|
TUARASCÁILCUID I1. Ó eisíodh an Tríú Tuarascáil,* scrúdaigh an Roghchoiste dhá chéad, ochtó is cúig ionstraim atá liostáilte sna hImeachtaí. Chinn an Roghchoiste, ar na hionstraimí a scrúdaíodh, gur cheart aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na sé ionstraim is fiche a dtugtar sonraí ina dtaobh i gCuid II den Tuarascáil seo. 2. I dteannta aird speisialta a dhíriú ar ionstraimí sonraithe, is mian leis an Roghchoiste tuairimí ginearálta áirithe a nochtadh maidir le hábhar a tháinig chun suntais dó le linn cúrsaí a phlé. Tá na tuairimí sin le fáil i gCuid III den Tuarascáil seo. 3. De réir a théarmaí tagartha, thug an Roghchoiste, sula ndearna sé a thuarascáil, caoi do gach Roinn Rialtais nó don údarás eile lenar bhain an scéal cibé míniú a thabhairt ab iomchuí le húdarás déanta na hionstraime. Gheofar cóipeanna de na mínithe a soláthraíodh i bhFoscríbhinní I go X a ghabhann leis an Tuarascáil seo. I Miontuairiscí na Fianaise gheofar an fhianaise ó bhéal a tugadh i gcás ionstraimí áirithe. CUID II4. Mheas an Roghchoiste nár ghá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar aon ionstraim ar fhorais (i) ná (ii), dá Rún Tagartha. 5. Ar fhoras (iii), is é sin, “go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid éigin nach gnách nó nach raibh coinne léi a dhéanamh aici de na cumhachtaí a thug an Reacht faoina ndearnadh í,” tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar na hocht n-ionstraim déag seo a leanas:— Na Rialacháin um Chuntas Aturnaetha, 1967 [I.R. Uimh. 44 de 1967]. Faoi na Rialacháin seo féadfaidh Comhairle an Dlí-Chumainn Chorpraithe, uathu féin nó ar ghearán a fháil i scríbhinn, a cheangal ar aturnae a leabhair a thabhairt ar aird chun a fháil amach ar comhlíonadh na Rialacháin. Cuireann Airteagal 20 (3) ar chumas na Comhairle a cheangal ar ghearánach “suim réasúnach a shocróidh an Chomhairle a íoc faoi chomhair costais agus caiteachais an iniúchta agus an aturnae a bhfuil an gearán á dhéanamh ina choinne”. Foráiltear leis freisin go bhféadfaidh “an Chomhairle déanamh mar is cuí leo le haon suim a íocfar amhlaidh”. De réir an Dlí-Chumainn Chorpraithe (féach Foscríbhinn I), is é alt 66 den Acht Aturnaethe, 1954, an t-údarás reachtúil d’Airteagal 20 (3), agus faoin alt sin féadfar forálacha a chur sna Rialacháin a bhaineann le cuntais aturnaetha chun “comhlíonadh na rialachán a chur i bhfeidhm” agus chun “cinntiú d’fháil ar chomhlíonadh na rialachán”. B’fhéidir go gceapfadh an Coiste é a bheith réasúnach go dtitfeadh na costais ar dhuine a rinne gearán gan bhunús, ach measann sé go bhfuil Airteagal 20 (3), mar atá sé dréachtaithe, inlochtaithe, sa mhéid nach dtugann sé aon cheart don ghearánach an t-airgead a d’íoc sé, ná aon chuid de, a ghnóthú i gcás inar cruthaíodh a ghearán. Tugann an coiste dá aire nár baineadh feidhm as an bhforáil riamh agus nach dócha go mbainfear feidhm as toisc cumhachtaí eile a bheith ar fáil ag an gCumann. Molann an Coiste, dá bhrí sin, gur chóir an t-airteagal a aisghairm nuair a bheidh caoi ann chuige. Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Rásaíocht), 1967 [I.R. Uimh. 133 de 1967]. San ionstraim seo baineann Bord na gCon leas as an gcumhacht a thugtar dó le halt 13 (1) d’Acht Tionscail na gCon, 1958, an chumhacht chun “aon teagmhas a chuirfear i bhfios dó maidir le haon ábhar a bhainfidh le tionscal na gcon” a fhiosrú agus déileáil leis. Foráiltear le hAirteagal 3 (3) den ionstraim:— “Tar éis don Choiste toradh imscrúdaithe ar bith dá ndearnadh go cuí faoi na rialacháin seo a bhreithniú, féadfaidh an Coiste, de bhreis ar na cumhachtaí a dhílsítear dó le hAirteagal 17 de na rialacháin seo, beart araíonachta a dhéanamh nó a údarú (lena n-áirítear cibé fíneálacha is cuí leis an gCoiste a fhorchur) i gcoinne daoine is dóigh leo a bheith ciontach in iompar a dhéanfadh dochar do phórú cúnna agus a gcúrsáil nó a sháraigh aon cheann d’fhorálacha na rialachán seo nó aon orduithe nó rialacháin eile a rinne an Bord agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.” Admhaítear thar ceann an Bhoird (féach Foscríbhinn II) nach bhfuil údarás reachtúil aige chun cumhacht a thabhairt don Choiste Rialaithe fíneálacha a ghearradh. Is é fáth a n-airbheartaítear a leithéid, d’éagmais an údaráis sin, ná chun a chumasú dó déileáil le mí-iompar a bheadh dochrach do thionscal na gcúnna ach nach mbeadh tromaí go leor chun gur ghá na bearta araíonachta a údaraítear leis an reacht. Measann an Coiste gur chóir go mbeadh sé soiléir nach bhféadfadh údarás déanta ionstraimí a fhaigheann amach nach bhfuil na cumhachtaí reachtúla cuí aige chuige sin bearta dá malairt a ghabháil chuige ach amháin i gcás ina dtugtar an t-údarás sin dó trí reachtaíocht. Rialacháin Óglaigh na hÉireann. Pá agus Liúntas (Na Buan-Óglaigh) R.