Committee Reports::Interim and Final Reports of the Committee - Appropriation Accounts 1966 - 1967::27 June, 1968::Report

TUARASCÁIL DEIRIDH

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 30 EANÁIR 1968

1. Fanfaidh an Coiste leis na tuairmí breise ón Aire Airgeadais ar mhír 25 de thuarascáil an Choiste dar dáta 10 Márta 1966, ar mhíreanna 3, 12 agus 27 de Thuarascáil an Choiste dar dáta 17 Samhain 1966, agus ar mhír 20 de Thuarascáil an Choiste dar dáta 14 Iúil 1967.


Tuarascáil dar dáta 14 Iúil 1967

2. Tá an-imní ar an gCoiste i dtaobh an £75,000 de mhéadú breise ar an meastachán a tugadh dó san Aibreán 1967 le haghaidh atógáil Amharclanna na Mainistreach agus na Péacóige. Fágann sin go gcosnóidh an atógáil £725,000, nó mar sin, san iomlán.


Ní fios don Choiste an bhfuil deireadh cloiste aige faoin obair sin. Is léiriú follasach é ar phleanáil easnamhach agus ar an dochar a leanann é, ó thaobh airgid. Is mór ar fad an díomá don Choiste é nár glacadh lena mholtaí maidir le táillí gairmiúla agus molann sé gur chóir an scéal seo a fhiosrú go hiomlán ionas go mbeadh smacht níos géire ar an gcaiteachas ar thionscadail mhóra tógála ar mhaithe leis an Státchiste.


3. Tugann an Coiste dá aire na bearta a rinneadh, nó atá le déanamh, chun go mbeadh rialú níos fearr ar dhrugaí agus ar leigheasanna a chuirtear ar fáil do na seirbhísí sláinte. Ba mhaith leis go mbeadh eolas le fáil aige i dtaobh aon athbhreithniú a dhéanfaí maidir le hathruithe i leagan amach na seirbhísí sin.


4. D’ainneoin ar dhúirt an tAire is deacair leis an gCoiste géilleadh dó nach bhféadfaí láithreán níos saoire a fháil do stáisiún taighde iascaigh. Measann an Coiste go raibh an £9,000 a íocadh ar an láithreán iomarcach agus is cosúil gur beag aird a tugadh ar leas an Státchiste.


Foscríbhinn 5.


5. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach cad é an toradh a bhí ar an gcomhfhreagras idir an Roinn, an t-ailtire agus an conraitheoir i dtaobh na lochtanna ar an linn snámha in Ionad Traenála an Gharda sa Teampall Mór.


CUID II—CUNTAIS AR LEITHLIGH

Roinn na Gaeltachta

6. Sa deontas-i-gcabhair £220,000 do Ghaeltarra Éireann don bhliain atá faoi léirmheas, áiríodh £170,000 le haghaidh costas reatha agus £50,000 chun a chumasú don Bhord deontais chaipitiúla a íoc le miontionscadail táirgíochta a fhorbairt. Ní raibh ach £5,145 sna deontais sin ar fad sa bhliain, agus le ceadú na Roinne Airgeadais úsáideadh £44,855 d’fhuílleach mar mhéadú ar an airgead i gcomhair costais reatha. Thuairiscigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gurbh é a thuairim go neartódh sé ceannas Dháil Éireann i gcásanna den sórt sin dá ndéanfaí an soláthar do chaiteachas caipitiúil agus do chaiteachas neamhchaipitiúil i ndeontais-i-gcabhair ar leithligh. D’ainneoin na fianaise a thug an tOifigeach Cuntais agus an Roinn Airgeadais ag iarraidh éascaíocht éigin faoi réim fortheorainn an deontais-i-gcabhair, tháinig an Coiste ar an mbarúil gur bhfearr soláthar ar leithligh a dhéanamh do mhíreanna caipitiúla agus do mhíreanna costais reatha ionas go bhféadfadh Dáil Éireann ceannas níos éifeachtaí a bheith aici.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí

7. Níor oibrigh “Fág an Bealach”—dreidire a ceapadh chun gaineamh agus gairbhéal a shú, ach 12½ sheachtain ar fad sna trí bliana 1962-63 go 1964-65 agus níor úsáideadh í ar aon chor i 1965-66 ná i 1966-67. Sna cúig bliana sin ligeadh an dreidire amach ar cíos i gcuan an Inbhir Mhóir. Shaothraigh sí £1,900 as an obair sin, ach bhí £19,500 caiteachais uirthi ar a n-áirítear £16,000 as luach saothair. Sean-árthach í gan mórán úsáide inti agus níor athraíodh na táillí cíosa le tamall de bhlianta. Dá mbainfí an táille iomlán tráchtála amach, ba lú go mór an caillteanas as oibriú an árthaigh.


