Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1961 - 1962::31 January, 1963::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 31 Eanair, 1963.

Thursday, 31st January, 1963.

1. Chruinnigh an Choiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Seóin (i gCeannas), na Teachtaí de Béalatún, Booth, Pádraig de Búrca, Mac Artúir, Mac Cuinneagáin, Ó Cionaodha, Ó Leathlobhair agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1961-62.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1961-62. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Toghcháin agus faoi Acht na nGiúiréithe, Deontais Fhorlíontacha Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Luach Saothair na Stát Seirbhíse, Cuntas Taisce an Chiste Teagmhais, Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Sláinte, Gealtlann Dhúndroma agus Oifig an tSoláthair.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), S. Ó Máirtín (Rúnaí Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), P. Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Sláinte), an Dr. L. Ó Cadhain (Gobharnóir Gealtlann Dhúndroma), B. Ó Brolcháin (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.