Committee Reports::Report - Companies Bill, 1962::06 March, 1963::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 6 Márta, 1963.

Wednesday, 6th March, 1963.

1. Chruinnigh an Coiste ar 7.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Colla (sa Chathaoir), an tAire Tionscail agus Tráchtála, na Teachtaí Booth, Ó Broin, Mac Cosgair, D. Ua Coisdealbha, de Valera, C. Mac Aodhagáin, Ó Gallchobhair, Ó Neachtain, T. Ó Domhnaill agus Suatman.


3. Breithniú an Bhille.


D’athchrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


(i) Aontaíodh ailt 130 go 140 go huile.


(ii) Alt 141.


Tairgeadh leasú (An Teachta D. Ua Coisdealbha):


“To delete subsections (6) and (7) and substitute the following subsection:


‘( ) A resolution shall be an extraordinary resolution when it has been passed in the manner provided in this section for the passing of a special resolution at a meeting of which not less than 7 days notice specifying the intention to propose the resolution as an extraordinary resolution has been duly given.”’


Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead.


Aontaíodh an t-alt.


(iii) Aontaíodh ailt 142 go 146 go huile.


Cuireadh breithniú breise ar an mBille ar athló.


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 9.40 p.m. go dtí 7.30 p.m. Dé Máirt, 12 Márta, 1963.