Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::23 July, 1969::Appendix

APPENDIX 17.

BÓITHRE AISE SA GHAELTACHT

An Cléireach,


An Coiste um Chuntais Phoiblí.


Ag cruinniú den Choiste um Chuntais Phoiblí ar an 12 Nollaig, 1968, gheall mé go gcuirfinn eolas ar fáil mar gheall ar iarratais chun feabhas a chur ar bhóithre áise sa Ghaeltacht.


Is iomaí slí ina bhfaightear scéal i dtaobh na mbóithre sin, e.g. moladh nó fiafraí ó Theachta Dála, litir ó choiste áitiúil, ó eagras éigin eile nó ó dhuine príobháideach, focal ó dhaoine a mbíonn Stiúrthóir áitiúil na Roinne ag plé cúrsaí leo, nó b’fhéidir i gcúpla slí acu sin don aon bhóthar amháin. Faightear tuarascáil ón Stiúrthóir i ngach cás. Bítear ag brath ar an gComhairle Chontae (nó ar Oifig na Scéimeanna Fostaíochta Speisialta tráth) chun meastachán costais a chur ar fáil agus chun an obair a dhéanamh nuair a cheadaítear deontas.


Obair leanúnach ó bhliain go bliain a bhíonn ar siúl sna cúrsaí seo ach, má thógtar an bhliain 1967-68 agus Gaeltacht na Gaillimhe mar shampla, is féidir na céimeanna éagsúla a chomhaireamh mar seo a leanas:—


(1)

Moltaí, fiafraithe agus litreacha

—34

(2)

Tuarascálacha ón Stiúrthóir

—48

(3)

Meastacháin chostais a fuarthas

—32

(4)

Deontais a ceadaíodh

—37

(5)

Deontais (Nó codanna de dheontais) a íocadh

—61

Tuigfear, ar ndóigh, nach iad na cásanna céanna atá i ngach figiúr acu sin agus go n-áirítear—i gcuid de na figiúirí—cásanna ina bhfuarthas na hiarratais roimh thús na bliana 1967-68 agus cásanna eile nár ceadaíodh deontais ina leith roimh dheireadh na bliana sin.


Tugann sampla Ghaeltacht na Gaillimhe léargas ar an nós imeachta agus, má bhíonn tuilleadh eolais ag teastáil ón gCoiste, beidh áthas orm é a chur ar fáil.


L. TÓIBÍN,


Oifigeach Cuntasaíochta,


Roinn na Gaeltachta.


5 Feabhra, 1969.