Tá súil ag an gCoiste go ndéanfar socrú go luath i dtaobh an árthaigh seo agus ba mhaith leis eolas a fháil faoina bhfuil beartaithe.


8. Íocadh £2,300 as obair bhreisama le 80 den 130 oibrí i gcuan Dhún Laoghaire sna cúig sheachtain dar chríoch 21 Nollaig 1966. Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste fiafraí faoin sórt oibre a bhí ar siúl agus faoi tháirgiúlacht na foirne oibre a mheas go rialta. Dushraith nua coincréide do phiara bhád na litreacha a bhí i gceist, agus bhí an obair á dhéanamh ina ranna. Ach ní fhéadfaí roinn amháin a chríochnú do thrácht na Nollag gan obair bhreisama a dhéanamh. Ní raibh aon chóras foirmiúil ann an uair sin chun táirgiúlacht na foirne oibre a mheas, ach ón 1 Aibreán 1967 tosaíodh ar chóras ar bhonn trialach d’aicmí áirithe oibre, agus féadfaidh aicmí eile a bheith i gceist amach anseo.


Cuireadh in iúl don Choiste gur chuir Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí an córas chun feidhme i gcás formhór na gcineálacha oibre, lena n-áirítear cleachtas ceardlainne agus siúinéireacht, ach fad a bhí innealtóir á oiliúint i modhanna oibre, níor áiríodh an obair chothabhála a bhí ar siúl lasmuigh ar na piaraí agus ar an gcuan. Bhí na Coimisinéirí sásta leis na torthaí go dtí seo; tháinig méadú suntasach ar an táirgiúlacht. Bheadh an Coiste ag súil leis go dtiocfadh de leathnú ar an staidéar saothair go mbeadh feabhas ar éifeacht na hoibre agus sábhailt dá bharr sin don Státchiste. Ba mhaith leis eolas a fháil faoina bhfuil ar siúl.


9. I dtaca leis an obair a luadh sa mhír sin roimhe seo, thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste dá aire freisin go ndeachthas faoi chostais bhreise i leith na foirne oibre toisc gur úsáideadh modhanna mí-éifeachtacha chun coincréid a mheascadh agus a iompar. Tar éis fiosrú a dhéanamh fuair sé amach, mar gheall ar an gcinneadh gur chóir laghdú a dhéanamh ar an gcaiteachas ar sheirbhísí caipitiúla, nárbh fhéidir suaiteoir agus dhá dhumpaire a cheannach ar chostas £3,400 leis an obair a dhéanamh go tíosach agus dá dhroim sin nach raibh bealach as ach fir a fháil leis an obair a dhéanamh. Ó tharla an obair sin a bheith ar siúl le tamall de bhlianta, ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil faoin gcostas breise a bhí ann de bharr na modhanna mí-éifeachtacha a luadh. Is maith leis gur gheall an tOifigeach Cuntais dó nach dtarlódh an sórt seo ruda feasta.


Cosaint

10. Mar gheall ar an droichead a rinne Gabháltais Chruach na hÉireann, Teoranta, idir Inis Sionnach agus tír mór níl lainsí na Roinne in ann seoladh idir an Chóbh agus Inis Píc agus b’éigean seirbhís bád eile, a chosain £6,900, a chur sa tsiúl i gcaitheamh na bliana. Níl cearta ar bith ag an Roinn ar an droichead agus le linn iniúchadh a bheith á dhéanamh chonacthas gurbh obair fhadálach é seachadadh stórais ar bháid agus go raibh caill mhór ann ag láimhsiú ábhar scaoilte. Ar chonlán an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste chuathas i gcomhairle le Gabháltais Chruach na hÉireann, Teoranta, agus fuarthas cead an droichead a úsáid chun stórais a sheachadadh do Bhunáit an Chabhlaigh.