Ó.É. S. 3—Leasuithe. Leasú Uimh. 261. Baineann an ionstraim seo le suimeanna airgid a bhaint as pá Airm fir phósta a bhfuil leanaí in aontíos leo i gceathrúna lucht pósta i leith cúitimh mar gheall ar dhamáiste a bheith déanta sa bheairic ag leanaí le fir d’aonad Airm agus nach fios cé hiad na leanaí iad. Rinneadh an ionstraim faoi údarás alt 97 den Acht Cosanta, 1954, a thugann, inter alia, cumhacht don Aire Cosanta, le ceadú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun suimeanna a bhaint as pá lucht Airm i leith “maoin phoiblí nó maoin sheirbhíse a cailleadh, a bhí easpach, a damáistíodh nó a díothaíodh.” Chinn an Coiste aird speisialta a dhíriú ar an ionstraim seo mar go measann sé nach raibh sé ceaptha ag an Oireachtas go mbainfí suimeanna as pá lucht Airm ach amháin i gcás ina mbeadh an lucht pá féin freagrach go pearsanta nó go dlíthiúil as an gcaillteanas nó as an damáiste a bhain don mhaoin. Tugadh de chomhairle don Roinn Cosanta (féach Fóscríbhinn III) nach féidir suimeanna mar iad sin a baineadh as pá saighdiúirí a aithint mar phionóis ach gur asbhaintí neamhphionósacha iad agus gur mó a bheidís le háireamh mar ghné chúitimh i leith díobhála mailísí. Mar sin féin admhaítear go socraíonn an Roinn freagracht fir phósta de chuid na bhfórsaí cosanta ar baineadh suimeanna as a bpá faoi na rialacháin gan a mheas cibé acu is féidir nó nach féidir a shuíomh gurb iad na saighdiúirí sin tuismitheoirí na bpáistí áirithe, agus freisin gan é a bheith curtha san áireamh an bhféadfaí nó nach bhféadfaí a chruthú go ndearna na leanaí áirithe, le fir den aonad, coir nó gníomh mailíseach nó an raibh siad inniúil ar choir a dhéanamh. Géilltear, dá bhrí sin, nach bhfuil sé cruinn ar fad a mheas go bhfuil an asbhaint ar aon dul le ráta i leith díobhála mailísí. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Bó-Ainmhithe a chur ar Taispeáint agus a Dhíol), 1967 [I.R. Uimh. 263 de 1967]. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Caoirigh agus Muca a chur ar Taispeáint agus a Dhíol), 1967 [I.R. Uimh. 295 de 1967]. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Daoine Teacht Isteach sa Stát), 1967 [I.R. Uimh. 287 de 1967]. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Gluaiseacht Daoine), 1967 [I.R. Uimh. 266 de 1967]. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Gluaiseacht Daoine), 1968 [I.R. Uimh. 25 de 1968]. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Loingeas Ceannaíochta), 1968 [I.R. Uimh. 264 de 1967]. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Spóirt agus Díolacháin), 1968 [I.R. Uimh. 30 de 1968]. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Spóirt agus Díolacháin) (Uimh. 2), 1968 [I.R. Uimh. 37 de 1968]. Ba é aidhm na nOrduithe sin an taom den ghalar crúb agus béil a bhí sa Bhreatain le déanaí a chosc ó leathadh go dtí an tír seo agus is léir leis an gCoiste go raibh na bearta a foráladh riachtanach chun na críche sin. Tháinig an Coiste ar an tuairim, áfach, go ndearna an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh úsáid nach gnách nó nach raibh coinne léi de na cumhachtaí a thugtar dó leis an reacht bunaidh chun cuspóir inmholta a chur i gcrích. Sula ndearna an Coiste an cinneadh sin bhreithnigh sé meabhráin a cuireadh faoina bhráid thar ceann na Roinne Talmhaíochta agus Iascaigh (féach Foscríbhinn IV) maille leis an bhfianaise ó bhéal a thug ionadaí ón Roinn sin (féach Miontuairiscí na Fianaise Ceisteanna 1 go 15). Rinneadh na hOrduithe faoi alt 3 (1) den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 a