|
TUARASCÁILCUID I1. Tar éis a thuarascáil den 31 Iúil, 1963, a eisiúint scrúdaigh an Roghchoiste a ceapadh le Rún an 21 Márta, 1962, an céad agus ceithre ionstraim déag atá liostáilte sna hImeachtaí. 2. De réir Rún an 7 Iúil, 1965, scrúdaigh an Roghchoiste seo Miontuairiscí na Fianaise a tógadh os comhair an Choiste a bhí ann roimhe seo, agus na meabhráin mhíniúcháin a cuireadh ina láthair, sa tréimhse a luaitear sa Rún. De thoradh an scrúdaithe sin chinn an Coiste gur chóir aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na deich n-ionstraim a dtugtar sonraí ina dtaobh i gCuid II den Tuarascáil seo. CUID II3. Measadh nár ghá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar aon ionstraim ar fhorais (ii), (iv), nó (v) de na téarmaí tagartha. 4. Ar fhoras (i), is é sin, “go bhforchuireann sí muirear ar an ioncam poiblí nó go bhfuil inti forálacha á cheangal íocaíochtaí a dhéanamh leis an Státchiste nó le haon Roinn Rialtais nó le haon údarás, áitiúil nó poiblí, i gcomaoin aon cheadúnais nó toilithe, nó i gcomaoin aon tseirbhísí a bheidh le déanamh nó go n-ordaíonn sí méid aon mhuirir nó íocaíochta den sórt sin”, tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar an dá ionstraim seo a leanas:— Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí), 1963 [I.R. Uimh. 191 de 1963]. Foráiltear le hAirteagal 31 (4) de na Rialacháin seo mar a leanas— “i gcás ina ndiúltófar iarratas ar cheadúnas feithicle seirbhíse poiblí déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin lenar íocadh an táille dhá thrian den táille a d’íoc úinéir na feithicle a aisíoc leis”. Cuireann alt 82 (2) (c) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, faoina ndearnadh na Rialacháin sin, ar chumas an Aire Rialtais Áitiúil rialacháin a dhéanamh á fhoráil “táillí sonraithe a íoc i leith ceadúnais, suaitheantais nó plátaí a dheonófar faoi na rialacháin agus diúscairt na dtáillí sin”. Ós dealraitheach nár bheartaigh an reacht bunaidh táille a bhaint amach ach amháin nuair a dhéanfaí ceadúnas, suaitheantas nó pláta a dheonú iarbhír, ceistíodh finné thar ceann na Roinne i dtaobh an údaráis chun trian den táille a choimeád i gcás inar diúltaíodh an ceadúnas (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 29 go 32). Ba é an deareadh a cuireadh in iúl thar ceann na Roinne go bhféadfaí an abairt “a dheonófar faoi na Rialach áin” a léiriú mar abairt a thugann tuairise ar na ceadúnais, na suaitheantais agus na plátaí atá i gceist agus nach raibh sé ina riachtanas muirearú an táille a bheith faoi theorainn na hócáide inar deonaíodh an ceadúnas iarbhír. Mheas an Roinn é a bheith reasúnach cuid den táille a choimeád chun íoc as an gcostas a bhain le scrúdú na feithicle. Is é dearcadh an Choiste, áfach, nár chóir cuid den táille a choimeád ach amháin le húdarás reachtúil follasach. Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú), 1964 [I.R. Uimh. 29 de 1964]. Foráiltear le hAirteagal 10 (2) de na Rialacháin sin go mbeidh táille 2/6 iníoctha ag aon duine a bheidh ag lorg eolais i dtaobh ceadúnas tiomána duine eile. Mhínigh finné thar ceann na Roinne Rialtais Áitiúil (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 24 go 28) gurb é alt 42 (1) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, an t-údarás le haghaidh na forála sin, agus go dtugann sé cumhacht don Aire “rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo den Acht seo”. Tugann an Roghchoiste dá aire go bhfuil na táillí eile go léir a shonraítear san ionstraim údaraithe faoi fhorálacha sainráite sa reacht bunaidh. Tugann sé faoi deara, mar shampla, in alt 42 (2) (f) go bhfuil údarás sonrach tugtha i gcás táillí ar cheadúnais tiomána i