Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1965 - 1966::20 April, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin 20 Aibreán, 1967.

Thursday 20th April, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí an comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Ó Cruadhlaoich, Ó h-Éaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árainn Theas) agus Ó Cionaodha.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1965-66.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1965-66. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Meánoideachas, Ceardoideachas, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Ollscoileanna agus Coláistí agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finnéithe a ceistíodh.


Ceistíodh an Dr. T. Ó Raifeartaigh (Rúnaí, An Roinn Oideachais), K. Foghlaeir (Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta), S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.20 p.m.