deir:— “Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh faoi réim agus de réir forálacha an Achta seo— (a) i gcoitinne, chun an tAcht seo a fhorghníomhú go cuí nó chun galar a chosc ó leathadh:” De na hocht n-alt is caoga atá san Acht tugann cúig cinn is fiche cumhacht shonrach don Aire orduithe a dhéanamh chun déileáil le hábhair a luadh agus a mbaineann siad go léir, nach mór, go díreach le cosc a chur ar leathadh an ghalair. Tá comhairle dhlíthiúil faighte ag an Roinn go gcuireann alt 3 (1) (a) ar chumas an Aire orduithe a dhéanamh nach féidir leis a dhéanamh faoi aon fhoráil eile den Acht, más gá na horduithe sin a dhéanamh chun galar a chosc ó leathadh agus ar choinníoll nach sáróidh na horduithe sin forálacha an Achta agus go gcomhlíonfaidh siad ceanglais an Achta maidir le nós imeachta. Tugann an Coiste dá aire go dtugann an tAcht cumhacht shonrach don Aire orduithe a dhéanamh lena dtoirmiscfear, ach amháin faoi cheadúnas, nó lena rialáfar, ainmhithe nó éanlaithe a allmhairiú (alt 30), lena bhforordófar agus lena rialálfar gluaiseacht ainmhithe nó éanlaithe a allmhairíodh (alt 33) agus lena bhforordófar na calafoirt agus na haeradróim arb iontu amháin a bhféadfar ainmhithe agus éanlaithe a bheith á n-allmhairiú a chur i dtír (alt 34). Níl aon trácht ar leith ar dhaoine a thiocfadh isteach sa tír ach amháin in alt 30 (1) (b) a chuireann ar chumas an Aire orduithe a dhéanamh “lena gceanglófar agus lena rialálfar dí-aicidiú ar dhaoine a thiocfaidh isteach sa Stát, ar a gcuid éadaí agus bagáiste agus cibé eolas a thabhairt i dtaobh a slí bheatha agus a n-imeachtaí roimhe sin, de réir mar a theastóidh le réasún ón Aire.” Mar sin féin táthar á áiteamh gur féidir, maidir le daoine a bheidh ag teacht isteach sa Stát, leas a bhaint as focail ghinearálta alt 3 chun orduithe a dhéanamh le teorainn a chur leis an líon daoine a thiocfaidh isteach sa tír aon tráth áirithe [I.R. Uimh. 287 de 1967], lena dtoirmeasc ar theacht isteach ach amháin trí chalafoirt, cuanta agus aeradróim ainmnithe [I.R. Uimh. 287 de 1967], agus le srian a chur lena ngluaiseacht sa Stát [I.R. Uimh. 266 de 1967 agus I.R. Uimh. 25 de 1968]. Tá sé dochreidte ag an gCoiste, d’ainneoin na n-iarmairtí dlí ba dhealrach a bheith ar na bearta, go raibh sé ar intinn ag an Oireachtas, nuair a shonraigh sé go beacht cad a d’fhéadfadh an tAire a dhéanamh maidir le hainmhithe a allmhairiú go bhféadfaí na cumhachtaí céanna a fheidhmiú i gcás daoine faoin tarmligean ginearálta údaráis a dhéantar le halt 3. Go deimhin, feictear don Choiste má tá údar ar bith le bheith ag na horduithe a rinneadh i gcoitinne faoi alt 3 nach foláir réim an ailt sin a bheith chomh leathan sin go bhfágann sé nach bhfuil gá ar bith leis ná cúig alt is fiche eile faoina bhféadfar orduithe a dhéanamh. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Feithiclí, Innealra agus Trealamh Eile a Allmhairiú), 1967 [I.R. Uimh. 243 de 1967]. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Feithiclí, Innealra agus Trealamh Eile a Allmhairiú), 1967 [I.R. Uimh. 252 de 1967]. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Feithiclí, Innealra agus Trealamh Eile a Allmhairiú) (Leasú) (Uimh. 2), 1967 [I.R. Uimh. 267 de 1967]. Rinneadh na hOrduithe seo chun allmhairiú innealra talmhaíochta, gairneoireachta, feithiclí agus coimeádáin chun ainmhithe a iompar, rothair chos, feithiclí innealghluaiste úsáidte, innealra agus trealamh úsáidte, carabháin úsáidte, leantóirí agus feithiclí capalltarraingte úsáidte agus boinn úsáidte ón mBreatain a thoirmeasc ach amháin faoi cheadúnas. Deirtear gurb iad ailt 3 agus 30 den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966, an t-údarás faoina ndearnadh na hionstraimí. Sa mhéid go mbraitheann údarás na n-ionstraimí ar alt 30 is cosúil go mbraitheann bailíocht na n-ionstraimí sin ar fho-alt 1 (a) den alt sin, faoina bhféadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh, “lena dtoirmiscfear, ach amháin faoi cheadúnas, nó lena rialálfar ainmhithe nó éanlaithe, nó aon chineál sonraithe ainmhithe nó éanlaithe, nó conablaigh, uibheacha, táirgí ainmhithe nó éanlaithe (lena n-áirítear táirgí déanta as, nó ina mbeidh, táirgí ainmhithe nó éanlaithe, conablaigh