Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1961 - 1962::14 February, 1963::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 14 Feabhra, 1963.

Thursday, 14th February, 1963.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Seóin (i gCeannas), na Teachtaí Booth, Pádraig de Búrca, de Cliontún, Nioclás Mac Aodhagáin, Ó Cionaodha, Ó Leathlobhair agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1961-62.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1961-62. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, Na Cúirteanna Breithiúnais agus Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Réamonn (Cathaoirleach na Coimisinéirí Ioncaim), S. Ó Maonaigh (Coimisinéir Luachála), P. Ó Béara (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), P. Mac Guill agus M. Ó Murchadha (An Roinn Airgeadais) agus Rúnaí agus Stiúrtheoir na hIniúchóireachta.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.