Committee Reports::Report No. 04 - Statutory Instruments [26]::02 August, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 2 Lúnasa, 1967.

Wednesday, 2nd August, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Maoil Eoin agus Eoin Ó Riain.


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Liathróidí Gailf) (Eisiamh), 1967 [I.R. Uimh. 56 de 1967].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fostaíochta), 1967 [I.R. Uimh. 57 de 1967].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fostaíochta) (Cúlghairm), 1967 [I.R. Uimh. 72 de 1967].


An tOrdú um an Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 (An Lá Ceaptha), 1967 [I.R. Uimh. 35 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1967 [I.R. Uimh. 77 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde) (Galair Fhorordaithe), 1967 [I.R. Uimh. 78 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Fostaíocht Inárachaithe (Díobhálacha Ceirde)), 1967 [I.R. Uimh. 80 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas) (Leasú), 1967. [I.R. Uimh. 81 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Éilimh agus Íocaíochtaí) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 85 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 89 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí a Bhailiú), 1967 [I.R. Uimh. 90 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 91 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde) (Cúram Liachta), 1967 [I.R. Uimh. 92 de 1967].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Asláithreacht ón Stát), 1967 [I.R. Uimh. 97 de 1967].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na gComhpháirteanna Leictreonacha) (Eisiamh), 1967 [I.R. Uimh. 136 de 1967].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Púitsí Tobac) (Eisiamh), 1967 [I.R. Uimh. 137 de 1967].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Próiseáil agus Pacáil Tobac) (Eisiamh), 1967 [I.R. Uimh. 138 de 1967].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na Stocaí Níolóine) (Eisiamh), 1967 [I.R. Uimh. 66 de 1967].


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Innill Iascaireachta a Cheadúnú) (Leasú), 1966.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Tráth Coiscthe Seachtainiúil), 1967.


Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Séasúr Coiscthe le haghaidh Duánachta), 1967.


An tOrdú fán Ordú um Scrúdú Portanna, 1924 (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 69 de 1967].


An tOrdú um Abhainn na hÉirne (Ceadúnais Áitiúla Speisialta) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 88 de 1967].


An tOrdú Aerloingseoireachta (Rialacha an Aeir) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 273 de 1966].


An tOrdú fán Acht um Dhlínse Mhuirí (Leasú), 1964 (Stáit Shonraithe) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 14 de 1967].


An tOrdú Aerfoirt Neamhchustam (Teorainneacha a Athrú), 1967 [I.R. Uimh. 39 de 1967].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú) (Uimh. 2), 1967 [I.R. Uimh. 51 de 1967].


An tOrdú um an bhForas Talúntais (Ainmniú Comhaltaí den Chomhairle ag Eagrais Talmhaíochta agus Eagrais Tuaithe) (Leasú), 1967.


Na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Costais Taistil agus Liúntas agus Costais Chothabhála d’Oifigigh) (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 60 de 1967].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Imdháil agus Seirbhísí), 1967.


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Táillí as Dul Isteach), 1967 [I.R. Uimh. 31 de 1967].


An tOrdú um Chosaint Giorraíocha (Contae na Mí), 1967 [I.R. Uimh. 73 de 1967].


An tOrdú um Chosaint Giorraíocha (Contae Phort Láirge), 1967 [I.R. Uimh. 87 de 1967].


Rialacháin na Suimitheoirí (Leasú), 1967 [I.R. Uimh. 58 de 1967].


An tOrdú um an Ordú Praghsanna Uasta (Plúr), 1966 (Cúlghairm), 1967 [I.R. Uimh. 48 de 1967].


Na Rialacháin um na Rialacháin Plúir agus Mine Cruithneachta (Praghsanna Forordaithe), 1967 (Cúlghairm), 1967 [I.R. Uimh. 49 de 1967].


Na Rialacháin um na Rialacháin Plúir Chomhrite (Céatadán Forordaithe Cruithneachta), 1967 (Cúlghairm), 1967 [I.R. Uimh. 50 de 1967].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreacha) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath), 1967 [I.R. Uimh. 76 de 1967].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Praghsanna Íosta ar Bhainne), 1967 [I.R. Uimh. 94 de 1967].


An tOrdú um Bord Bainne Ceantar Chorcaí (Praghsanna Íosta ar Bhainne), 1967 [I.R. Uimh. 95 de 1967].


An tOrdú um Praghsanna Uasta (Deochanna Meisciúla agus Deochanna Neamhalcólacha), 1967 [I.R. Uimh. 82 de 1967].


An tOrdú um Praghsanna a Chobhsú (Feidhmchoiméad), 1967 [I.R. Uimh. 64 de 1967].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:—


—Araíonacht, R.Ó.É.A.7—Leasuithe. Leasú Uimh. 34.


Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1967 [I.R. Uimh. 55 de 1967].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann meabhrán a chur isteach do mhiniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha, 1967 [I.R. Uimh. 44 de 1967].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.45 p.m.