Toisc gur leis an Stát an Chuideachta go hiomlán, is oth leis an gCoiste nach bhfuil ceart ag comhaltaí na Seirbhíse Cabhlaigh atá ar an Oileán an droichead a úsáid. Ba chóir, dar leis an gCoiste, comhar níos fearr a bheith idir an Chuideachta agus an Roinn.


Talmhaíocht

Foscríbhinn 16.


11. Idir 1955 agus 1958 rinneadh oibreacha siltin, a chosain £51,669, ar abhainn na Righe chun go mb’fhusa míntíriú a dhéanamh ar thalamh i gcontaetha Chill Dara agus na Mí. Bhí sé ceaptha go ndéanfadh Oifig na nOibreacha Poiblí an obair chothabhála agus go ngnóthódh sí an costas ó na Comhairlí Contae ach cuireadh i bhfios do na Comhairlí sin sa bhliain 1961 nach raibh údarás reachtúil acu an t-airgead a aisíoc. Éiríodh as an gcothabháil i 1962, agus faoin am sin bhí £3,620 caite ag Oifig na nOibreacha Poiblí thar ceann na Roinne Talmhaíochta.


Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar an gcás seo mar ba léir leis, nuair a éiríodh as an gcothabháil, gur tharla meath mór agus gur baineadh go mór de thairbhe na hoibre a rinneadh i dtosach. Idir dhá linn bhí comhfhreagras ag an Roinn Talmhaíochta le hOifig na nOibreacha Poiblí lena fháil amach an bhféadfaí an moll oibre ba ghá i mBealtaine 1967 a ghabháil de láimh mar scéim shiltin airtéirigh faoi fhorálacha an Achta Siltin Airtéirigh 1945; ina dhiaidh sin d’fhéadfadh an dá Chomhairle Contae íoc go reachtúil as costais chothabhála san am le teacht.


Bhí cásanna dá shórt faoi bhráid an Choiste san am a caitheadh inar ligeadh d’obair, ar íoc na cáiníocóirí as, meath cheal cothabhála, ionas go raibh ar na cáiníocóirí íoc arís le bail a chur ar an damáiste a rinneadh sa tslí sin. Is léir go raibh diomailt airgid phoiblí sa chás seo nuair a ligeadh d’obair a chosain os cionn £50,000 meath. Cé go n-admhaíonn an Coiste go mb’fhéidir gur bhain deacrachtaí ó thaobh dlí le hairgead a fháil ó na Comhairlí Contae, measann sé gur chóir go gcoimeádfaí an obair chothabhála ar siúl go dtí go n-aimseofaí réiteach ar na deacrachtaí sin. Ba chóir aon chor nua sa scéal a chur i bhfios don Choiste.


Tailte

12. Rinne roinnt tionóntaí gearán i dtaobh lochtanna ar na tithe cónaithe a rinne Coimisiún na Talún dóibh le blianta beaga anuas trí shaothar díreach. Teach amháin a rinneadh i 1960 ar chostas £1,654, chosain sé £490 idir 1962 agus 1965 leis na lochtanna ann a chur i gceart agus sa bhliain 1967 socraíodh go dtabharfaí £1,000 chun íoc as deisiúcháin bhreise móide táillí gairmiúla. Tairgeadh £200 agus £300 in dhá chás eile mar shocrú ar éilimh i leith lochtanna ar thithe a rinneadh i 1961 agus 1964 ar chostas £1,836 agus £2,784, faoi seach; agus ceadaíodh £723 i mí Eanáir 1967 chun 5 theach a rinneadh i 1964-65 ar chostas £15,567 a dheisiú. Seo a leanas go hachomair na príomh-chúiseanna a bhí leis na lochtanna ar na tithe sin. Bhí laige sna láithreáin agus fuarthas amach le gairid go raibh na sonraíochtaí oibre easnamhach. Fostaíodh oibrithe breacoilte agus níor leor an mhaoirseacht toisc folúntais a tharla san fhoireann chigireachta. Thug an tOifigeach Cuntais le fios don Choiste nach raibh sna tithe a rinneadh le saothar díreach agus a bhfuarthas lochtanna orthu ach céatadán an-beag de thithe dá sórt a rinne Coimisiún na Talún. Is lú i bhfad costas na dtithe sin ná costas tithe a dhéantar faoi chonradh, agus ba chóir go dtiocfadh laghdú amach anseo ar na gearáin toisc sonraíochtaí feabhsaithe a bheith ar fáil, maoirseacht níos fearr a bheith á dhéanamh agus gan ach oibrithe oilte a bheith á bhfostú. Tá súil ag an gCoiste, de bharr na bhfeabhsúchán sin, go mbeidh toradh níos fearr ar an obair ina n-úsáidfear saothar díreach.


