Committee Reports::Report - Amendment of Standing Orders::27 July, 1961::Report

TUARASCÁIL

Tá gá le hathchló ar Bhuan-Orduithe an tSeanaid i dtaobh Gnó Phoiblí toisc cóipeanna d’eagrán 1938 a bheith gann. Bhainan Coiste leas as an gcaoi a fuarthas dá chionn sin chun na Buan-Orduithe a athbhreithniú agus molann sé leasuithe agus breisithe áirithe lena dtabhairt i gcomhréir le cleachtas agus rialúcháin a bunaíodh ar bhreitheanna a thug na Coistí um Nós Imeachta agus Pribhléidí ó 1938 i leith.


Molann an Coiste na leasuithe agus na breisithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Tuarascáil seo a dhéanamh.


(Sínithe) LIAM Ó BUACHALLA,


Cathaoirleach.


27 Iúil, 1961.


AN SCEIDEAL.

Buan-Ordú

Leasú

1

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“1. (1) Beidh Rolla de Chomhaltaí Sheanad Éireann ann, agus síneoidh gach comhalta an Rolla sin, i láthair an Chléirigh, roimh a shuíochán a thógáil.


(2) Go díreach i ndiaidh Olltoghcháin don Seanad agus chomh luath is a bheidh torthaí na vótaíochtaí do na comhaltaí a toghadh san Olltoghchán sin faighte ag an gCléireach agus ainmneacha na gcomhaltaí a ainmníodh curtha in iúl dó, tabharfaidh an Cléireach fógra do na comhaltaí uile nach foláir dóibh bheith i láthair, chun forálacha mhír (1) den Bhuan-Ordú seo a chomhlíonadh, in áit a cheapfaidh sé agus lá (nó laethanta) a ainmneoidh sé, agus is lá é sin (nó laethanta iad sin) a thiocfaidh roimh an dáta a bheidh luaite san Fhorógra ag comóradh an tSeanaid.”

2

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“2. Ar an Seanad a theacht le chéile ar chéadtionól tar éis Olltoghcháin don Seanad agus ag an am a bheidh ceaptha nó chomh luath ina dhiaidh sin is a bheidh córam i láthair [B.O. 15] cuirfear tús leis na himeachtaí tríd an gCléireach do léamh na Paidre [B.O. 14]. Ansin léifidh sé an Forógra ag comóradh an tSeanaid agus, ina dhiaidh sin, ainmneacha na gcomhaltaí a ainmníodh agus na gcomhaltaí a toghadh.”

3

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“3. Leagfaidh an Cléireach faoi bhráid an tSeanaid cóipeanna de na deimhnithe ar thorthaí na vótaíochtaí do na comhaltaí a toghadh.”

4

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“4. (1) Nuair a bheidh ainmneacha na Seanadóirí a ainmníodh agus na Seanadóirí a toghadh léite ag an gCléireach, cromfaidh an Seanad ar Chathaoirleach a thoghadh, dá ngairfear an Cathaoirleach agus is faoin ainm sin a labhrófar chuige. Féadfaidh Seanadóir ar bith a thairiscint:—‘Go dtoghfar an Seanadóir .................. agus go rachaidh sé i gceannas an tSeanaid anois mar Chathaoirleach’. Is é an Cléireach a ghlacfaidh an tairiscint nó na tairiscintí sin, agus gníomhóidh sé mar Fhear Ceannais go dtí go dtoghfar an Cathaoirleach.


(2) Mura dtairgfear ach aon Seanadóir amháin cuirfidh an Cléireach an cheist:—‘Go dtoghfar an Seanadóir .................. agus go rachaidh sé i gceannas an tSeanaid anois mar Chathaoirleach’, agus cinnfear í mar a chinntear ceisteanna eile: Ach más ionann an líon vótaí ar an dá thaobh cinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.


