Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments::11 May, 1966::Report

TUARASCÁIL

CUID I

1. Ó ceapadh é, scrúdaigh an Roghchoiste an dá chéad, fiche agus ceithre ionstraim atá liostáilte sna hImeachtaí. I gcúrsa comhfhreagrais le Roinn Rialtais amháin fuair an Coiste amach nach raibh aon cheanglas dlíthiúil ann, i gcás ionstraim amháin de na hionstraimí seo a leagadh faoi bhráid Sheanad Éireann mar thíolacadh reachtúil, an ionstraim sin a thíolacadh agus ar an ábhar sin, nár tháinig sé faoi théarmaí tagartha an Choiste. Tá cóipeanna den chomhfhreagras sin léirithe i bhFoscríbhinn I.


2. Chinn an Roghchoiste, ar na hionstraimí a scrúdaíodh, gur cheart aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar sé ionstraim a dtugtar sonraí ina dtaobh i gCuid II.


3. Chomh maith le bheith ag díriú aire speisialta ar ionstraimí sonraithe is mian leis an Roghchoiste a thuairmí i gcoitinne a nochtadh ar nithe a tháinig faoina aire le linn a dhíospóireachtaí. Tá na tuairmí sin le fáil i gCuid III.


4. De réir a théarmaí tagartha, thug an Roghchoiste, sula ndearna sé a thuarascáil, seans do gach Roinn Rialtais lenar bhain an scéal cibé míniú a thabhairt ab iomchuí leis. Gheofar cóipeanna de na meabhráin a soláthraíodh i bhFoscríbhinní II go X a ghabhann leis an Tuarascáil seo.


CUID II

5. Mheas an Roghchoiste nár ghá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar aon ionstraim ar fhorais (i), (ii), (iv), nó (v) dá Rún Tagartha.


6. Ar fhoras (iii), is é sin, “go ndealraíonn sé go bhfuil úsáid nach gnách nó nach raibh coinne léi a dhéanamh aici de na cumhachtaí a thug an Reacht faoina ndearnadh í,” tá aird speisialta Sheanad Éireann á dhíriú ar an dá ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú um Fhruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1965 [I.R. Uimh. 155 de 1965].


An tOrdú um Fhruiliú, 1965 [I.R. Uimh. 156 de 1965].


San Ordú um Fhruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1965 tá forálacha (Airteagal 3 agus Cuid II de Sceideal 2) ceaptha chun nach bhféadfar airgead don éarlais íosta a fhorordaítear le haghaidh fruilcheannaigh nó díol creidmheasa a fháil ar iasacht nó a fháil ar shlí eile nó a chomhaontú nó a shocrú é a fháil ar iasacht nó a fháil ar shlí eile ó mhionreacaire, ó mhór-reacaire nó ó dhéantóir na n-earraí. San Ordú um Fhruiliú, 1965 (Airteagal 3 agus Cuid II de Sceideal 2) tá forálacha dá samhail maidir leis an gcéad íocaíocht cíosa is iníoctha tar éis earraí a fháil faoi chomhaontú fruilcheannaigh. Tarlaíonn ceist i dtaobh cad iad na cásanna dá bhfuil sé beartaithe airgead a fháil ar shlí eile.


Chuir an Roinn Tionscail agus Tráchtála in iúl don Choiste (féach Foscríbhinn II) gur úsáideadh an dul cainte sin ionas go mbeadh an toirmeasc ar airgead a fháil do na chéad íocaíochtaí chomh leathan agus ab fhéidir toisc go bhféadfadh modhanna eile a bheith i gceist nach mbeadh ar an gcustaiméir airgead a fháil ar iasacht iarbhír. Níor shonraigh an Roinn, áfach, cad é an dul a bheadh ar na modhanna eile sin agus téann den Choiste a shamhlú cad iad na modhanna, seachas airgead a fháil ar iasacht, a mheasfaí go réasúnach a bheadh riachtanach chun comhaontaithe den chineál a bheadh i gceist a rialáil agus a rialú.


