Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::16 April, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 16 Aibreán, 1970.

Thursday, 16th April, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Peadar de Barra, Brioscú, Eamonn Ó Coileáin, Ó Treasaigh agus Ó Tonnaigh.


3. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Peadar de Barra):


“That Deputy Treacy be the Chairman of the Committee for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Treasaigh i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1968-69.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1968-69. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tailte, Foraoiseacht agus Oifig an tSoláthair.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Ó Briain (Rúnaí, An Roinn Tailte), B. Ó Brolcháin (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), L. Ó Néill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.30 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.