Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [7]::07 June, 1967::Report

TUARASCÁIL

CUID I

1. Ó eisíodh an Dara Tuarascáil,* scrúdaigh an Roghchoiste an céad is ochtó (180) ionstraim atá liostáilto sna hImeachtaí.


Chinn an Roghchoiste, ar na hionstraimí a scrúdaíodh, gur cheart aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na seacht (7) n-ionstraim a dtugtar sonraí ina dtaobh i gCuid II don Tuarascáil seo.


2. De réir a théarmaí tagartha, thug an Roghchoiste, sula ndearna sé a thuarascáil, caoi do gach Roinn Rialtais nó don údarás eile lenar bhain an scéal cibé míniú a thabhairt ab iomchuí le húdarás déanta na hionstraime. Gheofar cóipeanna de na mínithe a soláthraíodh i bhFoscríbhinní I go V a ghabhann leis an Tuarascáil seo. I Miontuairiscí na Fianaise gheofar an fhianaise ó bhéal a tugadh i gcás ionstraimí áirithe.


CUID II

3. Mheas an Roghchoiste nár ghá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar aon ionstraim ar fhorais (i), (ii), ná (iv), dá Rún Tagartha.


4. Ar fhoras (iii), is é sin, “go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid éigin nach gnách nó nach raibh coinne léi a dhéanamh aici de na cumhachtaí a thug an Reacht faoina ndearnadh í,” tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar an dá ionstraim seo a leanas:—


Banc Ceannais na hÉireann: Scéim Aoisliúntais Leasaitheach, 1966.


I ndiaidh comhfhreagrais (féach Fóscríbhinn I) cheistigh an Roghchoiste beirt fhinné ón Roinn Airgeadais (féach Miontuairiscí na Fianaise Ceisteanna 1 go 17) faoin Scéim seo a rinne an Banc Ceannais le ceadú an Aire Airgeadais.


Is cuspóir de chuid na Scéime é a chumasú don Bhanc Ceannais aon mhéaduithe pinsean a údaraítear le hAchtanna na bPinsean (Méadú), agus le haon leasú nó leathnú amach anseo ar na hAchtanna sin, a chur i bhfeidhm ar aon aoisliúntas nó pinsean a dheonófar do Ghobharnóir, d’oifigigh nó do sheibhísigh an Bhainc. Beartaítear leis an Scéim a shocrú nach gá scéimeanna a dhéanamh feasta chun pinsinéirí an Bhainc a choimeád ar chomhrian le pinsinéirí na Státseirbhíse a thairbheodh de reachtaíocht a dhéanfaí feasta (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 1).


Chomh fada is a bhaineann le hoifigigh agus seirbhísigh an Bhainc tugtar údarás reachtúil le haghaidh na Scéime in alt 30 (1) d’Acht na bPinsean (Méadú), 1964, a fhorálann mar a leanas: “Aon fhoráil … á chumasú do bhord nó do chomhlacht eile scéim a dhéanamh le haghaidh pinsin a dheonú dá fhostaithe forléireofar í mar ní a chumasaíonn don bhord nó don chomhlacht scéimeanna a dhéanamh, ó am go ham, le ceadú ón Aire agus ón Aire iomchuí, le haghaidh pinsin is iníoctha le daoine a scoir ó sheibhís an bhoird nó an chomhlachta a mhéadú.” In alt 31 (4) den Acht Airgid Reatha, 1927, agus in alt 15 (4) d’Acht an Bhainc Cheannais, 1942, is ea a thugtar an chumhacht chun an scéim bhunaidh a dhéanamh le haghaidh oifigigh agus seirbhísigh an Bhainc.


De bhua alt 5 (3) d’Acht an Bhainc Cheannais, 1942, tá Gobharnóir ar an mBanc Ceannais ina chomhalta de Bhord an Bhainc, agus cé nár ghéill finné na Roinne Airgeadais ar an bpointe sin (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 6 go 10) dealraíonn sé gur deacair glacadh leis gur féidir chomh maith é a áireamh mar fhostaí ag an mBord chun a chás a thabhairt faoi alt 30 (1) d’Acht na bPinsean (Méadú), 1964. Ach d’áitigh an Roinn Airgeadais (féach Foscríbhinn I agus Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 6 go 10) nach ar Acht 1964, a bhraitheann an t-údarás reachtúil don mhéadú ar phinsean an Ghobharnóra ach ar alt 2 (1) d’Acht an Bhainc Cheannais, 1961, lena gcumasaítear scéim a bhaineann le Gobharnóir “a leasú ó am go ham.”