(3) Má thairgtear níos mó ná aon Seanadóir amháin mar Chathaoirleach, déanfaidh an Cléireach, de réir ord tairgthe na Seanadóirí, an cheist a chur:—‘Go dtoghfar an Seanadóir .................. agus go rachaidh sé i gceannas an tSeanaid anois mar Chathaoirleach’, agus cinnfear í mar a chinntear ceisteanna eile: Ach más ionann an líon vótaí ar an dá thaobh, cinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.”

7

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“7. Is é téarma oifige a bheidh ag an gCathaoirleach agus ag an Leas-Chathaoirleach téarma oifige an tSeanaid a bheidh ann an tráth a thoghfar iad ach leanfaidh an Cathaoirleach dá oifig go dtí go dtoghfar a chomharba: Ach féadfaidh an Seanad tráth ar bith le Rún, ar tugadh fógra tairisceana seacht lá glan ina thaobh, an Cathaoirleach nó an Leas-Chathaoirleach a chur as oifig.”

10

An tagairt do Bhuan-Ordú 38 a scriosadh.

12

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“12. Chomh luath agus is féidir i ndiaidh an chéad tionóil den Seanad tar éis Olltoghcháin don Seanad, ainmneoidh an Cathaoirleach rolla triúr Seanadóir, a ngníomhóidh aon duine díobh mar Sheanadóir i gceannas, nó mar Chathaoirleach ar Choiste den Seanad uile, nuair a iarrfaidh an Cathaoirleach air sin a dhéanamh.”

13

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“13. (1) Déanfar imeachtaí uile an tSeanaid trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.


(2) Déanfar gach Ordú agus gach scríbhinn oifigiúil a eisiúint i nGaeilge agus/nó i mBéarla.”

16

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“16. Rachaidh an Cathaoirleach i gCeannas an uair a bheidh ceaptha don tionól den Seanad nó chomh luath ina dhiaidh sin agus a bheidh córam i láthair, ach más rud é, i gceann ceathrú uaire a chloig tar éis na huaire a bheidh ceaptha, nach mbeidh córam i láthair, rachaidh an Cathaoir-leach i gCeannas ansin agus cuirfidh an Seanad ar athló go dtí an chéad lá eile chun suí; agus déanfar an uair a cuireadh ar athló amhlaidh é, maraon le hainmneacha na Seanadóiri a bhí i láthair an uair sin, a chur síos ar Chín Lae Imeachtaí an tSeanaid.”

17

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“17. Más rud é le linn suí den Seanad go gcuirfidh aon Seanadóir in iúl don Chathaoir nach bhfuil córam i láthair, nó más léir sin ó thuairisc vótála, buailfear an clog vótála, agus más rud é i gceann seal nach lú ná cúig nóiméad go mbeifear fós gan chóram, cuirfidh an Cathaoirleach an suí ar fionraí go dtí uair is déanaí ná sin agus a luafaidh sé, nó cuirfidh sé an Seanad ar athló go dtí an chéad lá eile chun suí gan ceist a chur; agus ní mheasfar aon chinneadh a bheith déanta le haon vótáil den sórt sin; agus i gcás an Seanad a chur ar athló, déanfar an uair a cuireadh ar athló amhlaidh é, maraon le hainmneacha na Seanadóirí a bhí i láthair, a chur síos ar Chín Lae Imeachtaí an tSeanaid [Féach B.O. 48].”

18

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“18. (1) Mura mbeartóidh sé a mhalairt le rún tiocfaidh an Seanad le chéile ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin ar 3 p.m. agus ar an Aoine ar 10.30 a.m.


(2) Féadfaidh an Cathaoirleach tionól den Seanad a chomóradh do dháta is luaithe ná mar a socraíodh nuair a cuireadh ar athló é nó do lá seachas mar a shonraítear i mír (1) den Bhuan-Ordú seo, ar chúiseanna speisialta a luafaidh sé san fhógra á chomóradh amhlaidh. I gcás an Seanad a dul ar athló sine die, comórfaidh an Cathaoirleach tionól aon uair is dóigh leis is gá sin.