nó uibheacha), farae, easair, aoileach nó ní eile a allmhairiú, .................. i gcoitinne nó ó aon tír shonraithe nó ó aon chuid shonraithe d’aon tír den sórt sin.” Ní féidir leis an gCoiste glacadh leis go raibh sé beartaithe innealra, feithiclí, trealamh agus boinn a áireamh faoi na focail “nó ní eile”. Níl dearcadh an Choiste bunaithe ar fheidhmiú uathoibritheach na rialach ejusdem generis mar atá ráite ag Oifig an Ard-Aighne (féach Foscríbhinn IV), ach ar an tuiscint nach féidir, dá leithne é an forléiriú a thugtar dó, an bhrí atá á mhaíomh a thabhairt do na focail sin. Is cosúil go bhfuil an t-amhras céanna ar Oifig an Ard-Aighne is atá ar an gCoiste faoi alt 30 (1) (a) ach tá an Oifig sin den bharúil gur leor alt 3 (1) (a) uaidh féin mar scáth do na hOrduithe. Más mar sin atá d’fhéadfaí diúltú do na hOrduithe sin amhail mar a dhéanfaí le hOrduithe faoi údarás alt 3 (1) (a) mar is dóigh leis an gCoiste, má thugann alt 3 (1) (a) an chumhacht a deirtear, nach bhfuil riachtanas ar bith le halt 30 (1) (a). Ní léir leis an gCoiste cén fáth a bhfuil míreanna áirithe a dtagann a n-allmhairiú faoi rialú an Aire ar áireamh in alt 30 (1) (a) má tá an chumhacht tugtha dó cheana in alt 3 chun rialú a dhéanamh ar allmhairiú míre ar bith. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Spóirt agus Díolacháin), 1967 [I.R. Uimh. 253 de 1967]. An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Ainmhithe a Allmhairiú) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 282 de 1967]. An tOrdú um Ghalair Ainmhithe (Srian le Gluaiseacht Bólachta, Caorach agus Muc), 1967 [I.R. Uimh. 283 de 1967]. Tá sé sainraíte go ndearnadh na hionstraimí seo faoi údarás alt 48 den Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 agus faoi údarás alt 3 agus, i gcás I.R. Uimh. 283 den 1967, faoi údarás alt 30 den Acht sin. Tá aird speisialta á tharraingt ag an gCoiste ar gach ceann ar leith de na trí ionstraim sin mar gheall ar alt 48 a bheith luaite iontu mar údarás. Éilítear thar ceann na Roinne (féach Foscríbhinn IV) go dtugann alt 48 (1) (c) cumhacht don Aire cionta a dhearbhú le hordú. Deir alt 48 (1) (c)— “48 (1) Má dhéanann aon duine gan údarás nó leithscéal dleathach a mbeidh a chruthú air féin, aon ní acu seo a leanas, beidh sé ciontach i gcion— ....................................................................................... (c) má mhainníonn sé aon fhógra, ceadúnas, riail nó ní a thabhairt, a thabhairt ar aird, a urramú nó a dhéanamh a cheanglaítear leis an Acht seo, nó le hOrdú ón Aire, nó le rialachán de chuid údaráis áitiúil nó ag duine údaraithe a thabhairt, a thabhairt ar aird, a urramú, nó a dhéanamh.” Má mheastar go dtugann alt 48 (1) (c) cumhacht don Aire orduithe a dhéanamh ní mór a thuiscint as go dtugann sé cumhacht d’údarás áitiúil rialacháin a dhéanamh. Mar sin féin dhealródh sé nach féidir le húdarás áitiúil rialacháin a dhéanamh ach sa mhéid go n-ordaíonn nó go n-údaraíonn an tAire é le hordú faoi alt 38. Shamhlódh sé don Choiste go raibh sé beartaithe le halt 48 (1) (c) a fhoráil go n-áireofaí mar chion aon fhaillí a dhéanfaí maidir le forálacha aon ordú a dhéanfaí faoi aon alt eile de chuid an Achta a chomhlíonadh agus nach alt a bhí ann chun cumhacht a thabhairt don Aire orduithe a dhéanamh ar neamhspleidh leis an údarás a thugtar dó i gcuid eile den Acht. I meabhrán na Roinne faoi dháta an 8 Bealtaine, 1968 deirtear gur earráid sa dréachtú ba bhun leis an tagairt d’alt 30 nuair a luadh an t-údarás in I.R. Uimh. 283 de 1967 agus gur alt 27 a ba cheart a lua. Os rud é go mbaineann alt 27 le gluaiseacht ainmhithe agus éanlaithe agus alt 30 lena n-allmhairiú agus an ionstraim lena ngluaiseacht ó Mhargadh na mBeithíoch i mBaile Átha Cliath nó ó mhargalann beostoic nó lena n-onnmhairiú, ghlac an Coiste le míniú na Roinne. B’ionadh leis, dá bhrí sin, a fheiceáil sa mheabhrán is deireanaí ón Roinn ar an 26 Iúil 1968 gur luadh an chomhairle ó Oifig an Ard-Aighne á rá gur chuí alt 30 a chur isteach sa lua maidir le húdarás. Is ionann an chomhairle sin is a rá go dtugann an chumhacht “lena rialálfar ainmhithe nó éanlaithe … a allmhairiú, nó a chur i dtír nó a thabhairt isteach i