Committee Reports::Report No. 04 - Statutory Instruments [26]::18 December, 1968::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 18 Nollaig, 1968.

Wednesday, 18th December, 1968.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Cruadhlaoich, Mac Domhnaill agus Yeats.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach de réir Ordú an 23 Deireadh Fómhair, 1968, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iv) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Innill Iascaireachta a Cheadúnú) (Leasú), 1968.


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (v) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Innill Iascaireachta a Cheadúnú) (Leasú), 1968.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Abhainn na Finne agus Abhainn an Fheabhail) (Séasúr Coiscthe le haghaidh Duánachta), 1968.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Tráth Coiscthe Seachtainiúil), 1968.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Séasúr Coiscthe le haghaidh Duánachta) (Córas na Moirne), 1968.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Údarú Duánachta Abhainn na Finne), 1968.


Na Rialacha um Rialacha na d’Trádmharcanna, 1963 (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 64 de 1968].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m.