Committee Reports::Interim and Final Reports of the Committee - Appropriation Accounts 1966 - 1967::29 February, 1968::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 29 Feabhra, 1968.

Thursday, 29th February, 1968.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) (i gCeannas), na Teachtaí Pádraig de Búrca, Mac Bhloscaidh, Ó hÉaluighthe agus Ó Maolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1966-67.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1966-67. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Iompar agus Cumhacht, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, Cúirteanna agus Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh D. Ó Riordáin (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta), S. Réamonn (Cathaoirleach na gCoimisinéirí loncaim), P. Ó Béara (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), S. Ó Faoláin agus P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.20 p.m.