gcalafort nó in aeradróm sa Stát” cumhacht chun srian a chur le gluaiseacht ainmhithe isteach in aon chalafort lena n-onnmhairiú ar leithligh ó allmhairiú nó cur i dtír. Measann an Coiste nach gá go gcuirfí an forléiriú ar alt 30 chomh mór sin as cor nuair is follas na cumhachtaí cuí a bheith ar fáil in alt 27 a dúirt an Roinn cheana féin ba cheart a lua in ionad alt 30. Na Rialacháin Iomarcaíochta (Cúnamh Athlonnaithe), 1968 [I.R. Uimh. 8 de 1968]. Baineann Airteagal 9 de na Rialacháin seo le costais taistil a thabhaigh oibrí iomarcach nó oibrí dífhostaithe ar lorg nó ag fáil fostaíochta in áit seachas a ghnáth-áit chónaithe. Cuireann Airteagal 9 (2) ar chumas an Aire Saothair aon chostais a thabhaigh duine ag taisteal go dtí a áit fhostaíochta nua a shlánú don duine sin agus dá chleithiúnaithe. Tugann an fhoráil seo le tuiscint gur féidir leis an Aire suimeanna a íoc go díreach leis na cleithiúnaithe. Sa mhéid sin tá sé éagsúil le hAirteagal 9 (1) a thugann údarás don Aire costais a thabhaigh duine agus/nó a bhanchéile ag freastal ar agallamh maidir le haon fhostaíocht nua a shlánú don duine sin. Le halt 46 (1) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 is féidir rialacháin a dhéanamh le haghaidh cúnamh airgeadais “do dhaoine dífhostaithe nó do dhaoine a bhfuiltear ar tí a dhearbhú go bhfuil siad iomarcach”. Is é tuairim an Choiste nach mbaineann an fhoráil reachtúil le suimeanna a íoctar le daoine seachas an t-oibrí iomarcach cé nach mbeadh aon chur in aghaidh costais a thabhaigh sé i leith chleithiúnaithe a íoc leis. Aontaíonn an Roinn Saothair leis an dearcadh sin (féach Foscríbhinn V) agus tá beartaithe aici na Rialacháin a leasú nuair is caothúil. Níor íocadh aon suim le duine ar bith seachas an duine iomarcach nó an duine dífhostaithe agus ní bheartaítear a leithéid a íoc. Dírítear aird speisialta freisin ar an ionstraim seo in alt 6 den Tuarascáil seo. 6. Ar fhoras (IV), is é sin “go n-airbheartaíonn sí éifeacht chúlghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an reacht bunaidh aon údarás sainráite chun sin a fhoráil” dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar an dá ionstraim seo a leanas:— Na Rialacháin Iomarcaíochta (Cúnamh Athlonnaithe), 1968 [I.R. Uimh. 8 de 1968]. Rinne an tAire Saothair na Rialacháin seo an 5 Eanáir, 1968 agus rinneadh toiliú an Aire Airgeadais leis an ionstraim mar is gá le halt 46 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 a fhormhuiniú uirthi an 25 Eanáir, 1968. De réir buantreoracha, is gnách go mbíonn an dáta céanna síniúcháin ar ionstraimí den chineál seo a mbíonn síniú beirt Aire le cur orthu. Sa chás speisialta seo níor comhlíonadh na treoracha de dhearmad (féach Foscríbhinn V) ach toisc go bhfuarthas toiliú an Aire Airgeadais maidir leis na forálacha sonraithe sula ndearnadh an ionstraim cuireadh na Rialacháin i gcrích amhail ón 5 Eanáir, 1968. I gCuid III den Tuarascáil seo tá tagairt ag an Roghchoiste d’amhrais a d’fhéadfadh a bheith ann faoi dháta feidhme ionstraimí a rinne Aire amháin agus ar thoiligh Aire eile leo níos deireanaí. D’ainneoin aon amhras dá shórt a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an ionstraim atá i gceist anseo chinn an Coiste aird speisialta a dhíriú uirthi mar ní fheictear don Choiste go mbeartaíonn an reacht bunaidh go mbeadh toiliú an Aire Airgeadais cúlghabhálach. Díríodh aird speisialta freisin ar an ionstraim seo in alt 5 den Tuarascáil seo. Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Innill Iascaireachta a Cheadúnú) (Leasú), 1968. Ní mór don Aire Talmhaíochta agus Iascaigh agus d’Aireacht Talmhaíochta Thuaisceart Éireann rialacháin dá sórt seo a rinne Coimisiún Iascaigh an Fheabhail faoi alt 13 d’Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 a cheadú. Foráiltear le hAirteagal 1 den ionstraim seo go dtiocfaidh na rialacháin i bhfeidhm an séú lá is fiche d’Fheabhra, 1968. Cheadaigh an Aireacht an ionstraim ar an 21ú lá d’Fheabhra, 1968 agus cheadaigh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh í ar an 6ú lá de Mhárta, 1968. Deir an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh (féach Fóscríbhinn VI) gur ghá an dáta feidhme a ordaíodh