Committee Reports::Report and Proceedings - Civil Liabilities Bill, 1960::24 May, 1961::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA.

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 24 Bealtaine, 1961.

Wednesday, 24th May, 1961.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Booth, Brioscú, Seán de Brún, Seán Ua Coisdealbha, Ó Donnagáin, Seán Ó Flannagáin, Mac Giobúin, Noel Leimeas, Pádraig Mac Loingsigh, Mac Giollagáin, Ó Domhnaill agus Wycherley.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Giollagáin):


“That Deputy Seán Flanagan be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Nuair a cuireadh in iúl don Choiste nárbh fhéidir leis an gCathaoirleach bheith i láthair,


Rinneadh tairiscint (An Teachta Brioscú):


“That pending the arrival of the Chairman, Deputy McGilligan be Chairman of the meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Mac Giollagáin i gCeannas dá réir sin.


5. Breithniú an Bhille.


Chrom an Coiste ar an mBille a bhreithniú.


Chuaigh an Teachta Seán Ó Flannagáin i gCeannas.


D’athchrom an Coiste ar bhreithniú an Bhille.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.20 p.m. go dtí 4.30 p.m. Dé Máirt seo chugainn.