Is mian leis an Roghchoiste freisin aird speisialta a tharraingt ar Airteagal 7 (1) den Ordú um Fhruiliú, 1965, atá leagtha amach mar a leanas:—


“7. (1) Ní dhiúscróidh duine aon ghléas glactha teilifíse de bhun comhaontú chun an gléas sin a ligean ar fruiliú más eol dó—


(a) gur urasaíodh íocaíocht nasuime is gá a íoc iarbhír maidir leis an gcomhaontú sin le mír 3 de Chuid I de Sceideal 2 a ghabhann leis seo, trí bhoinn airgid a chur isteach i méadar sliotáin nó i bhfeiste eile a úsáidtear chun aon ghléas eile glactha teilifíse a oibriú, nó i ndáil ar shlí eile le haon ghléas eile glactha teilifíse a dhiúscair an duine sin nó aon duine eile tráth ar bith i rith na tréimhse naoi mí díreach roimh an gcomhaontú sin a dhéanamh chun an duine is fruilitheoir faoin gcomhaontú sin nó chun duine ar bith eile; nó


(b) gur diúscraíodh an gléas eile glactha teilifíse sin amhlaidh leis an intinn go ndéanfaí an íocaíocht sin maidir leis an gcomhaontú sin a urasú amhlaidh.”


Mhínigh an Roinn (féach Foscríbhinn II) gurb é cuspóir na forála sin cosc a chur le haon iarracht a dhéanfaí a theacht tuathal ar an gceanglas i dtaobh cion fiche seachtain cíosa a íoc mar chéad íocaíocht ar mhodh ina ndéanfaí an íocaíocht sin thar tréimhse roimh ré trí bhoinn airgid a chur isteach i méadar sliotáin nó i bhfeiste eile ceangailte do ghléas teilifíse eile a fruilíodh faoi chomhaontú roimhe sin. Is inmhianaithe go mbeadh feidhm ag an toirmeasc cibé acu ar fruilíodh nó nár fruilíodh go speisialta chun na críche sin an gléas sin eile a fruilíodh faoin gcomhaontú roimhe sin.


Cé go dtuígeann an Roghchoiste gur deacair srianú a dhéanamh ar mhodhanna seiftiúla chun teacht tuathal ar na Rialacháin tá gnéithe áirithe d’Airteagal 7 (1) a ndealraítear don Roghchoiste go bhfuil feidhm neamhghnách nó gan choinne á bhaint as an gcumhacht reachtúil iontu. Is é is éifeacht don fhoráil sin duine a bheidh ag ligean gléas teilifíse ar fruiliú a dhéanamh ciontach i gcion i gcás fios a bheith aige go bhfuair a chustaiméir gléas ar cíos i gcúinsí áirithe i gcaitheamh na naoi mí roimhe sin. Faoi mhír (a) ní ceadaithe dó gléas a ligean amach ar cíos más eol dó gur éascaíodh an chéad íocaíocht reachtúil trí bhoinn airgid a chur isteach i méadar sliotáin ar ghléas teilifíse a ligeadh amach ar cíos i gcaitheamh na naoi mí roimhe sin. Aisteach go leor, tá sé faoi dhliteanas cé nár pháirtí é san idirbheart roimhe sin ach is dealraitheach mar sin féin go bhfuil an fhoráil sin de réir chuspóir srianta na hionstraime. Is faide ná sin áfach, a théann mír (b). Ní theastaíonn ansin ach eolas gur ligeadh gléas amach ar cíos sna naoi mí roimhe sin ar an intinn go n-éascófaí an chéad íocaíocht ar ghléas eile sa tslí a dúradh. Faoi mar atá an mhír sin dréachtaithe ní leis na cásanna sin amháin inar bailíodh an t-airgead amhlaidh a bhaineann sí agus is é tuairim an Choiste, dá bhrí sin, go bhfuil d’éifeacht mhíréasúnta aici go mbunaíonn sí cion go fiú nuair a chuirtear bac iarbhír ar an gcleachtas a mhianaítear a stopadh.


7. Ar fhoras (vi), is é sin, “go mba cheart ar aon fháth speisialta a foirm nó a hairbheart a shoiléiriú,” dírítear aird speisialta Sheanad Éireann ar na sé ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú um Fhruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1965 [I.R. Uimh. 155 de 1965].


