Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1965 - 1966::09 March, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin 9 Márta, 1967.

Thursday 9th March, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Pádraig de Búrca, Ó Cruadhlaoich, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árainn Theas) agus Ó Cionaodha.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1965-66.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1965-66. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Iompar agus Cumhacht, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, na Cúirteanna Breithiúnais agus Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh D. Ó Riordáin (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta), S. Réamonn (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), P. Ó Béara (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), C. Ó Broin, P. Mac Guill agus M. Ó Murchadha (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.20 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 13 Aibreán, 1967.