(3) Féadfar a thairiscint tráth ar bith, le cead an Chathaoirligh agus gan fógra, go gcuirfear suí ar fionraí ar feadh tréimhse. Socróidh an tairiscint sin tréimhse na fionraíochta.”

21

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“21. Gach tairiscint a bheidh le cur ar Riar na hOibre le haghaidh lá ar bith, ní foláir í a bheith i scríbhinn, faoi láimh Sheanadóra mar thairgtheoir agus Sheanadóra eile mar chuiditheoir, agus í a bheith ag an gCléireach tráth nach déanaí ná 11 a.m. an ceathrú lá roimh ré, gan an Domhnach ná lá saoire poiblí a áireamh. Ní foláir leasuithe a thairgfear a dhéanamh ar na tairiscintí sin, nó ar Bhillí, a bheith i scríbhinn faoi láimh Sheanadóra mar thairgtheoir agus Sheanadóra eile mar chuiditheoir, agus iad a bheith ag an gCléireach tráth nach déanaí ná 11 a.m. an dara lá roimh ré, gan an Domhnach ná lá saoire poiblí a áireamh: Ach le cead an Chathaoirligh féadfar tairiscintí a dhéanamh agus leasuithe a thairiscint ar fhógra níos giorra a thabhairt.”

22

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“22. Cuirfear ar Riar na hOibre téacs gach tairisceana a bheidh le déanamh, agus gach leasú orthu a bheidh le tairiscint, ach amháin na cinn a cheadaítear leis na Buan-Orduithe seo a dhéanamh nó a thairiscint gan fógra.”

24

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“24. Ar an tairiscint chun an Seanad a chur ar athló féadfaidh Seanadóir ar bith ní ar thug sé fógra i scríbhinn ina thaobh don Chathaoirleach tráth nár dhéanaí ná 3 p.m. an lá roimhe sin, gan an Domhnach ná lá saoire poiblí a áireamh, a tharraingt anuas lena phlé: Ach, faoi rogha an Chathaoirligh féin amháin, féadfar ní a tharraingt anuas ar fhógra is giorra ná sin a thabhairt. Cuirfidh an Cathaoirleach in iúl don Teach roimh thosach Gnó Phoiblí gur tugadh an fógra sin agus air sin déanfaidh sé rialú faoi oiriúnacht an ní sin chun a phléite. Más é rialú a dhéanfaidh sé gur ní é atá oiriúnach, pléifear é tráth a shonróidh an Cathaoirleach agus beidh an Teach ar athló gan Ceist a chur leathuair a chloig ar a mhéad tar éis tosú ar an bplé sin.”

25

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“25. (1) Féadfar tairiscint a dhéanamh chun an Seanad a chur ar athló mar gheall ar ní áirithe a bhfuil deabhadh agus tábhacht phoiblí ag baint leis, má éiríonn Seanadóir ina áit, i dtosach Gnó Phoiblí, agus go ndéarfaidh sé go bhfuil sé ag iarraidh cead chun a thairiscint go gcuirfear an Seanad ar athló d’fhonn ní áirithe a bhfuil deabhadh agus tábhacht phoiblí ag baint leis a phlé, agus leis sin déarfaidh sé cad é an ní é agus seachadfaidh don Chathaoirleach ráiteas i scríbhinn ar an ní a bheidh le plé.


(2) Air sin, más dóigh leis an gCathaoirleach gur tairiscint atá ann den sórt a luaitear sa Bhuan-Ordú seo, iarrfaidh sé ar na Seanadóirí atá i bhfabhar an iarratais éirí ina n-áiteanna, agus má éiríonn cúigear Seanadóir ar a laghad dá réir sin, gan an Seanadóir a rinne an t-iarratas a áireamh, tabharfaidh an Cathaoirleach cead an tairiscint a dhéanamh, agus déanfar an tairiscint cibé uair, lá déanta an iarratais, a shocróidh sé.