An tOrdú um Fhruiliú, 1965 [I.R. Uimh. 156 de 1965].


Rinneadh tagairt do na hionstraimí seo a leanas cheana féin i mír 6 maidir le ceist eile. Tá an dá ionstraim faoi réir forálacha alt 6 (5) den Acht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960 a cheanglaíonn gur amháin “tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais” a dhéanfar na horduithe sin. Ón am a rinne Roghchoiste um Iomstraimí Reachtúla eile roimhe seo moladh* faoin ábhar is gnách ráiteas a chur in iúl gur comhlíonadh réamhcheanglais reachtúla in ionstraimí a chur isteach iontu nuair is cuí. Níl aon ní áfach sa dá ionstraim i gceist a thaispeáin go ndeachthas i gcomhairle faoi mar is gá leis an Aire Airgeadais.


Is é míniú na Roinne (féach Forscríbhinn II) nár luadh an fhianaise i dtaobh comhairle a ghlacadh roimh ré i ngeall ar an bpráinn mhór a bhí ag baint le dréachtadh agus feidhmiú na n-ionstraimí.


Na Rialacháin um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1965 [I.R. Uimh. 12 de 1965].


Sa tríú sceideal a ghabhann leis na Rialacháin seo taispeántar na táillí is iníoctha le haturnaetha agus abhcóidí i leith éisteachtaí sna cúirteanna éagsúla nuair a dheonaítear cúnamh dlíthiúil in aisce. Athraítear na táillí de réir mar a bhíonn abhcóide amháin nó dhá abhcóide sannta. Ní thaispeántar aon táille d’aturnae sa cholún iomchuí i dtaobh cásanna seachas cásanna dúnmharfa mar a sanntar dhá abhcóide agus féadfaidh duine glacadh leis mar fhíoras gurb í an táille chéanna í i gcás abhcóide amháin nó dhá abhcóide a shannadh.


Chuir an Roinn Dlí agus Cirt in iúl don Choiste (féach Foscríbhinn III) gur pléadh an cheist leis an Dréachtóir Parlaiminteach agus gur chomhairligh seisean go raibh an míniú soiléir agus nár ghá athdhréachtú a dhéanamh ar an sceideal. Tugann an Coiste dá aire go sonraíonn an sceideal táillí éagsúla d’aturnaetha i gcásanna dúnmharfa de réir mar a shanntar abhcóide amháin nó dhá abhcóide. Dá thairbhe sin tá an Coiste tagtha ar an tuairim gur chóir don sceideal talamh slán a dhéanamh de nach bhfuil aon idirdhealú ann i gcásanna seachas dúnmharú agus os rud é go bhféadfaí an cheist a shoiléiriú dá gcuirfí cupla figiúr breise isteach chinn an Coiste aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim.


Na Fodhlíthe Ginearálta um Thrácht ar Bhóithre, 1964 [I.R. Uimh. 294 de 1964].


D’iarr an Roghchoiste ar Choimisinéir an Gharda Síochána a rinne na fodhlíthe sin focal a rá faoin abairt “ar an taobh deas den ród” in Airteagal 32 cé go bhfuil an abairt “do thaobh na láimhe clé den ród” in Airteagal 17. D’fhreagair an Coimisinéir agus dúirt (féach Foscríbhinn IV) go n-úsáidtear na tuairiscí “taobh deas” agus “taobh clé” ar fud na bhfodhlíthe agus thug sé le tuiscint go bhfuil a mbrí sách cruinn agus nár cheart go mbeadh aon deacracht ag baint leis an abairt “do thaobh na láimhe clé” a úsáid uair amháin.


Níl an ceart ag an gCoimisinéir nuair a deir sé nach n-úsáidtear an abairt ach uair amháin; tá sí in Airteagal 20 freisin. Thairis sin, tá an abairt “taobh na láimhe deise den ród sin” in Airteagal 9. Creideann an Coiste gur chóir, d’fhonn an léiriú a éascú, go mbeadh an leagan cainte céanna riachtanach in ionstraimí reachtúla le smaointe cosúla a léiriú.


An tOrdú um Fhaoiseamh ó Dhleachtanna Custam (Aontaí, Taispeántais agus Imeachtaí dá Samhail), 1965 [I.R. Uimh. 143 de 1965].


