Committee Reports::Report and Proceedings - Limerick Harbour (Bridge) Bill, 1963 [Private]::09 April, 1963::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Máirt, 9 Aibreán, 1963.

Tuesday, 9th April, 1963.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Ó Colla, Mac Coilín, Ó Treasaigh agus na Seanadóirí Mac Giolla Phádraig, Eoin Ó Riain agus Liam Sheldon.


3. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Seanadóir Mac Giolla Phádraig):


“That Senator Sheldon be Chairman of this meeting”.


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Seanadóir Sheldon i gCeannas dá réir sin.


4. Láithriú thar ceann na dTionscnóirí.


Láithrigh John Gleeson, A.S., Maurice FitzGerald, B.L., agus Patrick Glynn, LL.B., Gníomhaire Parlaiminte, thar ceann na dTionscnóirí, Coimisinéirí Chuan Luimnigh.


5. Tacaíocht leis an Réamhrá.


Éisteadh John Gleeson, A.S., agus Maurice FitzGerald, B.L., ag tacú le Réamhrá an Bhille agus ghlaodar finnéithe.


6. Ceistiú Finnéithe.


Rinneadh Patrick Donnellan, Leas-Chathaoirleach, Coimisinéirí Chuan Luimnigh; Thomas F. O’Sullivan, B.E., Innealtóir Cuain; an Ceannphort Murphy, Garda Síochána, Cathair Luimnigh; an Lt.-Cheannasaí A. J. Whelan, Máistir Cuain; an Captaen W. J. Knight, Bainisteoir agus Rúnaí, Coimisinéirí Chuan Luimnigh; agus Martin McGuire, Cathaoirleach, Coimisinéirí Chuan Luimnigh, a chur faoi mhionn agus a scrúdú.


7. An Suí ar Fionraí.


Chuir an Coiste an cruinniú ar fionraí ar 1.15 p.m.


Athchromadh ar an gcruinniú ar 2.15 p.m.


Folmhaíodh an seomra.


8. Rinne an Coiste breithniú.


9. Miontuairiscí ar an bhFianaise.


Ordaíodh: Gan an fhianaise a chlóbhualadh, de bhun Buan-Ordú 80 (Gnó Príobháideach).


10. Breithniú an Bhille.


Bhreithnigh an Coiste an Bille.


(i) Cruthaíodh an Réamhrá.


(ii) Aontaíodh alt 1.


(iii) Aontaíodh alt 2 (an Teachta Mac Coilín ag easaontú).


(iv) Alt 3.


Tairgeadh leasú:


“In subsection (1), line 45, to delete ‘private’ and substitute ‘legal’.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.


(v) Aontaíodh ailt 4 agus 5.


(vi) Aontaíodh an Teideal.


11. Tuarascáil an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach (An Seanadóir Sheldon) Dréacht-Tuarascáil faoi bhráid an Choiste, léadh í den chéad agus den dara huair agus ritheadh í mar a leanas:—


1. The Joint Committee reports that it has examined the Preamble of the Bill and it has found that the allegations therein contained have been proved to its satisfaction.


2. The Committee has gone through the Bill and has made an amendment thereto for the purpose of clarifying the position in regard to the nature of the right entitling a person to claim compensation under the Bill.


Ordaíodh: Tuairisciú don dá Theach dá réir sin.


12. Críochnú Gnó.


Críochnaíodh gnó an Choiste ar 3.20 p.m.