san ionstraim mar go raibh sé beartaithe forálacha a chur inti maidir le foirm iarratais nua ach nuair a ligeadh na forálacha sin ar ceal níor ghá an dáta feidhme a bheith níos luaithe ná an 1 Aibreán. Trí dhearmad fágadh an seandáta mar a bhí d’ainneoin nach raibh éifeacht ar bith aige ar chúrsaí. Tá aird speisialta á dhíriú ag an gCoiste ar an ionstraim, áfach, mar nach measann sé gur bheartaigh an reacht bunaidh go mbeadh ceadú an Aire cúlghabhálach. Tá aire speisialta dírithe freisin ar an ionstraim seo in alt 7 den Tuarascáil seo. 7. Ar fhoras (V), is é sin, “go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagan os comhair Sheanad Éireann nó lena fhoilsiú,” dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar na seacht n-ionstraim seo a leanas:— An Scéim Aoisliúntais faoin Acht Forbartha Móna, 1953 (Fostaithe Ginearálta) (Leasú), (Uimh. 3), 1967. Rinneadh an tOrdú: 29 Nollaig, 1967; Leagadh é faoi bhráid: 30 Eanáir, 1968. Tá an míniú a thug an Roinn Iompair agus Cumhachta i bhFoscríbhinn VII. Dírítear aird speisialta ar an ionstraim seo ar fhorais eile in alt 8 den Tuarascáil seo. Na Rialacha um Rialacha na dTrádmharcanna, 1963, (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 64 de 1968]. Rinneadh an tOrdú: 8 Márta, 1968; Leagadh é faoi bhráid: 21 Márta, 1968. Tá an míniú a thug an Roinn Tionscail agus Tráchtála i bhFoscríbhinn VIII. Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Abhainn na Finne agus Abhainn an Fheabhail (Séasúr Coiscthe le haghaidh Duánachta), 1968. Rinneadh an tOrdú: 21 Feabhra, 1968; Leagadh é faoi bhráid: 27 Márta, 1968. Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Tráth Coiscthe Seachtainiúil), 1968. Rinneadh an tOrdú: 21 Feabhra, 1968; Leagadh é faoi bhráid: 27 Márta, 1968. Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Séasúr Coiscthe le haghaidh Duánachta) (Córas na Moirne), 1968. Rinneadh an tOrdú: 21 Feabhra, 1968; Leagadh é faoi bhráid: 27 Márta, 1968. Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Innill Iascaireachta a Cheadúnú) (Leasú), 1968. Rinneadh an tOrdú: 13 Márta, 1968; Leagadh é faoi bhráid: 27 Márta, 1968. Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Údarú Duánachta Abhainn na Finne), 1968. Rinneadh an tOrdú: 13 Márta, 1968; Leagadh é faoi bhráid: 27 Márta, 1968. Tá an míniú a thug an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh i bhFoscríbhinn VI. Dírítear aird speisialta freisin ar na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Innill Iascaireachta a Cheadúnú) (Leasú), 1968 ar fhorais eile in alt 6 den Tuarascáil seo. 8. Ar fhoras (vi), is é sin, “go mba cheart ar aon fháth speisialta a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú”, dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas:— Na Rialacháin um Údaráis Tithíochta (Ranníocaí agus Bainistí Muirear Iasachtaí), 1967 [I.R. Uimh. 71 de 1967]. Baineann Airteagal 6 de na Rialacháin sin leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh údaráis tithíochta tithe a ligean. Faoi mhír (f) d’fho-Airteagal (1) tá sé de cheart ag údarás tithíochta dul isteach athuair agus seilbh a athghabháil ar theaghais mar gheall ar shárú, neamh-chomhlíonadh nó neamh-urramú aon cheann de a forálacha sa chomhaontú ligin. Admhaíonn an Roinn Rialtais Áitiúil (féach Foscríbhinn IX) go bhfuil an fhoráil faoi réir alt 14 (1) den Conveyancing and Law of Property Act, 1881, arna leasú, a fhorálann nach bhfuil ceart den sórt sin chun dul isteach athuair “enforceable, by action or otherwise, unless and until the lessor serves a notice specifying the particular breach complained of and, if the breach is capable of remedy, requiring the lessee to remedy the breach and, in any case, requiring the lessee to make compensation in money for the breach, and the lessee fails, within a reasonable time thereafter, to remedy the breach, if it is capable of remedy, and to make reasonable compensation in money, to the satisfaction of the lessor for the breach”. Deir an Roinn go dtugann an coinníoll a fhoráiltear le hAirteagal 6 (1) (p) ceart don údarás tithíochta cúiteamh a fháil ach admhaíonn sí gur fíor-annamh a bhaintear feidhm as. Maíonn an Roinn freisin