(3) Aon ní a chuirfear faoi bhráid an tSeanaid de bhun an Bhuan-Ordaithe seo agus nach mbeidh an líon is gá i bhfabhar a phléite, ní féidir é a tharraingt anuas arís faoin mBuan-Ordú seo taobh istigh den sé mhí dá éis sin.”

26

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“26. Aon Seanadóir ar mian leis labhairt, éireoidh sé ina áit. Má éiríonn níos mó ná aon Seanadóir amháin san am céanna glaofaidh an Cathaoirleach ar dhuine acu. Is chun na Cathaoireach a labhróidh Seanadóirí.”

29

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“29. Ní bheidh Seanadóir i dteideal labhairt níos mó ná uair amháin ar tairiscint ná ar leasú ach amháin chun críoch a chur le díospóireacht ar thairiscint a rinne sé nó leasú a thairg sé.”

Buan-Orduithe Nua.

Na Buan-Orduithe nua seo a leanas a chur isteach roimh Bhuan-Ordú 31:—


“30A. Déanfar leasuithe ón Rialtas a thairiscint ón gCathaoir nó tairgfidh Seanadóir atá ina chomhalta den Rialtas iad.


30B. Ní cead do Sheanadóir ar bith aon leasú ar Bhille a thairiscint a chuirfidh nó a mhéadóidh aon chabhair, deontas nó muirear ar an ioncam poiblí nó a mhéadóidh aon mhuirear ar an bpobal a dheonaítear nó a fhorchuirtear leis an mBille sin ach amháin mar leasú ón Rialtas a thairgfear ón gCathaoir nó a thairgfidh Seanadóir atá ina chomhalta den Rialtas.”

31

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“31. Féadfar tairiscint nó leasú a tharraingt siar le cead an tSeanaid nó an Choiste.”

Buan-Ordú Nua

Buan-Ordú nua mar a leanas a chur isteach roimh Bhuan-Ordú 35:—


“34A. Ní féidir tairiscint a dhéanamh chun Rún a chealú nó a leasú, seachas Rún a bhaineann leis an Seanad a chur ar athló nó le Buan-Orduithe, ach amháin tar éis fógra a thabhairt ina sonrófar an Rún atá le cealú nó le leasú agus ina luafar téarmaí na tairisceana atá le déanamh: ach ní cheadófar, go ceann sé mhí ón dáta ar ar glacadh le haon Rún den sórt sin, aon tairiscint a chur ar Riar na hOibre chun é a chealú mura bhfaighfear aontú i scríbhinn ó dháréag comhalta ar a laghad.”

35

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“35. Aon Seanadóir a leanfaidh de bheith ag déanamh cainte nach mbaineann le hábhar díospóireachta nó de bheith ag athrá na cainte céanna, nó is dóigh leis an gCathaoirleach, nó leis an gComhalta Ceannais, atá ag labhairt chun gnó a thoirmeasc, féadfaidh an Cathaoirleach, nó an Comhalta Ceannais, a ordú dó éirí as a óráid, tar éis iompar an tSeanadóra a chur in iúl don Seanad nó don Choiste.”

36

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“36. Is é an Cathaoirleach an t-aon bhreitheamh ar ord sa Seanad agus tá údarás aige mí-ord a chosc agus iallach a chur ar chách géilleadh go tapaidh dá rialú. I gCoiste is é Cathaoirleach an Choiste a choimeádfaidh ord, ach ní féidir mí-ord ná toirmeasc gnó i gCoiste a cháineadh trí Sheanadóir a chur ar fionraí [B.O. 39] ach amháin ag an Seanad tar éis tuairisc air a fháil.”

37

An Buan-Ordú a scriosadh.

