Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1961 - 1962::28 February, 1963::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 28 Feabhra, 1963.

Thursday, 28th February, 1963.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Seóin (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Pádraig de Búrca, Mac Artúir, de Cliontún, Mac Cuinneagáin, Ó Cionaodha, Ó Leathlobhair agus Ó Treasaigh.


3. Bás Comhalta.


D’fhógair an Cathaoirleach go bhfuair an Teachta de Béalatún bás agus thar cheann an Choiste d’iarr sé ar an gCléireach comhbhrón an Choiste a chur in iúl do ghaolta an Chomhalta mhairbh.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1961-62.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1961-62. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—An Dánlann Náisiúnta, Tailte, Foraoiseacht agus Iascach.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Mac Riabhaigh (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), T. Ó Briain (Rúnaí, An Roinn Tailte), L. Ó Néill agus S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus Rúnaí Stiúrthóir na hIniúchóireachta.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.