Committee Reports::Report and Proceedings - Registration of Business Names Bill, 1963 (Recommittal)::27 July, 1963::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

16 Iúil, 1963:—Ordaíodh: Go ndéanfar an Bille um Chlárú Ainmneacha Gnó, 1963, a chur faoi athchúrsa i gcoiste sa Choiste Speisialta a bhí ann ar Bhille na gCuideachtaí, 1962, maidir le leasuithe ar tugadh fógra ina dtaobh;


Go dtionólfar an chéad chruinniú den Choiste Dé Céadaoin, 24 Iúil, 1963; agus


Go ndéanfar, ar bhreithniú an Bhille sa Choiste Speisialta a bheith críochnaithe, Tuarascáil an Choiste a leagan ar an mBord, agus Tuarascáil agus Imeachtaí an Choiste agus an Bille, le cibé leasuithe a bheidh déanta air ag an gCoiste curtha isteach ann, a chló [An tAire Tionscail agus Tráchtála].