|
AN DARA TUARASCÁIL EATRAMHACH1. Tá a thuilleadh dul ar aghaidh déanta ag an Roghchoiste sna hábhair a cuireadh faoina mbráid agus d’aontaigh siad leis an dara tuarascáil eatramhach seo a leanas. 2. Bhí ceithre chruinniú is fiche ag an Roghchoiste. De réir clár oibre lenar glacadh an 18 Deireadh Fómhair, 1962, tá siad ó shin i leith ag gabháil do bhreithniú na Seirbhísí Liachta Ginearálta. Seachas plé roimh ré a dhéanamh ar an tseirbhís seo, d’éist siad fianaise bhéil ó aon cheann déag de na comhlachtaí agus de na daoine a rinne uiríolla chucu i dtaobh na seirbhíse sin agus tá socruithe déanta acu tuilleadh díobh a éisteacht. Chuige sin is gnách leis an gCoiste, le tamall, teacht le chéile lá amháin sa tseachtain, agus dhá chruinniú a bheith acu cuid de na laethanta sin. 3. Tá tuairiscí focal ar fhocal de na himeachtaí ag cruinnithe an Roghchoiste ón 18 Deireadh Fómhair, 1962 ullmhaithe mar eolas do chomhaltaí an Choiste. Beidh an fhianaise a d’éist an Coiste sna tuairiscí seo agus cuirfear iad faoi bhráid Dháil Éireann i dtráth chuí i dteannta tuarascáil deiridh an Choiste. Mar gheall ar dheacrachtaí praiticiúla a bhaineann le heagarthóireacht agus clóbhualadh na dtuairiscí sin, níorbh fhéidir don Choiste a shocrú go mbeadh tuairisc an chruinnithe nó na gcruinnithe a bhí ann in aon seachtain áirithe ar fáil dá gcomhaltaí roimh chruinniú na seachtaine ina dhiaidh sin. Tá sé sin tar éis ceataí an-mhór a dhéanamh do na comhaltaí, mar dá mbeadh tuairisc chlóite le fáil ar an gcruinniú roimhe sin ag ar tugadh fianaise ó bhéal, ba léir gur mhór an cúnamh sin le haghaidh ceapadh na gceisteanna nuair a bheadh finnéithe á gcur faoi scrúdú ina dhiaidh sin. Cuireadh in iúl don Choiste nach indéanta dlús a chur le clóbhualadh tuairiscí an Choiste mar gheall ar an ngá atá le tosaíocht a thabhairt d’fhoilsiú na dtuairiscí ar dhíospóireachtaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann. Dá bhrí sin, is go leasc a tháinig an Coiste ar an socrú nach féidir leo go sásúil leanúint de chruinnithe a bheith acu gach uile sheachtain. Dá dhroim sin tá sé beartaithe acu teacht le chéile uair sa choicís feasta ionas go mbeadh tuairisc ar chruinniú nó cruinnithe gach lae ar fáil do na comhaltaí roimh an gcéad chruinniú eile. 4. Fadhb eile atá ann, nach féidir leis an Roghchoiste dul ar aghaidh lena gcuid oibre ar chuma go bhféadfaidís tuarascáil deiridh a thabhairt roimh an dáta a cheap Dáil Éireann, mar gheall ar chastacht na n-ábhar a chuirtear faoina mbráid agus an gá atá le mionscrúdú a dhéanamh ar an lear mór uiríolla i scríbhinn a cuireadh faoina mbráid. 5. Tá an-dul ar aghaidh déanta ag an Roghchoiste le héisteacht na fianaise ar na Seirbhísí Liachta Ginearálta. Tá fianaise le héisteacht fós, áfach, ar na seirbhísí sláinte eile. Ní mór roinnt cruinnithe a bheithann freisin chun go bhféadfaidh an Coiste an fhianaise a cuireadh faoina mbráid a chur faoi dhíospóireacht agus a mheas agus ansin a dtuarascáil a ullmhú. Is deimhin leis an gCoiste nach mbeadh sé indéanta acu tuarascáil iomlán lán-mheasta a ullmhú agus a chur faoi bhráid Dháil Éireann roimh an 31 Márta, 1963. Dá bhrí sin, tá an Coiste á iarraidh ar Dháil Éireann an oibleagáid atá orthu tuarascáil a thabhairt faoin dáta sin a thógáil díobh agus a cheangal ina ionad sin go gcuirfí tuarascáil an Choiste faoi bhráid na Dála a luaithe is féidir sin a shocrú. (Sínithe) MICHEÁL Ó CÁRTHAIGH, Cathaoirleach. 27 Feabhra, 1963. |
||||||||||||