Sa mhéid go ndéantar leis an Scéim seo foráil chun aon mhéaduithe a dheonófar feasta le reachtaíocht do phisinéirí na Státseirbhíse a dhul i bhfeidhm go huathoibreach ar phinsinéirí an Bhainc is inlochtaithe leis an Roghchoiste í. Is é tuairim an Choiste gurb é intinn Acht, 1964, go mbainfeadh scéim ar leith le gach méadú a dheonófaí agus nárbh fholáir an scéim a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus d’fhéadfaí í a chur ar neamhní le rún ó cheachtar Teach. Dá réir sin, is cosúil go bhfágann an Scéim seo nach mbeadh an deis sin, atá ar forcoimeád go reachtúil do Thithe an Oireachtais, ar fáil feasta chun éifeacht a thabhairt don urlámhas Parlaiminteach.


Fairis sin, is rud inlochtaithe é go bhfeadfadh sé go n-iarrfaí amach anseo ar an Seanad glacadh le Bille a samhlófaí leis é a bheith ag baint le méaduithe do phinsinéirí na Státseirbhíse amháin, ach a bhainfeadh go firinneach le pinsinéirí an Bhainc Ceannais chomh maith. (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 11). Ní fheagra ar an gceist sin é a rá (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 15), ós rúd é go bhfuil sé de chumhacht ag an mBanc Ceannais téarmaí na nAchtanna Aoisliúntais a chur i bhfeidhm ar a scéimeanna féin go ndéantar pinsin faoi na hAchtanna Aoisliúntais de na pinsin is iníoctha faoi na scéimeanna. Feictear don Choiste go bhfuil bailíocht na bpinsean sin ag brath go hiomlán i gcónaí ar Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1961.


Dhealródh sé gurbh í an argóint a bhí ag an Roinn Airgeadais i láthair an Choiste (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 12 go 14) nach bhfuil méadú ar na rátaí pinsin ina leasú ar an scéim faoinar deonaíodh na pinsin, agus is cosúil go ndearna an Roinn méaduithe den sórt sin a cheadú roimhe seo i gcás an Bhainc Ceannais gan aon scéim fhoirmiúil a bheith déanta ar chor ar bith. Dá mbeadh an dearcadh sin ceart ní bheadh aon ghá le halt 30 d’Acht na bPinsean (Méadú), 1964. Cuireann an t-alt sin deireadh le haon amhras i dtaobh údarás an Bhainc chun pinsin a oifigeach agus a sheirbhíseach scortha a mhéadú. ach ní chumasaíonn sé don Bhanc iad a mhéadú ach amháin le scéimeanna a dhéanfar ó am go ham.


De réir dealraimh, áfach, is ar an gcumhacht a thugtar le halt 2 (1) d’Acht an Bhainc Ceannais, 1961, chun scéim an Ghobharnóra a leasú ó am o ham a bhraitheann bailíocht an mhéadaithe ar a phinsean, Tagann sé faoi cheist an leor an t-údarás sin le haghaidh méaduithe ar phinsean an Ghobharnóra. Ina leith sin de, is mian leis an gCoiste aird a tharraingt ar an scéim aoisliúntais leasaitheach chun pinsin a mhéadú a rinne an Bord Altranais ar an 7 Iúil, 1965, agus a cheadaigh an tAire Airgeadais ar an 2 Meán Fómhair, 1965. Cé go bhfuil cumhachtaí fairsinge leasúcháin (faoi réir a ndaingnithe ag an Aire Sláinte) ag an mBord Altranais, faoi alt 40 d’Acht na nAltran, 1950, tá sé sainráite ina scéim leasaitheach chun pinsin a mhéadú gur faoi údarás Acht na bPinsean (Méadú), 1964, a dhéantar é go páirteach. Baineann sé le dealramh nár mheas an Bord sin gur folaíodh cumhacht chun rátaí pinsean a mhéadú ina chumhacht chun scéimeanna a leasú.


