Committee Reports::Report No. 04 - Statutory Instruments [26]::13 December, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 13 Nollaig, 1967.

Wednesday, 13th December, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Maoil Eoin agus Eoin Ó Riain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Bord na gCon isteach de réir Ordú an 15 Samhain, 1969, a bhreithniú:—


Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Ordú Tagartha:—


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Rásaíocht), 1967 [I.R. Uimh. 133 de 1967].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (Ilghnéitheach) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 230 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath agus Contae Bhaile Átha Cliath) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 225 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Leasú (Uimh. 2), 1967 [I.R. Uimh. 224 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Míchumais, Dífhostaíochta agus Pósta) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 231 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Asláithreacht ón Stát) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 229 de 1967].


An tOrdú fán Acht um Ola-Thruailliú na Farraige (Leasú), 1965 (Tosach Feidhme), 1967 [I.R. Uimh. 122 de 1967].


An tOrdú um Ola-Thruailliú na Farraige (Réigiúin Toirmiscthe a Leathnú), 1967 [I.R. Uimh. 123 de 1967].


Na Rialacháin um Ola-Thruailliú na Farraige (Taifid) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 124 de 1967].


Na Rialacháin fán Acht um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 (Feidhm alt 10), 1967 [I.R. Uimh. 125 de 1967].


Na Rialacháin fán Acht um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 (Eisceachtaí agus Díolúintí) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 126 de 1967].


An tOrdú um Ola-Thruailliú na Farraige (Tíortha Leasaithe an Choinbhinsiúin), 1967 [I.R. Uimh. 127 de 1967].


An tOrdú um Údaráis Chuain (Ilghnéitheach) (Gan Toghcháin a Chomóradh), 1967 [I.R. Uimh. 151 de 1967].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 165 de 1967].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú, 1967 [I.R. Uimh. 36 de 1967].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (An Róidéis Theas), 1967 [I.R. Uimh. 50 de 1967].


Na Rialacháin Loingis Cheannaíochta (Tonnáiste), 1967 [I.R. Uimh. 213 de 1967].


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Comhaltaí a Thoghadh ar an gComhairle Chomhairleach), 1967.


An tOrdú um Péarslaí (Fógairt agus Cóireáil), 1967 [I.R. Uimh. 216 de 1967].


An tOrdú fán Acht um Margalanna Beostoic (alt 2) (Tosach Feidhme), 1967 [I.R. Uimh. 197 de 1967].


An tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 (alt 54) (An Lá Ceaptha agus Díolúintí), 1967 [I.R. Uimh. 217 de 1967].


An tOrdú Caomhanta Éanacha Géim, 1967 [I.R. Uimh. 194 de 1967].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Fíodóireachta Túáillí) (Eisiamh) (Uimh. 2), 1967 [I.R. Uimh. 270 de 1967].


Na Rialacháin um Iasc Grinnill (Láimhsiú, Stóráil agus Iompar), 1967 [I.R. Uimh. 223 de 1967].


An tOrdú fán Ordú um Bord Ospidéal Chorcaí (Bunú), 1966 (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 211 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae na Mí), 1967 [I.R. Uimh. 222 de 1967].


Ordú na Limistéar Gaeltachta, 1967 (Dréacht).


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsean (Rannaíocach) Seanaoise) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 248 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde) (Cúram Liachta) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 234 de 1967].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Lá Toghcháin, 1967), 1967 [I.R. Uimh. 238 de 1967].


Rialacháin na mBord Bainne (Toghcháin), 1967 [I.R. Uimh. 239 de 1967].


Na Rialacháin um an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (Forbairt Dhíolmhaithe), 1967 [I.R. Uimh. 176 de 1967].


Na Rialacháin um an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (Cóipeanna de Phleananna Forbartha), 1967 [I.R. Uimh. 154 de 1967].


Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Treoir-Mharcanna) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 128 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 65 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae-Bhuirg Phort Láirge agus Contae Phort Láirge), 1967 [I.R. Uimh. 74 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Chiarraí), 1967 [I.R. Uimh. 208 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Shligigh), 1967 [I.R. Uimh. 172 de 1967].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú) (Leasú) (Uimh. 2), 1967 [I.R. Uimh. 113 de 1967].


An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1967.


An tOrdú Saothair (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1967 [I.R. Uimh. 175 de 1967].


An tOrdú Rialtais Áitiúil (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1967.


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1967.


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1967.


An tOrdú um Chontae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath (Toghlimistéir), 1967 [I.R. Uimh. 47 de 1967].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an Roinn Rialtais Áitiúil meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Údaráis Tithe (Ranníocaí agus Bainistí Muirear Iasachtaí), 1967 [I.R. Uimh. 71 de 1967].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.30 p.m.