Committee Reports::Report - Companies Bill, 1962::09 January, 1963::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 9 Eanáir, 1963.

Wednesday, 9th January, 1963.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Colla (sa Chathaoir), an tAire Tionscail agus Tráchtála, na Teachtaí Booth, Ó Broin, Mac Cosgair, D. Ua Coisdealbha, de Valera, C. Mac Aodhagáin, Ó Gallchobhair, Ó Neachtain, T. Ó Domhnaill, Mac Páidín agus Suatman.


3. Breithniú an Bhille.


Chrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Aontaíodh alt 1.


(ii) Alt 2.


Tairgeadh leasú (An tAire Tionscail agus Tráchtála):


“In subsection (1), in the definition of ‘existing company’ to delete ‘or deemed to have been registered, in the State’ and substitute ‘in a register kept in the State,’.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.


(iii) Alt 3.


Tairgeadh leasú (An tAire Tionscail agus Tráchtála):


“To delete subsection (3).”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.


(iv) Aontaíodh ailt 4 go 7 go huile.


(v) Alt 8.


Tairgeadh an Cheist:—“Go bhfanfaidh an t-alt mar chuid den Bhille.”


Tharla Díospóireacht.


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


4. Ordaíodh: An Coiste a dhul ar athló ó 12.30 p.m. go dtí 2.30 p.m.


5. Chruinnigh an Coiste arís ar 2.30 p.m.


6. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Colla (sa Chathaoir), an tAire Tionscail agus Tráchtála, na Teachtaí Booth, Ó Broin, Mac Artúir, Mac Cosgair, D. Ua Coisdealbha, de Valera, C. Mac Aodhagáin, Ó Gallchobhair, Ó Neachtain, T. Ó Domhnaill, Mac Páidín, Ó Searbháin agus Suatman.


7. Breithniú an Bhille.


D’athchrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Alt 8.


Tairgeadh an Cheist aris:—“Go bhfanfaidh an t-alt mar chuid den Bhille.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


(ii) Aontaíodh ailt 9 go 21 go huile.


(iii) Alt nua.


Tairgeadh leasú (An tAire Tionscail agus Tráchtála):


“Before section 22, to insert a new section as follows:


‘(1) Every company carrying on business under a name other than its corporate name shall register in the manner directed by law for the registration of business names.


(2) The use of the abbreviation “Ltd.” for “Limited” or “Teo.” for “Teoranta” shall not of itself render such registration necessary.”’


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist:— “Go gcuirfear an t-alt nua isteach ansin”.


(iv) Scriosadh alt 22.


(v) Aontaíodh ailt 23 go 30 go huile.


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


8. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.30 p.m. go dtí 2.30 p.m., Dé Máirt, 15 Eanáir, 1963.