An tOrdú um Fhaoiseamh ó Dhleachtanna Custam (Trealamh Gairmiúil), 1965 (I.R. Uimh. 144 de 1965].


Baineann na hOrduithe sin le hearraí a allmhairiú go sealadach saor ó dhleacht agus ó cháin i gcúinsí áirithe. Faoi chlásal 3 (b) den Tríú Sceideal, ceanglaíonn gach ordú ar an allmhaireoir nuair atá na hearraí á n-athonnmhairiú a shuíomh d’oifigeach custam agus máil go bhfuil ceanglais an Ordaithe, chomh fada agus a bhaineann siad le hábhar, comhlíonta i ngach slí. Ceanglaíonn Clásal 3 (c) sa Sceideal céanna ar an allmhaireoir cibé eolas breise a thabhairt agus cibé dearbhú a dhéanamh maidir leis na hearraí nó na táirgí [an trealamh] agus le cúinsí a n-úsáidte sa Stát de réir mar a éileoidh an t-oifigeach.


Measann an Roinn Airgeadais (féach Aguisín V) go mbeadh gá le clásal 3 (c) i gcásanna áirithe nuair nár leor clásal 3 (b), eadhon, chun céannacht na n-earraí a bhunú. Thug an Roinn le fios nach bhfuil sé ar intinn aon eolas thar mar is gá a iarraidh.


Is é tuairim an Choiste go ndéanann na forálacha, faoi mar atá siad dréachtaithe, doiléiriú gan riachtanas ar dhualgas allmhaireora sna cúinsí a bhfuil tuar leo. Más deimhin leis an oifigeach custam agus máil lena mbaineann go bhfuil ceanglais an Ordaithe comhlíonta i ngach slí ba chóir gurb é sin deireadh an scéil agus ní ceart, de réir dealraimh, a thabhairt le tuiscint gur gá beart eile a dhéanamh. Measann an Coiste nach mbeadh aon doiléireacht ann dá bhforáiltí i gclásal leis féin gur chóir don allmhaireoir cibé eolas a bheadh ag teastáil ón oifigeach a thabhairt dó agus a shuíomh dó ar shlí eile gur comhlíonadh téarmaí an Ordaithe ar gach slí.


CUID III.

8. Féin-tarmligean.

Tá an Roghchoiste tar éis a fhionnadh go bhfuil roinnt ionstraimí reachtúla ann a údaraíonn don Aire iomchuí socrú a dhéanamh le beart feidhmeannais de shórt éigin ar nithe a ndealraíonn sé é a bheith ceaptha leis an reacht bunaidh gurb í an ionstraim féin a chinnfeadh iad. Mar shampla, tugann na Rialacháin fá na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi alt 109), 1939 (Leasú), 1965, cumhacht don Aire Oideachais “deontas, de cibé méid is cuí leis an Aire, a thabhairt i leith costas chóiríocht fheabhsaithe,” do scoileanna áirithe agus forálann sé go n-íocfar deontas den sórt sin “de réir mar is cuí leis an Aire.” Tá na rialacháin sin ag brath ar alt 109 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930, a deir go bhféadfaidh an tAire “de réir rialachán a dhéanfaidh an tAire agus le toiliú an Aire Airgid deontais a dheonú, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, etc.”


Le ceart ní fhéadfar a rá go bhfuil bonn cóir le haon leathnú ar an bpróis déanta dlí ach amháin le dearbh-údarás an reachta bhunaidh ach is eol don Choiste an deacracht a tharlódh amanna do Ranna agus rialú iomchuí á fheidhmiú acu in aon slí eile. Admhaíonn an Coiste go bhféadfadh gur gá solúbthacht i gcásanna áirithe d’fhonn intinn na Parlaiminte a chur i gcrích mar is fearr is féidir agus mar gheall air sin níor dhírigh sé aird speisialta ar an ionstraim dá dtagraítear thuas. Sa chás sin chuir an Roinn Oideachais i bhfios (féach Foscríbhinn VI) nach raibh ach scoil amháin i gceist agus go raibh gá le saoirse áirithe le haghaidh cistí Stáit a chosaint go mór mór ó nach raibh coiste bainisteóra na scoile áirithe sin faoi cheangal ag na rialacha a bhaineann le húdaráis phoiblí i gcoitinne agus conarthaí á ndéanamh. Glacann an Roghchoiste, áfach, go bhfuil d’oibleagáid air gach uile chás féintarmligin a chur faoin scrúdú is géire más rud é nach n-údaraíonn an reacht bunaidh é go sainráiteach.


