Committee Reports::Report - Companies Bill, 1962::10 April, 1963::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

14 Samhain, 1962:—Ordaíodh: Go gcuirfear Bille na gCuideachtaí, 1962, faoi bhráid Choiste Speisialta ar a mbeidh cúigear Comhalta déag a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta;


Gur cúigear is córam don Choiste; agus


Go dtionólfar an chéad chruinniú den Choiste ar an 12 Nollaig, 1962 [An tAire Tionscail agus Tráchtála].


21 Samhain, 1962:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Lionel Booth, Pádraig Ó Broin, Proinsias Mac Artúir, Seoirse Ó Colla, Liam Mac Cosgair, Déaglán Ua Coisdealbha, Vivion de Valera, Ciarán Mac Aodhagáin, Séamas Ó Gallchobhair, Seán Ó Loinsigh (Aire Tionscail agus Tráchtála), Liam Ó Neachtain, Tomás Ó Domhnaill, Séamus Mac Páidín, Proinsias Ó Searbháin agus Gearóid Suatman.


13 Feabhra, 1963:—Ordaíodh: Go bhféadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, mura féidir leis bheith i láthair ag aon chruinniú den Choiste Speisialta ar Bhille na gCuideachtaí, 1962, comhalta eile den Rialtas nó Rúnaí Parlaiminte a ainmniú chun gníomhú ina ionad ag cruinniú den sórt sin [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].