13. Is tuigthe ó thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur mionsuimeanna atá ina lán de na tráthchodanna blianachtaí a bhailítear faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus bhí fiafraí aige, ar spreagadh daoine leis na blianachtaí a fhuascailt nó an raibh aon ghnás foirmiúil ann lena aghaidh sin, ar mhaithe le tíos i gcúrsaí riaracháin. De thoradh fianaise fuair an Coiste amach nach raibh aon pholasaí socair ann chun tabhairt ar dhaoine blianachtaí a fhuascailt toisc mórán nithe a bheith le cur san áireamh. Ach bhí Coimisiún na Talún toilteanach scéim thrialach a oibriú le go bhfeicfí cén toradh a bheadh uirthi. Roghnaíodh Co. Dhún na nGall, toisc a lán cásanna beaga a bheith ann, agus má bhíonn rath ar an scéim ansin d’fhéadfaí í a thriail in áiteanna eile, ach chaithfí an méid sin ar fad a dhéanamh go saorálach. Tuigtear don Choiste go bhfuil tuairim 23,000 blianacht faoi bhun 10s. agus nach beag na costais a bhaineann lena dtabhairt chun cuntais. Thairis sin tá os cionn 500,000 cuntas blianachta ar fiú £4 18s. 0d. nó mar sin, ar an meán, gach blianacht acu, agus ba mhór an tíos i gcúrsaí riaracháin é dá spreagfaí daoine chun iad a fhuascailt. Ba mhaith leis an gCoiste tuilleadh eolais a fháil ó am go ham.


Iompar agus Cumhacht

14. I mí Mheithimh 1961 glacadh le tairiscint £199,710 chun foirgneamh a chur ar fáil don Riarachán Teicniúil agus mar lónlann don fhoireann in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Ailtirí na Roinne a leag amach an foirgneamh seo i 1958-59; agus i dtuairim an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste bhí dóthain ama ann le go mbeadh fios cad é go díreach a bhí ar intinn sular ligeadh an foirgneamh amach ar chonradh. Fuair sé amach, áfach, nuair a scrúdaigh sé an bille cainníochtaí a d’ullmhaigh gnólacht suirbhéirí cainníochta go raibh £77,000 san iomlán ar áireamh ann mar shuimeanna sealadacha agus céadchostais, agus £43,000 eile le haghaidh fochonarthaí i gcóir seirbhísí meicniúla, etc. I ndeireadh na dála fuair sé amach nár sonraíodh go mion ach luach £80,000 den obair. Nuair a scrúdaigh sé an ráiteas deiridh ar chostais don fhoirgneamh seo fuair sé amach go ndearnadh, idir athruithe conartha agus choigeartú ar shuimeanna sealadacha agus suimeanna P.C., £136,396 (ar lár) agus £145,276 (breisiú), 86 faoin gcéad agus 92 faoin gcéad, faoi seach, d’athrú ar an gconradh iomlán, gan na seirbhísí meicniúla a chur san áireamh.


Measann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste nuair a dhéantar moill le pleanáil mhion sonrach go dtugtar deis chun athruithe a dhéanamh agus go ngabhann de mhí-bhuntáiste leis sin nach eol costas na n-oibreacha go cruinn go dtí go mbíonn siad críochnaithe. Is é an gnás i dtíortha eile, comh fada agus is eol dó, a dúirt sé, pleanáil agus sonraí a dhéanamh go mion sula ligtear an obair amach ar chonradh mar go meastar gur spáráil ama agus airgid é. A mhalairt de dhearcadh a chuir an tOifigeach Cuntais in iúl ina chuid fianaise. Is é gnás a Roinne go n-áireofaí mar shuimeanna céadchostais an obair is iomchuí do sholáthróirí sainiúla, mar nach mbeadh an dara rogha ann ach éirí as comórtas agus ainmneacha trádála, monaróirí nó fochonraitheoirí a shonrú, rud a bheadh bun os cionn le nós imeachta an Rialtais i leith conarthaí. Luaigh sé freisin nár mhór don Roinn a bheith suite meáite de go mbeadh an córas a mhol an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste níos tíosaí agus níos éifeachtaí.