Fágann sin go bhfuil faoi bhráid an Choiste trí bharúil chodarsnacha faoin nós imeachta is cuí chun pinsin a mhéadú. Roimhe seo is cosúil go raibh an Roinn Airgeadais ar an tuairim nár ghá aon scéim fhoirmiúil. Dealraíonn sé anois go bhfuil an Banc Ceannais ar an tuairim gur gá scéim ach gur leor d’údarás reachtúil chuige sin cumhacht chun scéimeanna a dhéanamh ó am go ham. Ar an láimh eile, dealraíonn sé go bhfuil an Bord Altranais ar an tuairim nach bhfuil aon údarás ann chun pinsin a mhéadú mura rud é go dtagann scéim faoi alt 30 d’Acht na bPinsean (Méadú), 1964. Os rud é go bhfuil na scéimeanna aoisliúntais sin go léir faoi réir a gceadaithe ag an Aire Airgeadais, feictear don Choiste go bhfuil sé dlite ar a Roinn na barúlacha codarsnacha sin a thabhairt chun réitigh.


Mar fhocal scoir, ba mhaith leis an Roghchoiste tagairt d’Airteagal 2 den Scéim, a fhorálann go ndéanfaidh an Banc gach ní is dóigh leis is gá chun go bhféadfar forálacha na nAchtanna Aoisliúntais a dhéanamh infheidhme go hiomlán i gcás gobharnóra, oifigigh nó seirbhísigh. Is é tuairim an Choiste go bhfuil an chaint sin ró-éidimhin ar fad lena húsáid in ionstraim reachtúil. Má theastaigh aon fhorálacha sna hAchtanna Aoisliúntais a chur in oiriúint agus chun feidhme i gcás scéimeanna pinsean an Bhainc, bheadh an Coiste ag coinne leis go ndéanfaí amhlaidh go sonrach san ionstraim. Fairis sin samhlaíonn sé go ndéantar san Airteagal sin úsáid nach gnách de chumhacht reachtúil an Bhainc sa mhéid go bhfuil sé sainráite ann gur leasú é ar scéimeanna a rinneadh cheana maidir le hoifigigh agus seirbhísigh. Níl aon fhoráil shonrach in Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais á údarú scéimeanna a leasú a bhaineann le hoifigigh agus seirbhísigh.


An argóint a rinne an Roinn Airgeadais go dtugann alt 15 (1) den Acht Léiriúcháin, 1937, an t-údarás is gá, ní argóint í a chuaigh ina luí ar an gCoiste, agus tugtar faoi deara nach bhfuil aon tagairt don Acht sin sa lua údaráis san ionstraim. Tuigeadh don Choiste riamh go dtagann gach ionstraim reachtúil faoi réir alt 15 (3) den Acht Léiriúcháin, 1937, agus ó tharla go bhfuil tagairt do scéimeanna in easnamh san fho-alt sin gurbh intuigthe nach foláir údarás chun scéim a chúlghairm nó a leasú a bheith luaite sa mháthair-reacht féin.


An tOrdú um Péist Eascainne Gas agus Bleibín, 1966 [I.R. Uimh. 2 de 1966].


Thug an Roghchoiste faoi phlé i gcomhfhreagras leis an Roinn Talmhaíochta (féach Foscríbhinn II) pointí áirithe maidir le hAirteagail 4 agus 7 den Ordú seo agus ina dhiaidh sin ceistíodh beirt fhinné a tháinig ina láthair ón Roinn (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 18 go 52).


Rinneadh an tOrdú faoi na cumhachtaí a thugtar don Aire Talmhaíochta le hailt 2 agus 3 d’Acht na Míngeacha Millteacha agus na Loitmhíola (Comhdhlúthú), 1958. Cumasaíonn alt 2 don Aire orduithe a dhéanamh “chun cosc a chur le haon mhíng mhillteach nó loitmhíol, nó aon ghníomhaire chun cosc bitheolaíochta a chur le loitmhíola plandaí, a thabhairt isteach sa Stát. Cumhachtaítear dó le halt 3 orduithe a dhéanamh chun cosc a chur leis na míngeacha, na loitmhíola nó na gníomhairí sin “leathadh sa Stát.” Foráiltear go sainráite in alt 3 gur cion é ordú arna dhéanamh faoin alt sin a shárú agus go bhféadfaidh an tAire pionóis ina leith a fhorchur le hordú. Níl a shamhail sin d’fhoráil i dtaobh pionós in alt 2.


Le hAirteagal 3 den Ordú toirmisctear síol oinniún a allmhairiú ach amháin faoi cheadúnas. De réir Airteagal 4 (1) den Ordú aon síol oinniún a allmhaireofar contrártha d’Airteagal 3, mura n-údarófar é a dhiúscairt ar shlí éigin eile le ceadúnas, “déanfaidh an t-allmhaireoir é a dhíothú láithreach ar a chostas féin nó, má ordaíonn an tAire é, déanfaidh duine éigin eile a shonróidh an tAire an síol a dhíothú.” Más ag an allmhaireoir a bhíonn an síol le díothú agus nach ndíothófar amhlaidh é, “beidh an t-allmhaireoir ciontach i gcion i gcoinne an Ordaithe seo” faoi Airteagal 4 (2) de agus féadfar fíneáil a chur air faoi Airteagal 9.