Baineann tábhacht lena thuiscint cad iad na beacht-téarmaí sa reacht a thabharfadh go mbeadh féin-tarmligean ceart. Maidir leis sin táthar á iarraidh go dtabharfaí aird ar Fhoscríbhinn VII ina bhfuil atchló ar litir a chuir an Coiste go dtí an Roinn Talmhaíochta i ndáil leis an Ordú Cruithneachta, 1964, agus an freagra a tugadh uirthi. Sa chás sin ba chúram leis an gCoiste an srian a cuireadh ar dhíol cruithneachta a ceannaíodh ó fhásóirí “ach amháin faoi réim agus de réir ordachán ón Aire” agus na cúiseanna nach bhféadfaí téarmaí na “n-ordachán” sin a chur in ionstraim reachtúil mar chuid di. Tá an tArd-Aighne tar éis an Roinn a chomhairliú gur foráil chóir í toisc go dtugann an reacht bunaidh cumhacht don Aire, le hordú, “foráil a dhéanamh chun ........................... díol ........................... chruithneachta ........................... a rialú.” Is í tuairim an Ard-Aighne, toisc go n-úsáidtear na focail “focáil a dhéanamh chun ........................... rialú” in ionad “rialú,” gur le hordú a chaithfear foráil a dhéanamh le haghaidh Rialaithe ach nach gá ordú a dhéanamh maidir le sonraí an Rialaithe sin de réir forálacha an ordaithe.


Mar gheall ar thuairim sin an Ard-Aighne ní foláir don Roghchoiste géilleadh go dtugann aon chumhacht chun foráil a dhéanamh le haghaidh rialaithe le hionstraim reachtúil gur ceart féin-tarmligean a dhéanamh sa mhéid go n-údaraíonn sé don Aire cumhacht a ghlachadh chuige féin san ionstraim chun sonraí ar an rialú a shocrú le hordacháin nó le beart feidhmeannais eile. Táthar á chur i láthair, áfach, nár mhiste smaoineamh ar chomhairle an Ard-Aighne nuair a bheidh tograí le haghaidh reachtaíochta á mbreithniú amach anseo. Más é atá beartaithe sonraí an rialaithe a bheidh le feidhmiú ag an Aire a bheith faoi réir chuírialú parlaiminte ní bheadh sé ceart cumhacht reachtaíochta a tharmligean de réir na dtéarmaí atá luaite. Ón leith eile más féidir a admháil gur le beart feidhmeannais is fearr is féidir na sonraí sin a shocrú b’fhéidir gur fearr údarás sa chéill sin a thabhairt don Aire sa reacht bunaidh agus an ionstraim reachtúil a ligean thar ceal ar fad. Sa chás deiridh sin b’fhiú a áiteamh ar an Aire gan ionstraim reachtúil a dhéanamh ach amháin sa chás ina mbeadh sé ag teastáil, trí chumhacht neamhnithe a choinneáil d’fhonn é a chose ón rialú áirithe a fheidhmiú ar chor ar bith i roinnt cúinsí.


9. Nótaí Míniúcháin.

I 1956 de thoradh uiríolla ó Roghchoiste um Ionstraimí Reachtúla na linne sin thug an Roinn Airgeadais treoir do gach Roinn Rialtais gur chóir nóta a chur isteach i mbun gach ionstraime reachtúla a fhoilsítear ag tabhairt míniú gairid ar bhrí ghinearálta na hionstraime. Fuair Coiste a bhí ann cheana locht ar an gcuma inar cuireadh an treoir sin i gcrích i roinnt cásanna agus tá cásanna tugtha faoi deara ag an gCoiste seo nach raibh an nóta míniúcháin iontu chomh cúntach agus a fhéadfadh sé a bheith go háirithe i gcás ionstraimí a n-airbheartaítear iontu athrú a dhéanamh ar liúntais, srianta nó forálacha eile dá leithéid sin in ionstraimí roimhe sin.


