Committee Reports::Report - Companies Bill, 1962 (Recommital)::26 July, 1963::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

18 Iúil, 1963:—Ordaíodh: Go ndéanfar Bille na gCuideachtaí, 1962, a chur faoi athchúrsa i gcoiste sa Choiste Speisialta a bhí ann ar an mBille maidir leis na leasuithe ar tugadh fógra ina dtaobh;


Go dtionólfar an chéad chruinniú den Choiste Dé Céadaoin, 24 Iúil, 1963; agus


Go ndéanfar, ar bhreithniú an Bhille sa Choiste Speisialta a bheith críochnaithe, Tuarascáil an Choiste a leagan ar an mBord, agus Tuarascáil agus Imeachtaí an Choiste agus an Bille le cibé leasuithe a dhéanfaidh an Coiste air curtha isteach ann a chló. [An tAire Tionscail agus Tráchtála].