Tá grinnscrúdú déanta ag an gCoiste ar an dá dhearcadh éagsúla a tugadh san fhianaise. Faoin ngnás a leantar i gconarthaí móra foirgníochta, tá barraíocht saoirse ag an ailtire, ionas nach mbíonn fios ag an gcliant roimh ré, is é sin le rá, an cáiníocóir sa chás seo, cad a bheidh le híoc aige. Ó thaithí an Choiste ní tharlaíonn a leithéid i gcúrsaí gnó príobháideacha mar is eol don chliant an méid airgid is acmhainn dó a chaitheamh agus leagtar amach pleananna agus sonraíochtaí dá réir sin. Go mion minic le blianta beaga anuas thuairiscigh an Coiste droch-thoradh a tháinig de cheannas airgid a chailleadh trí phleanáil easnamhach. Is ceist thábhachtach í seo agus ní mór do gach Roinn a mbíonn baint aici le conarthaí, dianmhachnamh a dhéanamh uirthi.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Cáin Ioncaim (Íoc mar a Thuillir)

15. Fuair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste amach sa scrúdú a rinne sé nach raibh cuntais iomlána ann i dtaobh fostóirí a rinne faillí i gcásanna a bhain le cártaí asbhainte cánach, agus nárbh fhéidir an beart áirithe a rinneadh maidir le gach cás a bhreacadh síos mar gheall ar an sórt ríomhaire a bhí acu an uair sin. Tar éis ceist a chur tugadh le fios dó, nuair a aistreofaí cuntais na bhfostóirí go dtí an ríomhaire nua, atá á úsáid in ionad an tsean-chinn, go bhféadfaí cuntas cuimsitheach a choinneáil. Bhí 600 cás ar feitheamh chun cáin a ghnóthú iontu agus 1,000 cás maidir le fostóirí nár chuir isteach cuntais mhíosúla.


16. Fuair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste amach freisin nach ndearnadh beart críochnaitheach in aghaidh aon fhostóirí a rinne faillí i gcásanna stampleabhair agus tugadh le fios dó gurbh é ba chúis leis sin an fhoireann a bheith curtha i mbun oibre a raibh níos mó cánach le gnóthú dá bharr. San fhianaise mhínigh an tOifigeach Cuntais an nós imeachta go mion don Choiste. Ar an 1 Feabhra 1968 bhí 137 folúntas ar an bhfoireann agus ní raibh an ríomhaire nua ag obair go feadh a chumais. Dúirt sé freisin go raibh deacrachtaí tromaí ó thaobh reachtaíochta ar na Coimisinéirí, maidir leis an gcárta asbhainte cánach agus leis an stampleabhar, agus dá réiteofaí na deacrachtaí sin go bhféadfaí an cháin a bhailiú níos éasca ná mar a rinneadh go dtí seo.


Cáin Láimhdeachais

17. Is trí chomparáid a dhéanamh leis na cuntais bhliantúla chun críocha Cánacha Ioncaim a choimeádtar súil ar chruinneas na dtuairisceán ar láimhdeachas inchánaithe. Ní dhearnadh an tseiceáil sin ar dhóigh a shásódh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste go hiomlán. Luaigh sé go speisialta nach ndearnadh aon seiceáil i gceantair Bhaile Átha Cliath agus nach raibh ach trian de na daoine cláraithe go léir i gceist sa chomparáid a rinneadh. Mhínigh an tOifigeach Cuntais go raibh an tseiceáil chun deiridh mar gheall ar easpa foirne agus dúirt go bhfuair siad amach sa bhliain atá faoi mheas gur tharla asbhaint ró-íseal cánach agus mírialtachtaí i 320 cás ar fad sna limistéir a ndearnadh fiosrú fúthu an tráth sin.


