Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instruments::15 December, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 15 Nollaig, 1965.

Wednesday, 15th December, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Mac Domhnaill, Ó Maoil Eoin, Ó Cinnéide agus Eoin Ó Riain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir An Roinn Sláinte isteach de réir Ordaithe an 15 Iúil, 1964, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (iii) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin um Dhaoine Míchumasaithe (Liúntais Chothabhála), 1963 [I.R. Uimh. 142 de 1963].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Cothabháil), 1963 [I.R. Uimh. 200 de 1963].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.45 p.m.