go gcuireann an coinníoll in iúl go soiléir do thionónta go bhfuil sé de cheart ag an údarás áitiúil seilbh a athghabháil ar an teaghais sna toscaí áirithe atá luaite. Is é a dhéanann an t-údarás áitiúil, áfach, nuair a bhíonn seilbh á athghabháil acu ar theaghais go gcloíonn siad leis an nós imeachta a fhoráiltear le hAilt 3 agus 62 d’Acht na dTithe, 1966 agus le hAirteagail 6 (1) (a) agus 6 (1) (r) de na Rialacháin. Faoin nós imeachta seo foirceanntar an tionóntacht trí fhógra a thabhairt sa tslí a fhorordaítear agus a iarraidh ar an Chúirt Dúiche barántas a eisiúint má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an tionónta seilbh a thabhairt suas. Níl aon bhaint ag an nós imeachta seo le hAirteagal 6 (1) (p) de na Rialacháin ná leis an Conveyancing and Law and Property Act, 1881. Tar éis an chomhfhreagrais a bhí ag an gCoiste leis an Roinn ní thuigtear fós don Choiste cad is aidhm d’Airteagal 6 (1) (p) agus dá bhrí sin tá aird speisialta á dhíriú air. An Scéim Aoisliúntais faoin Acht Forbartha Móna, 1953 (Fostaithe Ginearálta) (Leasú) (Uimh. 3), 1967. Deirtear go ndearna an tAire Iompair agus Cumhachta an ionstraim seo i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 6 den Acht Forbartha Móna, 1953. Ceadaíonn sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na leasuithe a rinneadh ar an Scéim Aoisliúntais faoin Acht Forbartha Móna, 1953 (Fostaithe Ginearálta), 1956 (arna leasú) atá sa sceideal a ghabhann leis an ionstraim. Foráiltear le halt 6 (6) den Acht go bhféadfaidh Bord na Móna “tráth ar bith, le ceadú an Aire, scéim faoin alt seo a leasú” agus gur gá comhthoiliú an Aire Airgeadais maidir le haon scéim leasaitheach den sórt sin. Sa tagairt a rinne an Roinn Iompair agus Cumhachta faoi gan aon ní a bheith ráite san ionstraim gurbh é Bord na Móna a rinne an Scéim leasaitheach a bhí á ceadú (féach Foscríbhinn VII) dúirt an Roinn gur dheimhin leis an Aire gur Scéim a rinne Bord na Móna a bhí sa Scéim. Dar leis an Roinn ní gá ceadú an Aire a thabhairt trí ionstraim ach má thugtar é amhlaidh nach gá de réir dlí go mbeadh aon ráiteas ar leith san ionstraim mar eolas. Tugtar faoi deara (féach Foscríbhinn X) go ndearnadh athrú ar chruth scéime leasaithí eile a rinne Bord na Móna le déanaí d’fhonn taispeáint ar a aghaidh gurbh é Bord na Móna iarbhír a rinne é. Cuireann alt 6 (7) den Acht Forbartha Móna, 1953 faoi deara mar a leanas: “Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadós sé faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe”. Is é dearcadh an Choiste go gcuireann an fhoráil seo faoi deara go leagfar an scéim féin a rinne Bord na Móna faoi bhráid gach Tí agus nach gcomhlíontar an ceanglas sin trí ionstraim a rinne an tAire Iompair agus Cumhachta ag tabhairt téarmaí aon scéim den sórt sin a leagan faoina mbráid. CUID IIIIonstraimí nach mór Ceadú, Comhthoiliú nó Toiliú ina leith.9. Maidir le gach ionstraim reachtúil a bhreithníonn an Roghchoiste bíonn air cinneadh a dhéanamh maidir leis an dáta a dtagann an ionstraim i ngníomh mar go mbíonn air faoina théarmaí tagartha a bhreithniú an airbheartaíonn an ionstraim éifeacht chúlghabhálach a bheith aici nuair nach dtugann an reacht bunaidh aon údarás sainráite chuige sin. Cinntear an dáta ar a dtagann ionstraim i ngníomh trí fhoráil shainráite san ionstraim féin nó trí alt 9 (2) den Acht Léiriúcháin, 1937 a fhorálann, mura ndeirtear a mhalairt san ionstraim sin, go dtuigfear an ionstraim sin “a bheith i ngníomh ó dheireadh an lae roimh lá déanta na hionstraime sin”. Tá roinnt ionstraimí reachtúla ann nach féidir a dhéanamh ach ag Aire amháin le ceadú, comhthoiliú nó toiliú Aire eile nó ag comhlacht reachtúil le ceadú Aire amháin le comhthoiliú Aire eile. Má tá ionstraimí den sórt sin ag brath ar alt 9 (2) den Acht Léiriúcháin, 1937, d’fhéadfadh amhras a bheith ann i dtaobh cé acu dáta acu seo a leanas is dáta tosach feidhme: an dáta ar a ndearna an tAire tionscnaimh an ionstraim nó an dáta ar tugadh an ceadú, an comhthoiliú nó an toiliú iomchuí. Nuair a scrúdaigh Roghchoiste eile an cheist seo san am a caitheadh bhíothas den bharúil go bhféadfadh athrú a bheith ann ó ionstraim go hionstraim. Bhí ar an gCoiste