38 agus 39

Aon áit a bhfuil an focal “Seanadóirí” sna Buan-Orduithe, é a scriosadh agus tagairt do Sheanadóir a fhágáil nó a chur ina ionad, agus athruithe dá réir sin a dhéanamh tríd síos.


An líne leathdheireanach de Bhuan-Ordú 38 a leasú trí “cuirfidh an Cathaoirleach” a chur in ionad “cuirfear”.

42

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“42. Féadfaidh Rúnaí Parlaiminte nach comhalta den Seanad bheith i láthair agus éisteacht a fháil le linn céimeanna éagsúla aon Bhille nó le linn na díospóireachta ar aon ní eile.”

43, 44 agus 45; 45A

Na Buan-Orduithe i dtaobh Vótálacha a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“43. (1) Nuair a bheidh aon cheist le cur chun an tSeanaid, nó chun Coiste den Seanad uile, éireoidh an Cathaoirleach, nó an Comhalta Ceannais, agus déarfaidh: ‘Is í an cheist í go ..................,’ agus ansin léifidh sé nó luafaidh sé an cheist agus iarrfaidh ar na Seanadóirí atá ar an tuairim sin ‘’ a rá agus ar na Seanadóirí atá ar a mhalairt de thuairim ‘Níl’ a rá. De réir na bhfreagraí a thabharfar ar a cheist, measfaidh sé toradh na ceiste a chur, agus fógróidh sé cad é an toradh é, dar leis.


(2) Tar éis don Chathaoirleach, nó don Chomhalta Ceannais, a fhógairt cad é an toradh a bhí, dar leis, ar aon cheist a chur, féadfaidh Seanadóir ar bith vótáil a éileamh ar an gceist sin, agus air sin déanfar vótáil, faoi réir Bhuan-Ordú 45.


44. Nuair a bheidh vótáil le déanamh, cuirfidh an Cathaoirleach, nó an Comhalta Ceannais, faoi deara an clog vótála a bhualadh; i gceann trí nóiméad buailfear an clog arís agus chomh luath ina dhiaidh sin agus a ordóidh an Cathaoirleach nó an Comhalta Ceannais amhlaidh cuirfear an glas ar dhoirse an tSeomra.


45. Nuair a bheidh an glas curtha ar na doirse agus gach aon duine imithe as na pasáistí vótála, cuirfidh an Cathaoirleach, nó an Comhalta Ceannais, an cheist arís agus fógróidh athuair an toradh a bhí, dar leis, ar an gceist a chur. Má chuirtear an t-athfhógra sin in amhras, ordóidh sé don Seanad, nó don Choiste, vótáil a dhéanamh, agus ainmneoidh beirt áiritheoir do gach taobh: Ach féadfaidh an Cathaoirleach, nó an Comhalta Ceannais, más dóigh leis nach gá vótáil, a iarraidh ar na Seanadóirí atá ag éileamh na vótála éirí ina n-áiteanna, agus mura n-éireoidh cúigear Seanadóir ar a laghad amhlaidh fógróidh sé an toradh láithreach, agus cuirfear ar Chín Lae Imeachtaí an tSeanaid ainmneacha na Seanadóirí a d’éirigh amhlaidh.


45A. Ar chríochnú an chomhairimh, síneoidh na háiritheoirí páipéar vótála agus sínfear é chuig an gCathaoirleach, nó chuig an gComhalta Ceannais, agus craolfaidh seisean na huimhreacha agus fógróidh toradh na vótála. Athosclófar na doirse ansin.”

51

An Buan-Ordú a scriosadh.

52

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“52. Féadfaidh an Seanad, ar thairiscint a dhéanamh, Roghchoiste a cheapadh chun aon Bhille nó ní a bhreithniú agus a thuairim a thuairisciú mar eolas agus cabhair don Seanad agus, i gcás Bille, chun a thuirisciú cé acu a leasaigh sé an Bille nó nár leasaigh. Sa tairiscint sin luafar go sonrach téarmaí tagartha an Choiste, míneofar na cumhachtaí a thugtar dó, socrófar an líon Seanadóirí atá le fónamh ar an gCoiste sin, luafar an líon is córam dó, agus féadfar dáta a cheapadh don Choiste chun tuairisciú don Seanad.”