Chonacthas don Choiste go bhfuarthas an t-údarás le haghaidh Airteagal 4 ó alt 2 den Acht a chumasaíonn inter alia don Aire, le hordú, “a ordú nó a údarú aon earra den sórt sin a dhíothú, má thugtar i dtír é.” Dá mbeadh sin amhlaidh, dhealródh sé go ndéantar úsáid nach raibh coinne léi de chumhacht nuair a fhoráiltear pionóis i gcás nach ndéantar ach síol oinniúin (bíodh sé fabhtaithe nó ná bíodh) a allmhairiú. Ach sheas an Roinn Talmhaíochta air (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 19 go 22) gur ar alt 3 den reacht, agus nach ar ailt 2 de, atá bialíocht Airteagal 4 ag brath. Fiú má ghlactar leis an tuairim sin, áfach, measann an Cosite go bhfuil locht ar an bhforáil in Airteagal 4 mar atá sé dréachtaithe. Má allmhairíonn duine síol oinniún gan cheadúnas agus nach ndíothóidh sé é, tá ábhair uile an chiona déanta chomh fada is a bhaineann leis sean. Mar sin féin ní dhlitear fineáil a chur air mura rud é go bhfuil diúltaithe ag an Aire ceadúnas a dheonú chun an síol a dhiúscairt ar shlí eile nó ordú a thabhairt chun a dhíothaithe ag duine éigin eile. Insíodh don choiste gur “neamhdhócha ar fad” go dtabharfadh an tAire ceadúnas den sórt sin (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 24), agus nárbh fholáir don allmhaireoir “cúis mhaith éigin” a bheith aige sula dtabharfadh an tAire an t-ordú atá luaite (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 24). Is é tuairim an Choiste go bhfuil sé mícheart go mbeadh dliteanas duine chun a chúisithe i gCúirt agus chun a churtha faoi fhineáil ag brath ar chinneadh riaracháin post factum, agus ar an bhforas sin is dóigh leis gurb úsáid nach gnách de chumhacht reachtúil é an fhoráil atá in Airteagal 4.


De réir Airteagal 7 den Ordú: “Chun an tOrdú seo a fhorfheidhmiú nó chun aon sárú ar a fhorálacha a bhrath, féadfaidh aon oifigeach custam agus máil, comhalta den Gharda Síochána nó cigire … dul isteach ar aon talamh nó in aon áitreabh nó in aon trucail nó vaigín iarnóid, nó in aon long, bád nó soitheach nó árthach eile, nó in aon aerárthach, nó in aon áit a ndéantar longa, báid nó soithí nó árthaí eile nó aerarthaí a luchtú nó a dhíluchtú,” etc. Le halt 3 (2) (a) (ii) den mháthair-reacht cumhachtaítear don Aire, le hordú, a ordú nó údarás a thabhairt chun “dul isteach ar aon tailte,” agus le halt 3 (2) (c) (iii) údaraítear don Aire, le hordú, cumhacht a thabhairt “d’aon chigire” “dul isteach ar aon talamh.” Is é is cúram don Choiste sa chás seo an dtugann an t-údarás reachtúil an ceart chun dul isteach i dtrucailí iarnróid, i longa, i mbáid, i soithí nó in aerárthaí agus an dtugann sé cumhacht chun daoine seachas cigire a údarú dul isteach in aon cheann acu amhlaidh.


B’fhéidir go mbeadh an Coiste sásta glacadh leis an léargas gur gá de réir bheartas alt 2 den mháthair-reacht go mbeadh ag oifigeach custam agus máil cumhachtaí iomchuí chun cosc a chur le hallmhairiú gan cheadúnas, ach níor cuireadh ina luí air gur cheart an t-údarás sin a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána agus in aon chás ní dhealraíonn sé go bhfuil gá leis: dúirt finné na Roinne leis an gCoiste nár baineadh leas astu chun an tordú seo a chur i bhfeidhm agus nach dócha ar chor ar bith go mbainfí (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 44). Feictear don Choiste gur gá údarás reachtúil follasach chun go bhféadfadh oifigeach dul isteach ar mhaoin phríobháideach gan bharántas, agus ina thaobh sin de nuair a bhíonn ionstraimí reachtúla á ndréachtú nach foláir féachaint chuige go háirithe nach ndéantar cúngú thar mar is gá de réir an reachta ar chearta an duine. Ní deimhin leis an gCoiste go bhfuil Airteagal 7 i gcomhréir leis an méid sin.


