Committee Reports::Report and Proceedings - Limerick Harbour (Bridge) Bill, 1963 [Private]::09 April, 1963::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

6 Feabhra, 1963:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun Bille Chuan Luimnigh (Droichead), 1963, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairtear Acht do chur teorann le dualgais agus dliteanais Choimisinéirí Chuan Luimnigh maidir le droichead atá faoi láthair ar an tSionainn agus do dhéanamh socrú le haghaidh cúitimh i gcásanna áirithe.


13 Feabhra, 1963:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun Bille Chuan Luimnigh (Droichead), 1963, a bhreithniú.


6 Márta, 1963:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Tomás Mac Giolla Phádraig, Eoin Ó Riain agus Liam Sheldon.


6 Márta, 1963:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.


DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

7 Feabhra, 1963:—Beartaíodh: Go n-aontaíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 6ú lá d’Fheabhra, 1963, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun Bille Chuan Luimnigh (Droichead), 1963, a bhreithniú.


14 Feabhra, 1963:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun Bille Chuan Luimnigh (Droichead), 1963, a bhreithniú.


7 Márta, 1963:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Seoirse Ó Colla, Seán Mac Coilín agus Seán Ó Treasaigh.


7 Márta, 1963:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.