54

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“54. I gcás Bille a chuirfear chun Coiste Speisialta, socróidh an tOrdú an líon Seanadóirí a bheidh le fónamh ar an gCoiste sin, luafar an líon is córam dó, agus féadfar dáta a cheapadh don Choiste chun tuairisciú don Seanad.”

58

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“58. I dtosach gach Seanaid ceapfar Coiste dá ngairfear an Coiste Roghnóireachta agus, mura mbeidh a mhalairt ordaithe, ainmneoidh an Coiste sin na Seanadóirí a bheidh le fónamh ar Roghchoistí nó ar Choistí Speisialta agus beidh cumhacht aige comhaltaí de na Coistí sin a urscaoileadh ó am go ham toisc gan iad a theacht i láthair nó ar a n-iarratas féin, agus comhaltaí eile a cheapadh in ionad na gcomhaltaí a urscaoilfear. Aon Seanadóir déag, ar a n-áirítear an Leas-Chathaoirleach, a bheidh ar an gCoiste Roghnóireachta, agus beidh an Leas-Chathaoirleach ina Chathaoirleach ar an gCoiste ex officio. Ceathrar is córam don Choiste.”

63A

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“63A. I gcás an Cléireach agus an Leas-Chléireach a bheith as láthair, féadfaidh an Cathaoirleach duine de Chomhfhoireann Thithe an Oireachtais a cheapadh chun bheith ina Chléireach Gníomhach, agus déanfaidh an Cléireach Gníomhach sin, de thuras na huaire, dualgais uile an Chléirigh a chomhlíonadh agus cumhachtaí agus feidhmeanna uile an Chléirigh a oibriú.”

68

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“68. Nuair a bheidh Bille le tionscnamh sa Seanad déanfar cóip de, arna húdarú le síniú triúr Seanadóir ar a laghad agus seisear ar a mhéad mar thairgtheoirí, a sheachadadh don Chléireach, agus cuirfear teideal an Bhille ar Riar na hOibre maraon le gearrthuairisc ar a chuspóir, a d’ullmhaigh na tairgtheoirí agus lenar ghlac an Cathaoirleach. Is é an Seanadóir a mbeidh a ainm mar chéad-sínitheoir ar an gcóip sin a mheasfar a bheith i mbun an Bhille, agus tairgfidh seisean go dtabharfar cead an Bille a thabhairt isteach. Má chuirtear i gcoinne na tairisceana sin, féadfaidh an Cathaoirleach más oiriúnach leis é, an cheist uirthi a chur tar éis dó raiteas mínitheach a cheadú ón Seanadóir a rinne an tairiscint agus ráiteas a cheadú ón Seanadóir atá ag cur i gcoinne na tairisceana. Má thugtar cead an Bille a thabhairt isteach, déanfar ordú don dara céim agus clóbhuailfear an Bille: Ach i gcás Bille Rialtais, féadfaidh Seanadóir a bheidh údaraithe chuige sin ag an Rialtas an Bille a thionscnamh agus measfar é a bheith i mbun an Bhille chun na críche sin.”

69

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“69. (1) Bille a tionscnaíodh agus a ritheadh sa Dáil agus a cuireadh go dtí an Seanad, measfar an Chéad Chéim a bheith rite aige sa Seanad agus cuirfear ar Riar na hOibre é don Dara Céim, ach, mura Bille Airgid deimhnithe é nó Bille a ndearnadh an tréimhse chun a bhreithnithe ag an Seanad a ghiorrú faoi Airteagal 24 den Bhunreacht, ní bhreithneofar é, mura n-ordóidh an Seanad a mhalairt, go ceann trí lá glan tar éis don Chléireach é a fháil ón Dáil.


