|
IMEACHTAÍ AN CHOISTEProceedings of the CommitteeDéardaoin, 4 Meitheamh, 1970.Thursday, 4th June, 1970.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Baróid, Peadar de Barra, Brioscú, Mac Gearailt, Aodh Mac Giobúin, Mac Searraigh agus Ó Tonnaigh. 3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1968-69. Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1968-69. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Meánoideachas, Gairmoideachas, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Ollscoileanna agus Coláistí agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 4. Finnéithe a Ceistíodh. Ceistíodh C. Foghlaeir (Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta), S. Mac Gearailt (Rúnaí, An Roinn Oideachais), S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. 5. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 2 p.m. |
||||||||||||