Táthar á iarraidh go dtabharfaí aird orthu seo a leanas mar shamplaí de nótaí míshásúla a thug an Coiste faoi deara:—


Na Rialacháin um Chúnamh Forais, 1965 [I.R. Uimh. 177 de 1965].


“Leasaítear leis na Rialacháin seo na Rialacháin um Chúnamh Forais, 1954 (I.R. Uimh. 103 de 1954) trí Airteagal 12 de na Rialacháin sin a scriosadh agus Airteagal 12 nua a chur ina ionad.”


Na Rialacháin um Fhearais Déadliachta agus Chluasliachta, 1965 [I.R. Uimh. 190 de 1965].


“Leis na Rialacháin seo, cúlghairtear airteagal 6 agus 7 de na Rialacháin um Fhearais Déadliachta agus Cluasliachta, 1961, faoinar forchuireadh srianta agus coinníollacha a bhaineann le soláthar fearas cluasliachta faoi alt 14 den Acht Sláinte, 1953.”


D’iarr an Roghchoiste ar an Roinn Sláinte tuairimí a thabhairt ar na nótaí seo agus tá an comhfhreagras a bhaineann leis an scéal le fáil i bhFoscríbhinní VIII agus IX.


D’fhéadfaí a rá, de thoradh na poiblíochta a tugadh don dá Rialachán sin sna páipéir nuachta, gur cuireadh ar neamhní aon doiléireacht sna nótaí míniúcháin sa mhéid a bhaineann an scéal le daoine a bhí i gceist ach ní féidir leis an Roghchoiste glacadh leis na tuairimí a luaigh an Roinn má táthar le meas go bhfuil feidhm acu maidir le nótaí míniúcháin i gcoitinne. Aontaíonn an Coiste leis an Roinn gur chóir na nótaí míniúcháin a cheapadh go bunúsach chun a thaispeáint cad é an dlí tar éis tosach feidhme na hionstraime dá dtagraíonn sí, ach measann sé i gcuid mhór cásanna a bhaineann le hionstraimí leasaithe nach féidir an cuspóir sin a chur i gcrích ar bhealach sothuigthe gan a thaispeáint cá mhéid atá forálacha na hionstraime roimhe sin á n-athrú. Tugann sé faoi deara go bhfuil an tuairim chéanna ag roinnt Ranna eile ar a laghad. Is é seo a leanas, mar shampla, an nóta a chuir an Roinn Airgeadais leis na Rialacháin um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1965:


“Leis na rialacháin seo déantar an líon uasta de chlúdaigh ‘Íoctha go hOifigiúil’ is féidir a eisiúint chuig comhalta den Dáil gach seachtain le linn tréimhse a mbíonn an Dáil ar scor ar feadh tréimhse nach lú ná dhá sheachtain a mhéadú ó fhiche go dtí caoga clúdach.”


Arís, is é seo a leanas an nóta míniúcháin a chuir an Roinn Leasa Shóisialaigh leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsean (Ranníocach) Seanaoise) (Leasú), 1965:


“Leasaítear leis na Rialacháin seo na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsean (Ranníocach) Seanaoise) (Leasú), 1960 go 1963, lena bhforáiltear rátaí laghdaithe pinsean (ranníocach) seanaoise a íoc i gcás ina gcomhlíonfar go páirteach na coinníollacha ranníoca, d’fhonn na rátaí (seachtainiúla) laghdaithe sin go léir a mhéadú, viz., 47/-, 44/-, 41/- agus 38/- go 47/6d. le héifeacht ón 6 Lúnasa, 1965, agus d’fhonn na rátaí sin a mhéadú tuilleadh go 57/-, 54/-, 51/- agus 48/-, faoi seach, amhail ón 7 Eanáir, 1966.”