ndúbláid agus go mbaineann alt 42 (2) (i) go follasach le táillí ar cheadúnais tiomána shealadacha. Toisc nach ndéantar foráil go sonrach sa reacht bunaidh i leith na táille dá bhforáiltear in Airteagal 10(2), ní mór di, murab ionann agus na táillí eile, a bheith ag brath go hiomlán le haghaidh a bhailíochta ar na cumhachtaí ginearálta atá in alt 42 (1). Chinn an Coiste, dá bhrí sin, aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú air. 5. Ar fhoras (iii) “go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid nach gnách nó nach raibh coinne léi á dhéanamh aici de na cumhachtaí a thug an Reacht faoina ndearnadh í,” tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar na trí ionstraim seo a leanas:— Na Rialacháin um Dhíolacháin Phoiblí Cúnna, 1963 [I.R. Uimh. 34 de 1963]. Sna Rialacháin sin, a rinne Bord na gCon, foráiltear i gcás ceadanna ceantálaithe (Airteagal 3) agus ceadúnais chun díolacháin a chomóradh (Airteagal 10) go ndéanfar an t-iarratas “san fhoirm agus sa tslí sin a ordóidh an Bord”. In alt 38 (3) den reacht bunaidh, Acht Tionscail na gCon, 1958, foráiltear gur “sa bhfoirm fhorordaithe” a dhéanfar iarratais den sort sin. Faoi alt 5 (3) den reacht tugtar cumhacht don Bhord rialacháin a dhéanamh “i dtaobh aon ábhair nó ní dá dtagartar san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.” Mar sin, is léir, dar leis an gCoiste, gur chóir go mbeadh na foirmeacha iarratais forordaithe le rialachán. Thug ionadaí ón mBord fianaise (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 1 agus 2) go raibh sé beartaithe rialacháin leasaithe a dhéanamh a aisghairfeadh na forálacha i dtaobh ceadanna ceantálaithe agus a fhorordódh go cuí foirm iarratais le haghaidh ceadúnas chun díolacháin a chomóradh. Níor cuireadh na rialacháin leasaithe ar fáil fós ach tuigtear go bhfuil ar intinn i gcónaí ag an mBord iad a dhéanamh. Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú), 1964 [I.R. Uimh. 29 de 1964]. Cuireann Airteagal 10 (2) de na Rialacháin sin d’oibleagáid ar údarás ceadúnúcháin, ar é sin a iarraidh air agus ar tháille a íoc, go dtabharfaidh sé d’aon duine “cibé eolas a iarrfar maidir le haon cheadúnas tiomána, ceadúnas sealadach nó ceadúnas faoi Chuid III d’Acht 1933 a dheonóidh an t-údarás d’aon duine sonraithe”. Tá tagairt déanta cheana féin ag an gCoiste, i mír 4 den Tuarascáil seo, don táille atá forordaithe agus níl i gceist aige anseo ach an t-eolas nach mór d’údaráis cheadúnúcháin a thabhairt. Is é alt 42 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, an t-údarás reachtúil don fhoráil, agus faoi fho-alt 2 (h) den alt sin féadfar rialacháin a dhéanamh á fhóráil “eolas a bheidh ag údaráis cheadúnúcháin maidir le daoine a bheidh dícháilithe chun ceadúnais tiomána a bheith acu agus maidir le daoine ar formhuiníodh a gceadúnais faoin gCuid seo den Acht seo nó a ndearnadh a gceadúnais faoi Chuid III den Acht aisghairthe a chúlghairm faoin gCuid sin a chur ar fáil do chomhaltaí den Gharda Síochána agus do dhaoine eile”. Tá sé sainráite gur cumhacht í seo atá gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) d’alt 42 a chuireann ar chumas an Aire “rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo den Acht seo.” Dhealródh sé, ag féachaint dá théarmaí, go bhfuil Airteagal 10 (2) den ionstraim atá i gceist ag brath le haghaidh a bhailíochta ar ghinearáltacht fho-alt (1) d’alt 42 den reacht. Dúirt finné thar ceann na Roinne Rialtais Áitiúil agus é ag tabhairt fianaise (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 24 agus 28) gurb é cuspóir na forála a chur ar chumas cuideachtaí árachais eolas a fháil, chun críche a gnó, faoi cheadúnais tiomána agus gurb iad na