(2) Déanfar Billí Airgid deimhnithe, agus Billí a ndearnadh an tréimhse chun a mbreithnithe ag an Seanad a ghiorrú faoi Airteagal 24 den Bhunreacht, a chur ar Riar na hOibre don chéad tionól ina dhiaidh sin den Seanad; ach murar socraíodh an Seanad a thionól taobh istigh d’ocht lá ón lá a fuarthas an Bille sin, déanfaidh an Cathaoirleach an Seanad a chomóradh láithreach chun teacht le chéile ar thionól taobh istigh den ocht lá sin.”

73

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“73. (1) Tar éis Bille a bheith léite an dara huair, féadfar a ordú go mbeidh sé le breithniú i gCoiste den Seanad uile lá a ainmneofar an tráth sin, nó féadfar é a chur faoi bhráid Coiste éigin eile.


(2) Féadfaidh an Seanad, ar thairiscint a dhéanamh gan fógra, an Bille a chur chun Coiste den Seanad uile maidir le cuid dá fhorálacha agus faoi bhráid Coiste Speisialta maidir le forálacha eile. Má chuirtear i gcoinne na tairisceana sin, féadfaidh an Cathaoirleach, más oiriúnach leis é, an cheist uirthi a chur tar éis dó raiteas mínitheach a cheadú ón té a rinne an tairiscint agus ráiteas ó Sheanadóir atá ag cur i gcoinne na tairisceana.”

76

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“76. (1) I gCoiste féadfar leasú go gcuirfear alt nua isteach i mBille a thairiscint nuair a ghlaofar amach ón gCathaoir uimhir an ailt a mbeidh an t-alt nua le cur isteach roimhe, agus cinnfear an cheist ar an leasú sin sula dtosófar ar bhreithniú an ailt.


(2) Nuair a bheifear réidh leis na leasuithe (más ann dóibh) ar alt, tairgfear ón gCathaoir an cheist:—‘Go bhfanfaidh alt .. (nó alt .. arna leasú) ina chuid den Bhille’.


(3) Déanfar an breithniú ar réamhrá Bille (más ann) agus ar a theideal a chur siar go dtí go mbeidh breithniú déanta ar na hailt agus ar na sceidil (más ann).”

77

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“77. Le linn dó Bille a bhreithniú féadfaidh Roghchoiste nó Coiste Speisialta dul ar athló tráth ar bith má ritear an tairiscint is gá chuige sin. Ní ghlacfar aon tairiscint den sórt sin más dóigh le Cathaoirleach an Choiste í a bheith á dhéanamh chun moill nó toirmeasc a chur ar an obair [B.O. 50].”

84

An Buan-Ordú a scriosadh.

84A Buan-Ordú Nua.

Buan-Ordú nua mar a leanas a chur isteach roimh Bhuan-Ordú 85:—


“84A. Ar an gCeathrú Céim ní cead aon alt nua ná aon leasú eile a thairiscint a bhunóidh muirear ar na rátaí nó ualaí áitiúla ar an bpobal, nó a fhorchuirfidh pionóis airgid, ach féadfar an Bille a chur faoi athchúrsa i gCoiste maidir le haon alt nó leasú den sórt sin.”

89

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“89. Le linn Bille a bheith ag dul ar aghaidh féadfaidh an Cléireach ceartuithe focal nó ceartuithe foirmiúla a dhéanamh air tráth ar bith faoi threorú an Chathaoirligh.”

91 I

An Buan-Ordú a leasú trí “ar Bhord” a scriosadh agus “faoi bhráid” a chur ina ionad.

