Committee Reports::Report No. 04 - Statutory Instruments [26]::29 May, 1968::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 29 Bealtaine, 1968.

Wednesday, 29th May, 1968.

1. Chruinnigh an Coiste ar 5 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Maoil Eoin agus Mac Síthigh-Sceimhealtún.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a cuireadh isteach de réir Orduithe an 20 Márta, 1968, a bhreithiú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú chun Allmhairí a Shrianadh (Leasacháin ón nGearmáin Thoir), 1967 [I.R. Uimh. 254 de 1967].


Na Rialacháin chun Allmhairí a Shrianadh (Áit Tionscnaimh Leasacháin), 1967 [I.R. Uimh. 269 de 1967].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an Roinn Rialtais Áitiúil meabhrán breise a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Údaráis Tithe (Ranníocaí agus Bainistí Muirear Iasachtaí), 1967 [I.R. Uimh. 71 de 1967].


(iii) Ordaíodh: Go n-iarrfar ar an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh ionadaí a cheapadh chun teacht os comhair an choiste mar fhinné chun na hionstraimí seo a leanas a mhíniú:—


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Bó-ainmhithe a chur ar Taispeáint agus a Dhíol), 1967 [I.R. Uimh. 263 de 1967].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Caoirigh agus Muca a chur ar Taispeáint agus a Dhíol), 1967 [I.R. Uimh. 295 de 1967].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Daoine Teacht Isteach sa Stát), 1967 [I.R. Uimh. 287 de 1967].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Gluaiseacht Daoine), 1967 [I.R. Uimh. 266 of 1967].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Gluaiseacht Daoine), 1968 [I.R. Uimh. 25 de 1968].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Loingeas Ceannaíocht), 1967 [I.R. Uimh. 264 de 1967].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Spóirt agus Díolacháin), 1968 [I.R. Uimh. 30 de 1968].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Spóirt agus Díolacháin) (Uimh. 2), 1968 [I.R. Uimh. 37 de 1968].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Feithiclí, Innealra agus Trealamh eile a Allmhairiú), 1967 [I.R. Uimh. 243 de 1967].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Feithiclí, Innealra agus Trealamh eile a Allmhairiú) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 252 de 1967].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Feithiclí, Innealra agus Trealamh eile a Allmhairiú) (Leasú) (Uimh. 2), 1967 [I.R. Uimh. 267 de 1967].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Srian le Spóirt agus Díolacháin), 1967 [I.R. Uimh. 253 de 1967].


An tOrdú um an nGalar Crúb agus Béil (Ainmhithe a Allmhairiú) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 282 de 1967].


An tOrdú um an Ghalair Ainmhithe (Srian le Gluaiseacht Bólachta, Caorach agus Muc), 1967 [I.R. Uimh. 283 de 1967].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Ros Comáin), 1967 [I.R. Uimh. 306 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae na hIarmhí), 1967 [I.R. Uimh. 307 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Liatroma), 1968 [I.R. Uimh. 9 de 1968].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Lú), 1968 [I.R. Uimh. S16 de 1968].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Longfoirt), 1968 [I.R. Uimh. 25 de 1968].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Laoise), 1968 [I.R. Uimh. 42 de 1968].


Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Printíseacht agus Oideachas) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 17 de 1968].


An tOrdú um an mBord Athinmheachain Náisiúnta (Bunú), 1967 [I.R. Uimh. 300 de 1967].


An tOrdú fán Acht um Eiseachadadh, 1965 (Cuid II) (Uimh. 3), 1967.


An tOrdú um Ola-Thruailliú na Farraige (Tíortha an Choinbhinsiúin agus Tíortha Leasaithe an Choinbhinsiúin), 1967 [I.R. Uimh. 305 de 1967].


An tOrdú um Rialacháin Iombuailte (Longa agus Muirphlánaí ar an Uisce) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 18 de 1968].


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháilteachta) (Tíortha a Ghlactha), 1968 [I.R. Uimh. 34 de 1968].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí (Ranníocach) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 299 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 1 de 1968].


Na Rialacháin Iomarcaíochta (Ran-Áireamh agus Eisiamh i leith Arachais), 1968. (Dréacht).


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú. 1968 [I.R. Uimh. 36 de 1968].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (An Róidéis Theas), 1968 [I.R. Uimh. 48 de 1968].


An tOrdú um Fhorchur Dleachtanna (Táirgí Iarainn agus Cruach) (Uimh. 2), 1967 [I.R. Uimh. 303 de 1967].


An tOrdú um Praghsanna Uasta (Deochanna Meisciúla agus Deochanna Neamhalcólacha) (Uimh. 3), 1967 [I.R. Uimh. 291 de 1967].


Na Rialacháin um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Tobhach) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 54 de 1968].


Ordú na mBannaí Talún, 1968 [I.R. Uimh. 20 de 1968].


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád) [I.R. Uimh. 1 de 1968].


An tOrdú um Chóras Iompair Éireann (Droichead Binéad-Cill Chainnigh) (Crosaire Comhréidh Bhaile Uí Raidin), 1968 [I.R. Uimh. 47 de 1968].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Próiseáil Abhras) (Eisiamh), 1968 [I.R. Uimh. 19 de 1968].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Guma Coganta agus Milseogra) (Eisiamh), 1968 [I.R. Uimh. 23 de 1968].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na Stocaí Níolóin) (Eisiamh), 1968 [I.R. Uimh. 33 de 1968].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Polapropailéine) (Eisiamh), 1968 [I.R. Uimh. 41 de 1968].


An tOrdú fán Ordú um Shiopaí Feola (Uaire Trádála ar Laethe Seachtaine) (Baile Átha Cliath, Dún Laoghaire agus Brí Cualann), 1948 (Leasú), 1968.


An tOrdú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1968 [I.R.Uimh. 40 de 1968].


An tOrdú fán Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1967 (Cúlghairm), 1968 [I.R. Uimh. 39 de 1968].


An tOrdú fán Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 (An Lá Ceaptha), 1967 [I.R. Uimh. 302 de 1967].


Na Rialacháin Iomarcaíochta (Fógra i dtaobh Briseadh), 1968 [I.R. Uimh. 2 de 1968].


Na Rialacháin um Dheimhniú Iomarcaíochta, 1968 [I.R. Uimh. 3 de 1968].


Na Rialacháin Iomarcaíochta (Ranníocaí a Bhailiú), 1968 [I.R. Uimh. 4 de 1968].


Na Rialacháin Iomarcaíochta (Íoc agus Gnóthú Íocaíochtaí), 1968 [I.R. Uimh. 5 de 1968].


Na Rialacháin Iomarcaíochta (Lacáistí agus Íocaíochtaí Seachtainiúla), 1968 [I.R. Uimh. 11 de 1968].


Na Rialacháin Iomarcaíochta (Taifid a Iniúchadh), 1968 [I.R. Uimh. 12 de 1968].


Na Rialacháin Iomarcaíochta (An Binse Achomhairc Iomarcaíochta), 1968 [I.R. Uimh. 24 de 1968].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Limistéar atá le Glanadh) (Forálacha Ginearálta) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 44 de 1968].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Gluaiseacht a Rialú) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 54 de 1968].


Scéim Aoisliúntais na Meánmhúinteoirí (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 35 de 1968].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi alt 109), 1939 (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 46 de 1968].


Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1968 [I.R. Uimh. 53 de 1968].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Rásaíocht) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 52 of 1968].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an Roinn Saothair meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin Iomarcaíochta (Cúnamh Athlonnaithe), 1968 [I.R. Uimh. 8 de 1968].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6.5 p.m.