cuideachtaí sin an t-aon dream amháin a bhaineann leas as na rialacháin sin. Maidir leis an abairt go dtabharfar d’aon duine “cibé eolas a iarrfar maidir le haon cheadúnas tiomána” chuir an finné in iúl gur leanúint í ar an gcumhacht a tugadh faoi Acht 1933 agus d’admhaigh sé gur abairt í a ngabhann cumhacht fhairsing léi. Níl an Roghchoiste sásta de bharr na fianaise a tugadh gur gá, chun éifeacht a thabhairt do Chuid III den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, an ráiteachas fairsing a úsáideadh in Airteagal 10(2) maidir le heolas a chur ar fáil. Na Rialacháin um Dhaoine Míchumasaithe (Liúntais Chothabhála), 1963 [I.R. Uimh. 142 de 1963]. In airteagal 5 (2) de na Rialacháin sin deirtear:— “(2) Beidh liúntas cothabhála is iníoctha faoin airteagal seo de réir an ráta sin a chinnfidh an t-údarás sláinte, faoi réir aon treoracha a eiseoidh an tAire”. Foráiltear le halt 50 (5) den Acht Sláinte, 1953, mar a leanas— “Déanfaidh údarás sláinte, de réir rialachán a dhéanfas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, socrú chun liúntais chothabhála d’íoc......................................”. Chuir an fhoráil sin i gcéill don choiste roimhe seo gur chóir feidhmeanna an Aire a oibriú trí “rialacháin”, agus dá réir sin d’fhiafraigh sé den Roinn Sláinte cá bhfaighfí an t-údarás reachtúil chun “treoracha” a eisiúint. D’fhreagair an Roinn (féach Aguisín V) gur tugadh treoir don Aire, ó tharla nach socraíonn an reacht bunaidh rátaí na liúntas sin ná nach bhforálann sé go sonrófaí na rátaí sin i rialacháin, go raibh ar a chumas aige an fhoráil atá in Airteagal 5 (2) de na Rialacháin seo a dhéanamh i leith na rátaí sin. Baineann an fhoráil áirithe sin le liúntais is iníochta le daoine míchumasaithe atá ag fáil traenála le haghaidh fostaíochta in imthosca éagsúla, agus measann an Roinn, dá bhrí sin, “narbh iomchuí ráta comhréimeach íocaíochta, arna cheapadh leis na Rialacháin, do na cásanna sin.” Faoi alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947, féadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas na Rialacháin sin a neamhniú má ritear rún chun na críche sin laistigh de lá is fiche tar éis á dtíolactha. Feictear don Choiste nach féidir le ceachtar Teach a chinneadh go héasca cé acu is ceart nó nach ceart an chumhacht sin a fheidhmiú má bhíonn an buneolas faoi rátaí na liúntas i dtreoracha nach mbíonn le feiceáil ar chor air bith ag na Teachtaí agus ag na Seanadóirí. Ar an ábhar sin measann an Coiste más é atá ag teastáil go mbeadh rátaí liúntas á rialú trí bhearta rialacháin gur chóir údarás reachtúil sonrach a bheith ann lena aghaidh sin. Má eisíodh treoracha ginearálta i dtaobh rátaí na liúntas sin tá ag dul den Choiste a thuiscint cén fáth nach bhféadfaí na treoracha féin a chur san ionstraim reachtúil. Murar eisíodh treoracha ginearálta tá an Coiste in amhras i dtaobh Airteagal 5 (2) sa dóigh a bhfuil sé dréachtaithe, a bheith iomchuí. 6. Ar fhoras (vi), is é sin, “go mba cheart ar aon fhátha speisialta a fhoirm nó a hairbheart a shoiléiriú” dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar na hocht n-ionstraim seo a leanas:— Na Rialacháin um Dhíolacháin Phoiblí Cúnna, 1963 [I.R. Uimh. 34 de 1963]. Rinneadh tagairt cheana do na Rialacháin seo, a rinne Bord na gCon, i mír 5 den Tuarascáil seo maidir le foirmeacha iarratais a fhorordú. Cuireann Airteagal 4 (2) d’oibleagáid ar shealbhóir chead ceantálaí “go gcomhlíonfaidh sé orduithe dleathacha an Bhoird faoi na Rialacháin.” Foráiltear le hAirteagal 11 (1) go gcomhlíonfaidh sealbhóir ceada chun díolacháin a chomóradh “orduithe an Bhoird.” Mheas an Coiste a bhí ann roimhe seo gur ghá fiosrú a dhéanamh i dtaobh cad iad