Ina thuarascáil maidir le Cáin Ioncaim (Íoc mar a Thuillir) agus Cáin Láimhdeachais bhí an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an tuairim nár leor socruithe na gCoimisinéirí Ioncaim chun an t-ioncam a shlánú, agus cé gur shíl na Coimisinéirí go raibh an t-ord fiúntais i gceart acu, mheas sé gur mhíshásúil an rud é go mbeadh ar na Coimisinéirí rogha a dhéanamh a d’fhágfadh go gcuirfí ar atráth bearta leis an gcáin a bhaint amach go hiomlán sna cásanna dár tagraíodh.


Is rímhaith a thuigeann an Coiste an stró agus an strus a cuireadh ar fhoireann na gCoimisinéirí Ioncaim mar gheall ar chórais nua chasta cánachais a bheith le cur i gcríoch acu le blianta beaga anuas. Dá ainneoin sin, braitheann sé, ag féachaint don méid a dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus lena gcothrom cirt a thabhairt don líon mór daoine a íocann a gcuid cánach go hionraic, gur chóir gach dícheall a dhéanamh chun dul sa tóir ar lucht na mainneachtana, agus gur chóir aon reachtaíocht a bheadh riachtanach chuige sin a ullmhú gan mhoill.


Sláinte

Foscríbhinn 31.


18. Ba mhaith leis an gCoiste ráiteas comparáideach a fháil gach bliain ar chostais ghnáth-riaracháin, contae ar chontae, maidir leis na seirbhísí sláinte agus go mbeadh an ráiteas sin mar atá i gceangal leis an tuarascáil seo.


Foscríbhinn 32.


19. I dtuarascáil roimhe seo rinne an Coiste tagairt do sheirbhísí sláinte a chur ar fáil, saor ó tháille, do dhaoine seachas daoine a bhfuil cártaí liachta acu. Deir míniú amháin, go bhfaigheann duine cóireáil ó dhochtúir i limistéir áirithe toisc go mbíonn fios ag an dochtúir gurb othar san íseal-aicme ioncaim an duine atá ag fáil na cóireála uaidh agus nach bhfuil gá foirmiúil leis an gcárta. Cé gur fíor go bhfuil líon na gcásanna sin ag laghdú, measann an Coiste gur chóir seiceáil trialach a dhéanamh ó am go ham maidir le hacmhainn othair lena fháil amach an bhfuiltear ag sárú na scéime.



Foscríbhinn 33


20. Is léir ón ráiteas a ghabhann leis an bhfianaise go raibh laghdú ar an bhfáltas i leith “Airgead a d’Íoc an fhoireann a chónaíonn i bhForais i leith cóiríochta, béilí, etc.” i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Nuair a ceistíodh an tOifigeach Cuntais ina thaobh dúirt sé nár méadaíodh na rátaí le tamall; gur dócha go raibh níos mó den fhoireann ina gcónaí lasmuigh; agus cé gur tugadh arduithe pá nár cuireadh suas dá réir sin na táillí le haghaidh cóiríochta, béilí, etc. Nuair a bhí cúrsaí pá á socrú cuireadh na táillí sin san áireamh agus níor athraíodh iad de bhrí gur gabhadh leo mar chuid den socrú pá. Níl an Coiste sásta le socrú den sórt sin, mar tugann sé léargas mícheart ar chúrsaí agus thairis sin níl sé ceart ó thaobh prionsabail.


Foscríbhinn 33


21. Is beag athrú a tháinig ar an airgead a d’íoc othair i leith costas seirbhísí forais le tamall de bhlianta anuas, cé go raibh méadú go leanúnach ar chostais sa tréimhse chéanna. Is ranníoc an-bheag é £1.5 milliún as £34 milliún a caitheadh ar sheirbhísí sláinte.


Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach an bhféadfaí a dheimhniú cá mhéad atá an aicme mheán-ioncaim ag baint leas as na seirbhísí agus an bhfuiltear ag íoc as na seirbhísí sin de réir scálaí ceadaithe.


PÁDRAIG Ó hÓGÁIN (Tiobraid Árann Theas)


Cathaoirleach.


27 Meitheamh 1968.