Committee Reports::Report and Proceedings - Companies Bill, 1962::27 November, 1963::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA.

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 27 Samhain, 1963.

Wednesday, 27th November, 1963.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Ó Riain (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Deasmhumhnaigh, de Nais agus de Ros.


3. Breithniú an Bhille.


D’athchrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Aontaíodh ailt 201 go 305 go huile.


(ii) Alt 306.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Ó Deasmhumhnaigh):


“At the end of subsection (1) to add ‘and a copy of statement shall be available for examination by creditors and shareholders of the company.’”


Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead.


Aontaíodh an t-alt.


(iii) Aontaíodh ailt 307 go 319 go huile.


(iv) Alt 320.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Ó Deasmhumhnaigh):


“In subsection (1), page 164, line 47, after ‘creditors’ to insert ‘and shareholders’.”


Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead.


Aontaíodh an t-alt.


(v) Alt 321.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Ó Deasmhumhnaigh):


“At the end of subsection (1) to add ‘and a copy of the abstract shall be available for inspection by creditors and shareholders of that company’.”


Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead.


Aontaíodh an t-alt.


(vi) Aontaíodh ailt 322 go 399 go huile.


(vii) Aontaíodh an Chéad Sceideal, an Dara Sceideal, an Tríú Sceideal, an Ceathrú Sceideal, an Cúigiú Sceideal, an Séú Sceideal, an Seachtú Sceideal, an tOchtú Sceideal, an Naoú Sceideal, an Deichiú Sceideal, an tAonú Sceideal Déag, an Dóú Sceideal Déag agus an Tríú Sceideal Déag.


(viii) Aontaíodh an Teideal.


4. Tuarascáil an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil faoi bhráid an Choiste agus léadh í mar leanas:—


“The Special Committee has gone through the Bill and has made amendments thereunto. The Bill, as amended, is reported to the Dáil.”


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


5. Deireadh an Ghnó.


Chuir an Coiste deireadh lena ghnó ar 5.35 p.m.