5. Ar fhoras (v), is é sin, “go ndealraíonn sé go raibh moill neamhchóir ag baint lena leagan os comhair Sheanad Éireann nó lena fhoilsiú”, dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar na trí ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí (Ranníocach)) (Eatramhach) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 234 de 1966].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí (Ranníocach)), 1966 [I.R. Uimh. 235 de 1966].


Rinneadh: 21 Deireadh Fómhair, 1966; Leagadh: 9 Samhain, 1966.


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 247 de 1966].


Rinneadh: 31 Deireadh Fómhair, 1966; Leagadh: 14 Samhain, 1966.


Feicfear ón míniú a thug an Roinn Leasa Shóisialaigh (féach Foscríbhinn III) gur bhroid oibre le linn bheith ar ghannchuid foirne ba chúis leis an moill a bhain leis na hionstraimi a leagan faoi bhráid Sheanad Éireann.


6. Ar fhoras (vi), is é sin, “go mba cheart ar aon fháth speisialta a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú,” dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar an dá ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin um Blianachtaí Saoil (Talamh a Dhíol le Coimisiún na Talún), 1967 [I.R. Uimh. 27 de 1967].


Leis na rialacháin seo déantar socrú le haghaidh scéim trína bhféadfaidh Coimisiún na Talún gabháltais le daoine atá sean, nó éagumasaithe, nó dall, a cheannach ar bhlianacht saoil. Cumasaíonn Airteagal 9 do Choimisiún na Talún “ceart cónaithe sa teach cónaithe ar an talamh a dheonú don díoltóir ar feadh a shaoil agus ina dhiaidh sin do chéile marthanach nó do chleithúnaí ceadaithe marthanach an díoltóra ar feadh saol an chéile nó an chleithiúnaí sin ach titfidh an ceart cónaithe sin i léig ar bhás an chéile nó an chleithiúnaí sin”. Chonacthas don Choiste ar an bhforáil sin a léiriú go litriúil go bhféadfadh sí a thabhairt go dtitfeadh ceart cónaithe díoltóra i léig ar bhás a fháil do chéile nó do chleithiúnaí an díoltóra le linn an díoltóir a bheith beo, cé gur ar éigin a bhí sin d’intinn leis an bhforáil ag féachaint don ionstraim ina hiomláine. Uime sin d’iarr an Coiste ar an Roinn Tailte í a shoiléiriú agus tá freagra na Roinne tugtha i bhFoscríbhinn IV.


Deimhníonn an Roinn nach bhfuil sé ar intinn ceart cónaithe an díoltóra a bheith sochlóite ar a chéile nó a chleithiúnaí ceadaithe d’fháil bháis roimhe, agus meabhraítear gur leor úsáid na bhfocal “agus ina dhiaidh sin” agus “marthanach” in Airteagal 9 chun aon bhrí eile a chur as an áireamh. Is dóigh leis an gCoiste go bhfágann úsáid an chónaise “ach” in ionad “agus” roimh an abairt “titfidh an ceart cónaithe sin i léig ar bhás an chéile nó an chleithiúnaí sin” gurb intuigthe go bhfuil cáiliú á dhéanamh ar a bhfuil ráite roimhe sin. Dá bhrí sin tá aird speisialta á tarraingt ag an gCoiste ar an ionstraim toisc gan Airteagal 9 a bheith soiléir.


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha (Leasú) Uimh. 2, 1966 [I.R. Uimh. 193 de 1966].


D’fhiafraigh an Coiste de Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann an t-údarás a rinne an ionstraim seo, cén fáth ar ligeadh ar lár aisti an gnáthlua údaráis ag tagairt d’ailt iomchuí an Achta Aturnaetha, 1954. Tá freagra an Dlí-Chumainn leagtha amach i bhFoscríbhinn V.


Tabharfar chun suntais gur de neamart a fágadh ar lár é agus go ndéanfar go luath an ionstraim a chúlghairm agus a chorprú i rialacháin chomhdhlúite.


(Sínithe) W. A. W. SHELDON,


Cathaoirleach.


7 Meitheamh, 1967.


*T. 207—Pr. 9000, 11 Bealtaine, 1966.