sin breithniú a dhéanamh ar alt 3 (2) (a) den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath) (Sealadach), 1948 (atá aisghairthe anois) a d’fhoráil go bhféadfadh an tAire Rialtais Áitiúil “le hordú arna dhéanamh roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 1949, Cuid II den Acht seo a choimeád i bhfeidhm go ceann sé mhí ón lú lá d’Iúil, 1949”. D’fhoráil alt 3 (2) (b): “Gach ordú a dhéanfar … is le toiliú an Aire Sláinte a dhéanfar é.” Chuir Comhairleoir Dlíthiúil na Roinne Rialtais Áitiúil in iúl don Choiste (féach T. 152; Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 15) gur tástáladh bailíocht na n-orduithe sin de réir an dáta a thoiligh an tAire Sláinte leis an Ordú. An an taobh eile den scéal cuireadh in iúl don Choiste sin (féach T. 154; Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 1) gurb é an dáta criticiúil chun críocha Ordaithe a raibh cumhacht ag an Aire Dlí agus Cirt faoi alt 13 d’Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 é a dhéanamh “le cead an Aire Airgid” an dáta a ndearna an tAire Dlí agus Cirt an tOrdú agus nach é an dáta ina dhiaidh sin a bhfuarthas ceadú an Aire Airgeadais. Ag an bpointe seo is cuí tagairt a dhéanamh do thuairimí an Dréachtóra Pharlaiminte a chuir an Roinn Airgeadais faoi bhráid an Choiste seo (féach Foscríbhinn X) i dtaobh na scéimeanna aoisliúntais a chumhachtaítear do Bhord na Móna a dhéanamh faoi alt 6 den Acht Forbartha Móna, 1953. Féadfar Scéimeanna den sórt sin a dhéanamh le ceadú an Aire Iompair agus Cumhachta agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais. Is é dearcadh an Dréachtóra gur léir gur ghá go gcuirfí in iúl do Bhord na Móna go raibh an ceadú tugtha ionas go bhféadfadh sé an scéim a chur i gcrích. Is fíor-annamh, áfach, a tharlaíonn na deacrachtaí dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo (ach féach alt 6 den Tuarascáil seo) mar is gnách, ón mbliain 1956 i leith, a chinntiú go mbíonn an dáta céanna le síniú na nAirí ar ionstraimí a dhéanann Aire amháin le ceadú Aire eile. Thairis sin, bíonn clásal ina luaitear an dáta tosach feidhme i mórchuid ionstraimí agus sin mar a bhíonn an scéal de ghnáth i gcás ina ndéanann comhlachtaí reachtúla ionstraimí le ceadú nó le comhthoiliú Aire amháin nó níos mó. Níl an Coiste seo sásta go hiomlán go bhfuil an dáta céanna don síniú oiriúnach mar nós imeachta. Is é barúil an Choiste go seachnaíonn sé deacracht ach nach réitíonn sé é agus ní féidir bheith i dtaobh leis i gcás ionstraimí áirithe a dhéanann comhlachtaí reachtúla le ceadú Airí; mar shampla, na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Innill Iascaireachta a Cheadúnú) (Leasú), 1968 dá dtagraítear in alt 6. Dá bhrí sin bhí sé faoi mheas ag an gCoiste ar chóir a mholadh go mbeadh clásal ina luafaí an dáta tosach feidhme in gach ionstraim reachtúil. In omós an dearcaidh a chuir an Roinn Airgeadais in iúl dó, áfach, (féach Foscríbhinn X) chinn sé gan aon mholadh ginearálta a dhéanamh. Tá an Coiste go láidir den tuairim, mar sin féin, nár chóir dátaí éagsúla a cheadú do na síníthe i gcás amhras a theacht as i dtaobh dáta thosach feidhme aon ionstraime agus molann sé i gcásanna áirithe ina dtarlódh amhras dá leithéid gur chóir go mbeadh clásal iomchuí san ionstraim lena fhoráil go dtiocfadh sí i ngníomh ar lá a bheadh luaite. Tá gné eile fós a bhaineann le hionstraim den sórt sin ar mhaith leis an gCoiste tagairt dó. Tabharfar faoi deara (féach Foscríbhinní VII agus X) i gcás inar gá ceadú Aire d’ionstraim a rinne údarás eile, nach gá, de réir dlí, an ceadú a fhormhuiniú ar an ionstraim mura bhforáiltear sin leis an reacht bunaidh. Is é a tharlaíonn go dtugtar ceadú an Aire nuair a dhéantar an formhuiniú iomchuí ar an ionstraim agus is maith leis an gCoiste an t-eolas a bheith acu ón Roinn Airgeadais go bhfuil ar intinn cloí leis an gcleachtadh sin. Tá aird á dhíriú ag an gCoiste ar an gceist, áfach, i gcás gur mhaith leis an Seanad, nuair a bheadh tograí reachtaíochta á mbeartú san am le teacht, oibleagáid reachtúil a dhéanamh den chleachtas atá ann faoi láthair. (Sínithe) W. A. W. SHELDON, Cathaoirleach. 19 Márta, 1969. *T.212—Pr. 9648, 7 Meitheamh, 1967. |
||||||||||||