Committee Reports::Interim and Final Reports of the Committee - Appropriation Accounts 1966 - 1967::21 March, 1968::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 21 Márta, 1968.

Thursday, 21st March, 1968.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe agus Ó Maolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1966-67.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1966-67. Criochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Sláinte, An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar agus An t-Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh E.Ó Hargadáin (An Roinn Sláinte), C. Foghlaeir (Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.10 p.m.