Mar a deir an Roinn Sláinte, dá mbeadh na rialacháin leasaitheacha an-fhada, b’fhéidir go gcaithfeadh an nóta míniúcháin a bheith anchasta d’fhonn na leasuithe uile a mhíniú go mion. Ba chóir áfach, go mbeadh cásanna den sórt sin fánach má thugtar aird ar an moladh i mír 12 de Thuarascáil an Roghchoiste faoi dháta 11 Iúil, 1958* agus fiú i gcásanna den sórt sin ba chóir go bhféadfaí achomaireacht a thabhairt sa nóta míniúcháin ar éifeacht phraiticiúil seachas éifeacht theicniúil na hionstraime. Ní fhéidir locht a fháil ar aon nóta míniúcháin má dhéanann sé iarracht ar chuspóir na hionstraime a mhíniú i bhfocail a bheadh sothuigthe go réidh ag an tuatach. Ní gá bheith chomh mionsonrach leis na ráitis nuachtáin atá luaite sa chomhfhreagras a athfhoilsítear i bhFoscríbhinní VIII agus IX. Is é tuairim an Choiste gur chóir nóta míniúcháin a bheith ar aon dul le freagra gearr neamhfhoirmiúil a thabharfaí ar fhear gan eolas teicniúil a fhiafródh cén bonn a bhí leis an ionstraim.


10. Ionstraimí Reachtúla a leagan faoi bhráid an Oireachtais.

Nuair a leagtar ionstraim reachtúil faoi bhráid Sheanad Éireann insíonn an Roinn atá freagrach inti, i bhfoirm a ghabhann léi, an bhfuil nó nach bhfuil an tíolacadh á dhéanamh de bhun cheanglais reachtúil. De thoradh an chleachtais seo féadfar ionstraimí reachtúla a chur ar liosta ar Riar na hOibre mar ionstraimí atá á dtíolacadh go reachtúil agus go neamhreachtúil ionas gur léir láithreach do Chomhaltaí cad iad na hionstraimí ar dócha gur féidir nó nach féidir leis an Teach iad a neamhniú. Taispeánann sé don Choiste seo freisin cad iad na hionstraimí nach foláir dó a scrúdú.


I dtrí cinn de na cúig Tuarascálacha a rinne an Roghchoiste um Ionstraimí Reachtúla tá tagairt d’ionstraim a leagan faoi bhráid Sheanad Éireann mar thíolacadh reachtúil nuair nach raibh sé dáiríre faoi réir cheanglais reachtúil maidir le tíolacadh ar chor ar bith. Tháinig cás eile dá shamhail (féach Foscríbhinn I) faoi umhail an Choiste seo agus ina theannta sin fuair sé amach go ndearnadh ionstraim áirithe a leagan mar thíolacadh neamhreachtúil nuair ba thíolacadh reachtúil é ó cheart (féach Foscríbhinn X).


Tá aird á tharraingt ar an ní seo ag an Roghchoiste toisc gur dóigh leis go bhféadfadh iomrall a bheith i Ranna áirithe i dtaobh a thábhachtaí atá sé idirdhealú a dhéanamh idir tíolacadh reachtúil agus tíolacadh neamhreachtúil. Mar shampla, dúirt an Roinn Leasa Shóisialaigh (féach Foscríbhinn I), nuair a bhí míniú á thabhairt aici i dtaobh cén chúis go ndearnadh tíolacadh reachtúil de thíolacadh neamhreachtúil, gur measadh go mba bhuntáiste é do chomhaltaí an tSeanaid agus a bhfeidhmeanna á gcomhlíonadh acu forálacha an Ordaithe a chur ar a n-eolas agus gur sin í an intinn a bhí leis an tíolacadh. Ar ndóigh, mura bhfuil foráil reachtúil ann, ní gá go mbeadh sé sin ina bhac ar dhoiciméid a thíolacadh mar eolas, mar is gnách. Is é atá ag teastáil go mbeadh na Ranna cúramach chun idirdhealú a dhéanamh idir doiciméid a thíolaicfear mar eolas agus doiciméid a thíolaicfear amhlaidh de bhun reachta.


(Sínithe) W. A. W. SHELDON,


Cathaoirleach.


11 Bealtaine, 1966.


*An Chéad Tuarascáil (T. 152—Pr. 3001; mír 8).


*An Chéad Tuarascáil (T.162—Pr. 4685).