95

An Buan-Ordú a leasú chun go léifidh mar a leanas:—


“95. (1) Nuair a bheidh Bille Airgid deimhnithe a fuarthas ón Dáil tar éis gabháil tríd an gCúigiú Céim sa Seanad, cuirfidh an Cléireach an Bille ar ais go dtí Cléireach na Dála á dheimhniú gur ghlac an Seanad leis an mBille le moltaí nó gan mholtaí agus maraon le Teachtaireacht sa chéill sin ina sonrófar na moltaí a rinne an Seanad, má rinne.


(2) Nuair a gheofar Bille nach Bille Airgid deimhnithe ón Dáil agus a rithfidh an Seanad é le leasuithe nó gan leasuithe, cuirfidh an Cléireach an Bille ar ais go dtí Cléireach na Dála, á dheimhniú gur ritheadh an Bille ag an Seanad le leasuithe nó gan leasuithe maraon le Teachtaireacht sa chéill sin ina sonrófar na leasuithe a rinne an Seanad, má rinne.


(3) Nuair a bheidh an Seanad tar éis diúltú do Bhille a fuarthas ón Dáil, cuirfidh an Cléireach an Bille ar ais go dtí Cléireach na Dála á dheimhniú gur dhiúltaigh an Seanad dó, maraon le Teachtaireacht sa chéill sin.”

96

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“96. Nuair a gheofar, i gcás Bille a fuarthas ón Dáil agus a leasaíodh sa Seanad, Teachtaireacht ón Dáil ag easaontú le gach ceann nó le haon cheann de na leasuithe a cuireadh isteach sa Bhille ag an Seanad nó ag leasú gach ceann nó aon cheann díobh, cuirfear an Teachtaireacht sin ar an gcéad Riar na hOibre a ullmhófar ina dhiaidh sin. Breithneofar gach leasú acu sin agus féadfaidh Seanadóir ar bith a thairiscint gan fógra: ‘Go seasfaidh an Seanad ar an leasú (i dteannta nó d’éagmais leasú breise), nó ‘Nach seasfaidh an Seanad ar an leasú’ nó ‘Go n-aontóidh an Seanad leis an leasú a rinne an Dáil ar an leasú ón Seanad’. Nuair a bheidh breithniú déanta ar gach leasú den sórt sin, cuirfidh an Cléireach Teachtaireacht go dtí Cléireach na Dála ag deimhniú chinneadh an tSeanaid.”

100

An Buan-Ordú a athdhréachtú chun go léifidh mar a leanas:—


“100. (1) Aon uair a tharlóidh folúntas i gcomhaltas an tSeanaid toisc comhalta den Seanad d’fháil bháis, d’éirí as, a bheith ar míthreoir nó a dhícháiliú, fógróidh an Cathaoirleach é sin don Seanad ag an gcéad tionól ina dhiaidh sin.


(2) Más i líon na gcomhaltaí a ainmníodh chun an tSeanaid a tharlóidh an folúntas, cuirfidh an Cathaoirleach fógra i scríbhinn i dtaobh an fholúntais sin go dtí an Taoiseach.


(3) Más i líon na gcomhaltaí a toghadh chun an tSeanaid a tharlóidh an folúntas, cuirfidh an Cléireach, ar thairiscint a dhéanamh tar éis fógra a thabhairt, fógra i scríbhinn i dtaobh an fholúntais sin go dtí an tAire Rialtais Áitiúil.


(4) Cuirfidh an Cléireach in iúl do Sheanadóir nuaainmnithe nó nua-thofa nach foláir dó bheith i láthair in áit a cheapfaidh sé, agus lá nó laethanta a ainmneoidh sé, chun forálacha mhír (2) de Bhuan-Ordú 1 a chomhlíonadh.


(5) Fógróidh an Cathaoirleach ainm comhalta a ainmníodh nó a toghadh chun corrfholúntas a líonadh ag an gcéad tionól ina dhiaidh sin den Seanad.”

101

An Buan-Ordú a leasú trí “ar Bhord” a scriosadh agus “faoi bhráid” a chur ina ionad.