na horduithe lena mbaineann na forálacha seo. Níor léirigh fiosrúchán a rinne Coiste eile* roimhe seo go raibh aon chumhacht ann a d’fhéadfaí a áireamh mar chumhacht iomchuí chun orduithe a thabhairt faoin reacht bunaidh. Níl de chumhachtaí chun orduithe a thabhairt glactha go sonrach sna Rialacháin féin ach amháin na cumhachtaí atá in Airteagal 3 agus 10, a cheanglaíonn faoi seach go gcaithfear iarratais ar cheadanna agus ceadúnais ceantálaí chun díolacháin a chomóradh a dhéanamh “san fhoirm agus sa tslí sin a ordóidh an Bord,” agus in Airteagal 4 (3), a chuireann d’oibleagáid ar an sealbhóir ar chead ceantálaí “go seolfaidh sé ag triall ar an mBord na taifid agus na doiciméid sin a ordóidh an Bord ó am go ham.” Mhínigh finné thar ceann an Bhoird (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 7) nach iad na “horduithe” sin a beartaíodh faoi Airteagail 4 (2) agus 11 (1) na cinn dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo ach gurb orduithe iad den sórt a bheadh riachtanach faoi chomhair teagmhas nach mbeadh coinne leo e.g. athrú a dhéanamh i n-aithghiorracht ar uaire díolacháin agus trialacha. Aontaíonn an Coiste seo go bhfuil sé réasúnach go mbeadh cumhacht den sórt sin ag an mBord ach measann sé gur chóir freastal go sonrach di san ionstraim, ó tharla na forálacha sonracha inti i leith ordaithe eile. Dála an scéil is léir ón bhfianaise (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 7) nach bhfuil aon tábhacht ar leith ag baint leis an idirdhealú de dhealramh idir orduithe dleathacha agus orduithe. Baineann roinnt forálacha sna Rialacháin le hathnuachan ceadanna agus ceadúnas agus forordaítear táille níos airde chun cead nó ceadúnas a dheonú den chéad uair ná chun é a athnuachan. Foráiltear i leith ceada [Airteagal 5 (3)] agus i leith ceadúnais [Airteagal 12 (3)] go mbeidh sé bailí “go dtí an 31ú Nollaig tar éis a eisiúna mura ndéanfar é a fhionraí nó a chúlghairm roimhe sin.” Sa reacht bunaidh, Acht Tionscail na gCon, 1958, luaitear [alt 38 (2) (b)] “ceadúnais a dheonadh, a choimeád nó a athnuachan”. Dúisíonn sé sin ceist i dtaobh céard is “athnuachan” ar chead nó ceadúnas. Mhínigh ionadaí an Bhoird (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 3) gurb é an cleachtas ceadúnas díolachán a athnuachan i dtosach an tséasúir rásaíochta i mí Feabhra. Más rud é áfach nar ndearna sealbhóir ar cheadúnas a chuaigh in éag an 31 Nollaig iarratas ar cheadúnas eile go ceann bliana ina dhiaidh sin, cuir i geás, an mbeadh sé i dteideal ceadúnas a fháil ar an táille is ísle ar an bhforas gur “athnuachan” a bhí á iarraidh aige? Dúradh thar ceann an Bhoird (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceist 6) nach mbeadh sin amhlaidh, mar go gciallaíonn an focal “athnuachan” rud éigin atá ar marthain cheana féin a athnuachan. Feictear don Choiste seo go bhféadfaí a áiteamh ós rud é go scoireann na ceadúnais go léir de bheith bailí an 31 Nollaig nach bhfuil aon ní ann le hathnuachan i ndiaidh an dáta sin. I dtuairim an Choiste is gá Airteagal 12 (3) a athdhréachtú lena thaispeáint go soiléir go bhféadfar ceadúnais a rachaidh in éag an 31 Nollaig a athnuachan anuas go dtí dáta sonraithe. Mar a léirítear i mír 6 den Tuarascáil seo tá na forálacha le haghaidh ceadanna ceantálaithe, maraon le hAirteagal 5 (3), á bhfágáil ar lár sna rialacháin nua atá á ndéanamh ag an mBord. Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Soilsiú Feithielí), 1963 [I.R. Uimh. 189 de 1963]. Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí), 1963 [I.R. Uimh. 190 de 1963]. Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí), 1963 [I.R. Uimh. 191 de 1963]. I ngach ceann de na hionstraimí sin (a ndearnadh tagairt do I.R. Uimh, 191 cheana féin i mír 4 den Tuarascáil) tá sé sainráite sna mínithe a rialaíonn forléiriú na rialachán go mbeidh feidhm acu “ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.” Thug ionadaí ón Roinn Rialtais Áitiúil le fios don Choiste a bhí ann roimhe seo (féach Miontuairiscí na Fianaise, Ceisteanna 18 agus 19) gur úsáideadh an abairt sin sna Rialacháin toisc í a bheith á húsáid freisin san Acht chun na mínithe ann a cháiliú. Cé go n-admhaíonn an Coiste gur ar éigin a bheadh súil go ndéanfadh an Roinn neamhshuim de shampla an Achta agus í ag dréachtadh na Rialachán, cinneadh ar aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí toisc go measann an Coiste go bhfuil cáiliú na mínithe sa tslí sin inlochtaithe. Is é deareadh an Choiste gur chóir i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs míniú seachas an ceann atá le baint as an gclásál míniúcháin go gcuirfí isteach míniú leasaithe ag an bpointe cuí agus go mbeadh sé sainráite ann go bhfuil feidhm theoranta mar is iomchuí leis. Na Rialacháin um Théiteoirí Ola, 1963 [I.R. Uimh. 9 de 1963]. Tá síniú an Aire Tionscail agus Tráchtála os cionn an sceidil a ghabhann leis an ionstraim seo. Tá an Coiste, dá bhrí sin, ag díriú aird speisialta air mar go measann sé nach bhfuil an sceideal fianaithe go cuí. Dúirt an Roinn Tionscail agus Tráchtála (féach Aguisín II) gur chuir an tAire a shíniú os cionn an sceidil sa chás seo toisc an sceidil a bheith chomh toirtiúil sin ach go ndéanfaí feasta sceidil in ionstraimí a chur os cionn an tsínithe faoi mar a mhol Coiste eile roimhe seo.* Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Cothabháil), 1963 [I.R. Uimh. 200 de 1963] Foráiltear leis na rialacháin seo go n-íocfar liúntais chothabhála le daoine a bhfuil galair aicídeacha orthu. Toisc nach bhfuil aon mhíniú ar “galar aicídeach” san ionstraim, ní léir óna téacs cad iad na galair áirithe a thagann faoi théarmaí na hionstraime. Chuir an Roinn Sláinte in iúl (féach Aguisín VI) go bhfuil sonrú ar ghalair aicídeacha in Airteagal II de na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha, 1948, arna leasú le hAirteagal 2 de na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Leasú), 1948. Cúlghaireadh Rialacháin 1963 ó shin agus tá an dlí mar atá faoí láthair sna Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Cothabháil), 1965. Sa mheabhrán míniúcháin atá ag gabháil leis an ionstraim dheiridh sin tá liosta tugtha de na galair aicídeacha a bhfuil liúntais iníochta ina leith agus tá beartaithe ag an Roinn cloí leis an nós imeachta sin feasta. Cé go dtiocfaidh feabhas ar an scéal de bharr beartas na Roinne, ní léir don Choiste seo cúis fónta ar bith nach mbeadh tagairt don mhíniú reachtúil san ionstraim féin. An Barántas Leasaithe Teileagraf (Teileagraim Scríofa Intíre) (Uimh. 8), 1963 [I.R. Uimh. 179 de 1963]. Na Rialacháin Chraolacháin (Ceadúnais Ghlacadóireachta) (Leasú), 1963 [I.R. Uimh. 199 de 1963]. In I.R. Uimh. 179 de 1963 foráiltear méaduithe ar na suimeanna is iníoctha roimh ré ar theileagraim áirithe agus in I.R. Uimh. 199 de 1963 foráiltear méaduithe ar chostas ceadúnas teilifíse agus raidió. Tá an Coiste ag díriú aird speisialta ar na hionstraimí toisc nach féidir ceachtar acu a thuiscint gan tagairt a dhéanamh don ionstraim atá á leasú acu. Ní raibh aon Nóta míniúcháin ag gabháil le ceachtar acu. Mhínigh an Roinn Poist agus Teileagrafa (féach Aguisíní III agus IV) gur de dhearmad a fágadh na nótaí míniúcháin ar lár sna cásanna seo. (Sínithe) W. A. W. SHELDON, Cathaoirleach. 17 Feabhra, 1966. * An Tríú Tuarascáil (T.183-Pr. 6167; mír 6) * An Chéad Tuarascáil (T. 152-Pr. 3001; mír 10) |
||||||||||||