tola nó go raibh sé ag gníomhú ar dhóigh seachas mar a chreid sé a bheith ceart.


D’agaill an Coiste freisin Seosamh Ó Máille, Liam Mac Gabhann agus Risteard Ó Gruagáin, ionadaithe ó Creation Ltd. Dúirt siadsan gur tugadh san agallamh, mar a tuairiscíodh é, insint dhílis ar thuairimí an Teachta Crús Ó Briain, a bhí sé i dteideal a thabhairt agus a bhí siadsan i dteideal a fhoilsiú. An ceannteideal a bhí ar an aiste, ba choimriú é de thuairim an Teachta, agus ceapadh é ar réir ghnás sean-bhunaithe nuachtán. Ní fhéadfaidís leithscéal a ghabháil faoi aon ní a bhí ag teacht le cleachtas nuachtán agus le saoirse an phreas. Ní ionsaí ar an gCeann Comhairle a bhí san aiste, dar leo, ach measbhreithiúnas ó Theachta a bhí cáilithe chun é a thabhairt.


Rinneadh tairiscint (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh):


“That the Draft Report already circulated be accepted and that the following paragraph be added:—


‘Having interviewed Deputy Cruise O’Brien and having heard his explanation that it was not his desire to impugn the honour of the Ceann Comhairle the Committee recommends that no further action be taken’.”


Cuireadh an Cheist: Rinne an Coiste vótáil: Tá, 11; Níl, 5.


Tá:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí de Brochtún, Pádraig de Búrca, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Ó Dúnlaing, Easmann, Ó Foghlú, Ó Gallchóir, Seán Ó Laoghaire agus de Uaidheas.


Níl:—Na Teachtaí Mac Bhloscaidh. Mac Ionnrachtaigh, Stráinse. Ó Murchú agus Ó Riain.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


Rinneadh tairiscint (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh).


“That a further paragraph be added as follows:—


‘Having heard three representatives of the magazine publishers and having noted their attitude the Committee decided that the publishers were guilty of a breach of privilege’.”


Cuireadh an Cheist: Rinne an Coiste vótáil: Tá, 7; Níl, 4.


Tá:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Mac Artúir, Ó Crualaoich, Ó Dúnlaing, Ó Gallchóir, Seán Ó Laoghaire agus de Uaidheas.


Níl:—Na Teachtaí de Brochtún, Mac Bhloscaidh, Stráinse agus Ó Riain.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


Dréacht-Tuarascáil Deiridhle hullmhú.


4. Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.45 p.m. go dtí 7.30 p.m. Dé Céadaoin, 11 Márta.